Measúnú Voltais

Fadhbanna voltais
Má tá fadhbanna voltais agat ag d’áitreabh, tá ESB Networks ann chun cabhrú leat. Má thugann tú faoi deara aon rud neamhghnách i do sholáthar leictreachais, amhail soilse luaineacha nó fearais amhail an citeal atá mall ag fiuchadh, d’fhéadfadh baint a bheith aige seo le hiomlaoid voltais i do sholáthar leictreachais. D’fhéadfadh fadhbanna teacht chun cinn freisin má tá tú ag úsáid níos mó leictreachais ná an méid a bhfuil do nasc soláthair in ann déileáil leis.
Measúnú voltais
Cuireann ESB Networks seirbhís saor in aisce ar fáil chun cúnamh a thabhairt do chustaiméirí a bhfuil fadhbanna voltais acu. Is féidir logáil isteach i do chuntas ar líne ESB Networks chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú voltais ag d’áitreabh. Tógfaidh sé 5-10 nóiméad ort an próiseas iarratais seo a chur i gcrích.
Céimeanna is féidir a ghlacadh chun dul i ngleic le fadhbanna voltais
- Logáil isteach i do chuntas ar líne ESB Networks: Faigh rochtain ar do chuntas chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú voltais. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú anseo.
- Chomh luath agus a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas, beidh ort an cuntas a nascadh le do MPRN agus nascleanúint a dhéanamh uaidh sin go dtí an leathanach ‘Iarratais seirbhíse” agus ansin an rogha “Measúnú voltais”.
- Líon isteach an fhoirm iarratais chun na mionsonraí riachtanacha maidir le do chuid fadhbanna voltais a thabhairt.
- Tar éis duit an t-iarratas a chur isteach, beidh an fhoireann i dteagmháil leat laistigh de 10 lá oibre chun an fhadhb a mheasúnú. Seans go mbeadh orainn taifeadán voltais a shuiteáil san áit a bhfuil do mhéadar suite. Is teicneoir de chuid ESB Networks a dhéanfaidh an obair shuiteála seo.
- Déanfaidh an léitheoir voltais monatóireacht ar an soláthar leictreachais d’fhonn aon fhadhbanna a aithint. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an fhoireann anailís ar na sonraí a fhaightear lena fháil amach an bhfuil fadhb voltais ann.
- Bunaithe ar na torthaí sin, oibreoidh ESB Networks i gcomhar leat chun an fhadhb a réiteach d’fhonn soláthar leictreachais sochair agus iontaofa a chinntiú.
- Mura n-aimsítear aon fhadhb voltais, gheobhaidh tú litir a dheimhneoidh leat go bhfuil an voltas laistigh den raon inghlactha. Soláthraíonn ESB Networks leictreachas i raon voltais idir 207 volta agus 253 volta. Tá sé sin de réir Chaighdeán Eorpach EN50160.

Logáil isteach i do chuntas ar líne ESB Networks.