Más mian leat clárú mar úsáideoir ar naisc nua ar líne, caithfidh tú an fhoirm chláraithe ar líne a líonadh. An réimse atá riachtanach ar an bhfoirm seo ná an seoladh ríomhphoist atá agat. Seolfar ríomhphost chugat ansin le go mbeidh tú in ann an seoladh ríomhphoist a dhearbhú. Mar chuid den ríomhphost sin, tabharfar cód fíoraithe duit. Beidh an cód sin de dhíth ort chun an clárú a chur i gcrích agus beidh ort pasfhocal a chruthú le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar an láithreán, le hiarratas ar líne a dhéanamh nó le teacht ar na sonraí a bhaineann leis an nasc agat. Nuair a bhaineann tú úsáid as an seoladh ríomhphoist cláraithe agus pasfhocal, tá tú ag tabhairt údarás dúinn na treoracha ar fad atá tugtha dúinn ar an láithreán seo a chur i gcrích. Ní thabharfaimid cead duit logáil isteach ná an láithreán gréasáin a úsáid ach má úsáideann tú an seoladh ríomhphoist agus pasfhocal atá cláraithe. Ní foláir duit a chinntiú nach bhfuil do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal cláraithe ar eolas ag aon duine eile. Iarrtar ort gan iad a bhreacadh síos. Má chreideann tú go bhfuil seans ann go bhfuil do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal cláraithe ar eolas ag duine éigin eile, féadfaidh tú do phasfhocal a athrú láithreach sa rannóg ‘Mo Phróifíl’ ar an láithreán nó an pasfhocal a athshocrú ar an leathanach logála isteach.
Ní féidir clárú mar úsáideoir ar naisc ar líne má theastaíonn ceann de na cineálacha naisc seo a leanas uait:
Is féidir naisc ar líne a úsáid leis na nithe seo a dhéanamh:
Custaiméir tí
Custaiméir tráchtála
Forbairt
Más nasc tí nó nasc tráchtála atá ann (agus acmhainn níos lú ná 100kVA i gceist), déanfaimid ár ndícheall an t‑eolas is deireanaí a thabhairt duit i rith an ama maidir le stádas an naisc. Cuirfear an t‑eolas is úire ar fáil ar líne uair sa lá, Luan go hAoine agus beidh sé le feiceáil i rannóg an rianaithe ar an láithreán gréasáin. Seolfaimid fógraí ríomhphoist chugat fosta nuair a chuirfear eolas nua ar fáil a bhaineann le stádas na hoibre.
Seolfaimid meabhrúcháin ríomhphoist chugat nuair a bheidh ort gníomh a dhéanamh dúinn:
Leagtar amach sa doiciméad Cairt Custaiméirí ESB Networks na gealltanais ama a thugaimid le méadrú agus nascadh a chur i gcrích chun nasc cumhachta a chur ar fáil agus na coinníollacha riachtanacha comhlíonta (custaiméirí tí agus tráchtála agus MIC níos lú ná 100kVA ann). Ar choinníoll go ndearna tú iarratas agus gur íoc tú as an nasc 10 seachtaine ar a laghad sular cuireadh an tsuiteáil leictreach i gcrích, cuirfimid an nasc nua i gcrích taobh istigh de choicís i ndiaidh dúinn an Deimhniú sreangaithe leictrigh a fháil. Tá an méid sin faoi réir na gcoinníollacha i litir an mheastacháin a bheith comhlíonta (mar shampla, ceadanna slí, deimhniú sreangaithe, ducht seirbhíse faoi thalamh a bheith réidh) agus gan aon treisiú suntasach den líonra a bheith riachtanach. Nuair a ghlacfaidh tú leis na téarmaí, an tréimhse mheasta a bheidh ann ná comhaireamh anuas 60 lá oibre. Is éard a bheidh le feiceáil i gcomhaireamh síos na laethanta ná an stádas ‘ar feitheamh’ ar 10 lá oibre más rud go mbeidh ceann ar bith de na míreanna ar an seicliosta fós le réiteach. Cuirfear tús leis an gcomhaireamh arís agus na nithe sin curtha i gcrích agat.
Ní bhímid ábalta an sprioc seo a chomhlíonadh i gcásanna áirithe, mar shampla,
Déanfaimid teagmháil leat ar an bhfón nó ríomhphost am éigin sna 10 lá dheireanacha den tréimhse leis an eolas is deireanaí a thabhairt duit.
Gheobhaidh tú an meastachán nasctha leictreachais agus comhaontú an nasctha sa phost. Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas againn:
Cuir an duillín íocaíochta tríd an r‑phost chuig: fin.ops.otc1@esb.ie
Má bhíonn aon deacrachtaí agat do chuntas le haghaidh nasc nua ar líne a úsáid, is féidir leat ríomhphost a chur chugainn faoi ar customer.new.connections@esb.ie.