Faigh léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis (scála 1:2500-1:10560) ar a léirítear láthair an lóid nua neamh-mhéadraithe. Marcáil an suíomh cruinn le peann dearg.
Beidh plean láithreáin mionsonraithe (scála 1:100-1:500) ar a léirítear suíomh an lóid neamh-mhéadraithe nua ag teastáil uait freisin.
Déan iarratas ar nasc neamh‑mhéadraithe ar líne ach logáil isteach sa tairseach chustaiméara le haghaidh naisc nua.
Tabhair faoi deara: Léiríonn Uimhir Thagartha Mhéadarphointe don Ghrúpa nó an uimhir GMPRN grúpa de naisc neamh-mhéadraithe atá ar aon chuntas amháin.
An comhaontú GMPRN
Murar chuir tú GMPRN reatha isteach faoi chéim 2 thuas, seolfaimid comhaontú nasctha GMPRN chugat tar éis dúinn d'iarratas a fháil. Ní mór é sin a shíniú agus a sheoladh ar ais sula bhféadfar leanúint ar aghaidh le d'iarratas.
Léirítear i gcomhaontú nasctha GMPRN freagrachtaí sainiúla maidir le naisc neamh-mhéadraithe de réir rialacha mhargadh an tsoláthair leictreachais neamh-mhéadraithe. Tugtar sonraí ann freisin ar an GMPRN a cruthaíodh le haghaidh na nasc ar fad don soilsiú poiblí laistigh den fhorbairt ábhartha.
Iarratais in ainm údaráis áitiúil
In iarratais in ainm na núdarás áitiúil, ní mór an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe Ghrúpa (GMPRN) reatha a lua faoina bhfuil na naisc nua le grúpáil.
Iarratais in ainm tógálaí/forbróra
Má dhéanann tógálaí/forbróir iarratas ar nasc neamh-mhéadraithe i gcomhair soilsiú poiblí ina ainm féin, tabharfar GMPRN nua dó. Éileofar air comhaontú nasctha GMPRN a chomhlánú agus a sheoladh ar ais freisin sula bhféadfar meastachán a eisiúint.
Más mian le húdarás áitiúil freagracht a ghlacadh as an soilsiú poiblí ina dhiaidh sin, ní mór don údarás teagmháil a dhéanamh lena sholáthraí leictreachais ar an gcéad dul síos agus a uimhir GMPRN a thabhairt dó. Ní mór don údarás áitiúil comhaontú nasctha GMPRN a chomhlánú ansin chun an t-aistriú a chur i gcrích.
Seolfaidh an oifig deartha áitiúil de chuid ESB Networks meastachán chugat do chostas an naisc. Gheobhaidh tú na téarmaí nasctha agus comhaontú forlíontach freisin.
Is doiciméad é an comhaontú forlíontach atá difriúil ón gcomhaontú nasctha GMPRN atá comhlánaithe agat cheana féin. Tugtar sonraí ann ar an MPRN le haghaidh gach pointe nasctha nua. Tugtar forbhreathnú sa chomhaontú forlíontach freisin ar sheoladh an phointe nasctha agus ar shonraí na lód atá le nascadh i gcás gach MPRN.
Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann íocaíocht a dhéanamh ar an mbealach is fearr a fheileann duit.
Ar líne
Fón
Post
Seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig:
ESB Networks
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Ceadúnas Uimh. FCK 724
Wilton
Corcaigh
Ní mór comhaontú forlíontach sínithe a sheoladh in éineacht leis an íocaíocht seo.
Nuair a bheidh na riachtanais thuas ar fad comhlíonta, féadfar an jab a údarú agus tosú ar an obair thógála.
Ní mór do ESB Networks sonraí ar na naisc nua (lasmuigh d’uimhreacha GMPRN atá ann cheana féin) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag gach soláthraí leictreachais air.
Áirítear i measc na sonraí sin:
GMPRN
MPRN
Seoladh
MIC
Sonraí faoin lód
Tabhair faoi deara: Má dhéantar aon athrú eile ar an seoladh nó ar na sonraí lóid tar éis glacadh le meastachán, beidh meastachán nua ag teastáil. D'fhéadfadh sé go mbeadh moill ar sholáthar an naisc dá dheasca sin. Ní mór do ESB Networks gach athrú a dhéantar ar sheoltaí agus ar na sonraí lóid a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin ainmnithe.
GMPRN nua
Tá conradh le soláthraí leictreachais de dhíth ar gach custaiméir a bhfuil nasc neamh-mhéadraithe á lorg aige. Ní mór don soláthraí an GMPRN nua a chlárú le ESB Networks sula mbeidh cead ag ESB Networks nasc a dhéanamh.
GMPRN atá ann cheana
I gcás go mbaineann an nasc nua le GMPRN atá ag custaiméir cheana féin, beidh an uimhir sin cláraithe cheana féin ag soláthraí. Dá bhrí sin, ní gá don chustaiméir an GMPRN sin a chlárú arís.
Ní mór an deimhniú um chríochnú reangaithe a chomhlánú ansin, ina luafar MPRN agus an t-ainm agus an seoladh a tugadh sa chomhaontú forlíontach.
Ba cheart don chonraitheoir leictreachais an deimhniú sin a sheoladh ar ais chuig a c(h)omhlacht rialála, agus cuirfidh an comhlacht sin in iúl do ESB Networks é nuair a bheidh an deimhniú bailíochtaithe. Léigh faoin bpróiseas deimhnithe anseo.
Tabhair faoi deara: Nuair a chuireann an comhlacht rialála in iúl do ESB Networks go bhfuil Deimhniú um Chríochnú Sreangaithe bailíochtaithe acu, glactar leis sin mar dheimhniú gur comhlánaíodh na riachtanais maidir leis an gComhéadan Custaiméara a leagtar amach sa Chód Cleachtais Náisiúnta (PDF| 3 MB).
Eisiatar na lóid seo a leanas faoi na rialacha reatha a bhaineann le margadh an tsoláthair leictreachais:
Lóid ar mó ná 2 kVA iad nó lóid shéasúracha (amhail soilsiú féiltiúil) – bíonn naisc mhéadraithe de dhíth ar na lóid sin agus cuirtear tríd an gcóras mar naisc thráchtála iad.
Lóid nua le próifílí lóid difriúla – ní féidir na lóid sin a nascadh leis an bpointe nasctha céanna, mar shampla soilsiú poiblí le próifíl ó éirí go luí na gréine, agus soilse tráchta le próifíl 24 uair an chloig. Tá Uimhir Thagartha Méadarphointe Theicniúil (TMPRN) ar leith de dhíth ar gach próifíl.