Má tá obair thógála á déanamh i d’áitreabh, b’fhéidir go mbeadh ort iarraidh orainn do mhéadar a bhogadh go háit nua. Is féidir linn é sin a dhéanamh agus beidh costas i gceist. Caithfear íoc as an obair roimh ré. Má theastaíonn uait do sheirbhís lastuas nó do sheirbhís faoi thalamh a athrú, ní mór duit an méid sin a insint dúinn nuair a iarrann tú bogadh do mhéadair. Má tá tú chun do sheirbhís a athrú, féach Athraigh líne nó trealamh.
Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann an íocaíocht a dhéanamh ar do rogha bealach. Agus tú ag déanamh íocaíochta, bíodh an meastachán agat don uimhir thagartha.
Déanfaidh do leictreoir na hathruithe is gá ar an sreangú inmheánach suas go dtí suíomh nua an mhéadair. Seolfaidh sé nó sí an deimhniú sreangaithe leictrigh chuig an gcomhlacht rialála ansin. Seolfar ar aghaidh chugainne é dá éis sin. A luaithe a bheidh an deimhniú bailí maidir leis an sreangú faighte againn, féadfar tús a chur leis an obair.
I gcás gnáth-athruithe seirbhíse, cuirtear an obair i gcrích taobh istigh de a 5 nó a 6 de sheachtainí, agus an íocaíocht agus an deimhniú sreangaithe leictrigh faighte againn. Gach seans go dtógfadh athrú neamhghnách níos mó ama. Is féidir na tréimhsí ama i gcomhair obair neamhghnách a phlé lenár bhfoireann deartha.
Le faisnéis theicniúil a fháil maidir leis na riachtanais a chaithfidh an suíomh nua le haghaidh do mhéadair a chomhlíonadh, féach ar an doiciméad Do Chaibinéad Méadair (PDF | 1 MB) nó cuir glao ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.