I gcás go bhfuil teach aonair le roinnt ina dhá leath le cóiríocht a chur ar fáil do dhuine muinteartha agus go bhfuil méadar neamhspleách de dhíth le haghaidh an duine mhuinteartha sin, b'fhéidir go mbeifeá incháilithe le cur isteach ar nasc árasáin muintire.
Mínítear thíos na coinníollacha a bhaineann le hárasán teaghlaigh.
Is éard atá i gceist le hárasán muintire ná aonad glanscartha atá ceangailte le teach atá ann cheana féin. Úsáidtear mar chóiríocht bhreise do dhuine muinteartha é, is duine scothaosta go hiondúil. D'fhéadfadh sé gur síneadh nuathógtha é an t-árasán muintire nó struchtúr a bhí ann cheana féin a athchóiríodh, ar nós garáiste.
Tá coinníollacha áirithe ann is gá a chomhlíonadh le bheith incháilithe do nasc árasáin muintire:
I gcás nach bhfuil aon cheann de na critéir thuas comhlíonta, féadfar déileáil leis an nasc nua mar ghnáth-theach nó mar ghnáthfhorbairt árasán 12 kVA.
Níl ESB Networks ag glacadh le hiarratais ach trínár n-ardán ar líne go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Aon chustaiméir nach féidir leis rochtain a fháil ar ár n-ardán ar líne, ba chóir dó ríomhphost a sheoladh chuig esbnetworks@esb.ie le cúnamh a fháil.
Seolfaimid meastachán i scríbhinn chugat maidir le nascadh an árasáin muintire, rud a eisítear taobh istigh de 15 lá oibre de ghnáth. Breathnaigh ar liosta na dtáillí a ghearrann ESB Networks anseo (PDF | 629 KB).
I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfí an líonra áitiúil leictreachais a uasghrádú le hárasán muintire a nascadh. Más amhlaidh an scéal, beidh ort ranníocaíocht chaipitil a dhéanamh i dtaca leis an obair sin. Tabharfar mionsonraí ar an ranníocaíocht sin sa mheastachán.
Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann an íocaíocht a dhéanamh ar do rogha bealach.
Mura mbeidh aon obair shuntasach bhreise de dhíth, is iondúil go gcríochnóimid an obair ar do nasc taobh istigh de 12 sheachtain tar éis an íocaíocht a fháil.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór do na nithe seo a leanas a bheith déanta:
Tabhair do d'aire: Ní mór go mbeidh an méid thuas faighte dhá sheachtain sula mbeidh nasc do d'árasáin mhuintire de dhíth ort.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin bPróiseas Deimhnithe
Tar éis na riachtanais ar fad thuas a bheith comhlíonta, beimid in ann do nasc nua a chur i gcrích. Is é do chonraitheoir leictreachais féin a bheidh freagrach as an gcumhacht a chur ar siúl i d'árasán muintire nua.
Ba chóir duit do MPRN (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) a chlárú le do rogha soláthraí leictreachais ar an gcéad dul síos. Tá liosta de na soláthróirí le fáil ar www.cru.ie