Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Beartas léite méadar 

ESB Networks agus léamh méadar

Tá ESB Networks freagrach as na méadair leictreachais ar fad i ngach teach agus gnó in Éirinn. Léimid gach cineál méadair, amhail méadair mheicniúla, leictreonacha agus íoc-mar-a-úsáidtear.

Ceisteanna coitianta  

Cén tábhacht a bhaineann le léamha méadair?
Fágann léamha rialta méadair go mbíonn tú in ann súil a choinneáil ar an bhfuinneamh a úsáideann tú.
Cá mhinice a léitear méadair?
Tiocfaidh léitheoir méadair amach chugat suas le ceithre uair sa bhliain leis an méadar a léamh. Déantar meastachán beartaithe dhá uair sa bhliain.
Cén uair ba chóir dom léamh a ghlacadh?

Mura mbíonn tú sa bhaile nuair a thiocfaidh an Léitheoir Méadair, fágfar cárta le hiarraidh ort léamh méadair a chur isteach.

Más rud é go bhfuil tú ag bogadh isteach i bhfoirgneamh, nó amach as, beidh ort léamh méadair a chur isteach ag an am sin le go mbeidh do sholáthraí leictreachais in ann an bille deiridh a eisiúint.

Cad a tharlódh dá gcaillfinn an eochair do chaibinéad an mhéadair?
Dá gcaillfeá an eochair do chaibinéad an mhéadair amuigh, bheimis sásta ceann eile a chur chugat. Cuir glao ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555.
Technician showing his company card at the frontstep of a customer

Léamh méadair de réir na ceathrún uaire  

I gcás tomhaltóirí móra tráchtála agus tionsclaíocha, úsáidtear an Méadrú de réir na Ceathrún Uaire (QH). Déanann na méadair seo taifead ar an ídiú leictreachais do gach tréimhse 15 nóiméad i gcaitheamh an lae.

Níl an t-eolas sin ar fáil ar thaispeáint an mhéadair. Ina áit sin, taispeánann an méadar iomlán carnach an ídithe lae agus oíche. Léimid na méadair QH ar fad trí chian-nasc. Tar éis dúinn na sonraí a bhailíochtú, tugaimid na léamha ar aghaidh do do sholáthraí.

Mura n-éiríonn linn do mhéadar a léamh, tabharfaidh duine dár dteicneoirí cuairt ar do áitreabh leis an bhfadhb a réiteach. Féadfaidh sé na léamha a bhailiú de láimh freisin, más gá.

Úsáid mheasta agus gearradh cumhachta ann  

Mar chuid dár ról mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, tá ESB Networks ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) le seirbhísí méadair agus sonraí a chur ar fáil don mhargadh leictreachais in Éirinn. Cuirimid léamha méadair iarbhír agus measta ar fáil do sholáthraithe leictreachais, a úsáideann na léamha sin le húsáid leictreachais a ríomh agus lena gcustaiméirí a shonrascadh i gcomhréir leis an gconradh agus leis an taraif atá aontaithe idir an soláthraí agus an custaiméir.

Tá ESB Networks ar an eolas ar fhabht a tharlaíonn ó am go ham do líon beag custaiméirí méadair chliste áirithe a ndéantar a sonraí a phróiseáil in aghaidh na leathuaire faoi láthair. Tar éis gearradh cumhachta a mhair roinnt laethanta, fuair na custaiméirí sin bille a bhí bunaithe ar a n-úsáid mheasta i rith na tréimhse nach raibh aon soláthar cumhachta ann. Ní gá don chustaiméir aon ghníomh a dhéanamh fad a leanaimid leis an bhfabht a fhiosrú. Tá na custaiméirí a bhí thíos leis an bhfabht á aithint againn agus táimid ag obair i gcomhar le soláthraithe leictreachais agus leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) lena chinntiú go ndéanfar aon choigeartuithe atá dlite do na custaiméirí sin de réir próisis thionsclaíocha a chur i bhfeidhm.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí