Ullmhú do dhrochaimsir
Bí sábháilte. Bí ullamh.

Bí Réidh don Gheimhreadh
Cabhair á tabhairt duit le do theach agus do ghnóthas a ullmhú do dhrochaimsir
Comhairle do chustaiméirí i gcás gearradh cumhachta
Meabhrú ar na bearta sábháilteachta le déanamh i gcás gearradh cumhachta:
- Fan glan ar shreanga leictreachais tite agus ar chuaillí damáistithe, agus coinnigh leanaí agus ainmhithe siar chomh maith. Tuairiscigh a leithéid de dhamáiste do ESB Networks i ngach cás ar 1850 372 999 nó +353 21 2382410, agus éist go cúramach leis na teachtaireachtaí taifeadta.
- Cas as cócaireáin, oighinn, iarainn leictreacha, srl. má chailltear an soláthar leictreachais.
- Fág solas ar siúl ionas go mbeidh a fhios agat é a luaithe a bheidh an chumhacht ar ais.
- Bí an-chúramach go deo má tá tú chun coinnle, lampaí ola nó lasracha eile gan chosaint a úsáid.
- Tástáil aláraim dheataigh le cadhnraí nua.
- Má tá tú chun téitheoir gáis a úsáid, cinntigh go bhfuil do chuid gaothairí ag obair i gceart agus go bhfuil go leor aeir ag dul isteach agus amach as do theach.

Ar cheart a dhéanamh i gcás gearradh cumhachta
Agus drochaimsir chontúirteach ann, tá sé tábhachtach a bheith ullamh le bheith in ann gach duine a choinneáil slán sábháilte.