Seo an méid atá le déanamh agat chun bheith athnasctha:
An chéad chéim eile
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí leictreachais agus an MPRN a lua leis an athnascadh a ordú. Gheobhaidh tú coinne i dtréimhse, idir 9 r.n. agus 1 i.n. nó 1 i.n. agus 5 i.n. Cuirfidh an soláthraí an t-ordú athnasctha chuig ESB Networks chomh maith leis an tréimhse oibre atá ceaptha.
Tiocfaidh Teicneoir ó ESB Networks amach le linn na tréimhse ceaptha sin leis an athnascadh a chur i gcrích. Má thagann fadhb chun cinn, déanfaidh siad teagmháil leat an lá roimh an gcoinne. Má tharlaíonn nach gcloímid leis an dearbhú seo, íocfaimid €35 leat de réir mar atá leagtha amach inár gCairt Custaiméirí
Nuair a bheidh an t-athnascadh curtha i gcrích, gheobhaidh an soláthraí an léamh méadair ó ESB Networks lena chur in iúl dóibh tosú ar an timthriall billeála.
Féach na Ceisteanna Coitianta má bhíonn tú ag iarraidh tuilleadh sonraí faoi bheith nasctha arís.
An chéad chéim eile
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí leictreachais agus an MPRN a lua leis an athnascadh a ordú.
Beidh deimhniú sreangaithe ag teastáil don athnascadh. Ba cheart socrú a dhéanamh le go dtiocfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais chun féachaint ar an sreangú agus deimhniú sábháilteachta a thabhairt. Cuirfidh an conraitheoir leictreachais an deimhniú sreangaithe chuig Safe Electric a chuirfidh ESB Networks ar an eolas. Agus an fógra sin faighte, eiseofar an t-ordú don athnascadh.
Agus an t-ordú sin eisithe, tabharfaidh an córas atá againn an jab do Theicneoir de chuid ESB Networks a thabharfaidh cuairt ar an láithreán taobh istigh den ghnáth-thréimhse de 2 go 5 lá oibre leis an athnascadh a chur i gcrích. Má tharlaíonn nach féidir leis an Teicneoir ó ESB Networks an t-athnascadh a chur i gcrích ar chúis éigin, déanfar ár bhFoireann Sceidealaithe teagmháil leat chun coinne eile a shocrú.
Gheobhaidh tú coinne i dtréimhse, idir 9 r.n. agus 1 i.n. nó 1 i.n. agus 5 i.n. Tiocfaidh Teicneoir ó ESB Networks amach le linn na tréimhse ceaptha sin leis an athnascadh a chur i gcrích. Má thagann fadhb chun cinn, déanfaidh siad teagmháil leat an lá roimh an gcoinne. Má tharlaíonn nach gcloímid leis an dearbhú seo, íocfaimid €35 leat de réir mar atá leagtha amach inár gCairt Custaiméirí.
Nuair a bheidh an t-athnascadh curtha i gcrích, gheobhaidh an soláthraí an léamh méadair ó ESB Networks lena chur in iúl dóibh tosú ar an timthriall billeála.
Féach na Ceisteanna Coitianta má bhíonn tú ag iarraidh tuilleadh sonraí faoi bheith nasctha arís.