Sláinte agus sábháilteachta maidir le méadair chliste

Sábháilteacht a chinntiú
Lena chinntiú go cosnaítear an pobal in aghaidh réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta, bídís ó mhéadair chliste nó ó aon fhoinse eile, tá teorainneacha nochta i bhfeidhm. Comhlachtaí eolaíochta údarásacha atá go hiomlán neamhspleách a leagann síos iad sin agus cuirtear i bhfeidhm go hidirnáisiúnta iad. Cinntíonn ESB Networks go gcomhlíonann gach méadar cliste na teorainneacha neamhspleácha sábháilte nochta sin. Déanta na fírinne, toisc go mbíonn na hastuithe ó mhéadair chliste chomh híseal sin, bíonn siad i bhfad faoin bhun na dteorainneacha i gcónaí.
Tuilleadh eolais
Teicneolaíocht
Tomhaiseann méadair chliste do thomhaltas ar an mbealach céanna le haon mhéadar digiteach nua-aimseartha eile. Úsáideann siad tarchuradóireacht radaimhinicíochta chun an fhaisnéis sin a chur chuig ESB Networks. Is ionann an teicneolaíocht a úsáidtear agus an teicneolaíocht a bhíonn i gceist le fón póca (2G nó, uaireanta, ceann de na cainéil banda chaoil 4g atá ar fáil le haghaidh ‘Idirlíon na nEarraí’). D’fhéadfá a rá go seoltar an fhaisnéis i gcineál teachtaireachta téacs.
Tuilleadh eolais
Nochtadh
Gineann méadair chliste RLManna minicíochta príomhlíne níos ísle ná méadair thraidisiúnta. Ó thaobh RMLanna radaimhinicíochta de, bíonn an nochtadh an-íseal ar roinnt cúiseanna. Tá cumhacht an tarchuir íseal. Ní bhíonn i gceist ach ráigeanna gearra agus sonraí á dtarchur ag an méadar. Is gnách nach mbíonn tú go díreach in aice leis an méadar nuair a dhéanann sé tarchur cibé.
Tuilleadh eolais
Fianaise eolaíoch
Bhíodh roinnt imní ann faoi na héifeachtaí féideartha sláinte maidir le réimsí radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí, de ghnáth faoi fhón póca a úsáid go díreach taobh leis an inchinn, áit a mbíonn an nochtadh cuíosach maith níos airde. Tá cuid mhór staidéir eolaíochta déanta agus, ar an iomlán, ní thugann an fhianaise le fios go bhfuil aon tionchair shláinte ann. Tuairiscíodh tionchar i roinnt staidéar aonair, ach is ina choinne sin atá an fhianaise ina hiomláine.
Tuilleadh eolais