Toilleadh Naisc a Thuiscint
Cén toilleadh naisc ba chóir duit a iarraidh?
Cuirimid naisc ar fáil a fhreastalaíonn do roinnt mhaith leibhéil dhifriúla úsáide leictreachais. Nuair atá iarratas ar nasc nua á dhéanamh agat, caithfidh tú a shonrú cén leibhéal uaséilimh leictreachais a bheidh de dhíth ort. Luaitear an leibhéal sin, a dtugtar an MIC air (Uasacmhainn Iompórtála), i do chomhaontú nasctha. Ansin déanaimid an líonra a dhearadh le modh nasctha a chur ar fáil de réir an MIC a comhaontaíodh.
Ba cheart lód iomlán leictreachais atá á nascadh a mheas go cúramach. Ba cheart duit dul i gcomhairle leis an gconraitheoir leictreachais atá agat chun an fhaisnéis a fháil a bheith de dhíth ort chun d’fhoirm iarratais ar nasc nua a chomhlánú. Is féidir an fhaisnéis a bheidh de dhíth ort a phriontáil anseo agus a chur leis an iarratas nuair a bheidh sé sin réidh agat.
Treoir mhearthagartha
Cén toilleadh naisc ba chóir dom a iarradh? | 12kVA (Nasc caighdeánach | 16 kVA (Nasc feabhsaithe) |
---|---|---|
Uaséileamh (An meán le himeacht 10 nóiméad) | 52 aimpéar | 70 aimpéar |
An t-uasualach lasctha, gan mótair a áireamh* (Cithfholcadán leictreach, mar shampla) | 9 kVA | 12 kVa |
Teorainneacha le méid/oibriú mótar: | ||
Mótair a dhúisíonn > 4 huaire gach uair an chloig uasrátáil | 0.75 kW | 1.1 kW |
Mótair a dhúisíonn > 2 uair sa lá agus | 26 aimpéar | 40 aimpéar |
Mótair a dhúisíonn | 42 aimpéar | 63 aimpéar |
Uasmhéid taiscthéimh | 9 kW | 12 kW |
... nó chun an méid sin a rá ar bhealach níos simplí /th> | |
---|---|
12 kVA | Oiriúnach do theaghais chónaithe mheánmhéide nach mbeidh gníomhaíochtaí feirme ar bun inti, ná nach mbeidh níos mó ná 9kW de thaiscthéamh oíche le suiteáil inti. |
16 kVA | Oiriúnach do theaghais chónaithe ina bhfuil sé beartaithe an nasc a úsáid le haghaidh innealra feirme nó táthú éadrom. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar an rogha seo freisin sa chás go mbeadh idir 9kW agus 13kW de thaiscthéamh oíche nó teaschaidéil mhóra le suiteáil |
Nótaí :
- D’fhéadfadh sé go mbeadh soláthar 3 phas ag teastáil i gcás mótair atá níos mó ná 5 each-chumhacht, nó próisis a dteastaíonn uathu roinnt ualaí a bheith ag oibriú ag an am céanna.
- *Féadfar níos mó ná aon ualach lasctha amháin a shuiteáil ar chuntar go mbeidh siad cumraithe ar bhealach a chinnteoidh nach sárófar an teorainn.
- **Féadfar bogdhúisire a úsáid le teorainn a chur leis an sruth dúisithe.