An bhfuil sé i gceist agat crainn nó fálta a bhearradh ar do chuid talún? Bíodh a fhios agat gur ábhar guaise don tsábháilteacht aon fhásra atá ag fás gar do shreanga leictreachais nó trealamh de chuid ESB Networks. Tá sé de chumas sa leictreachas gníomhú trasna bearnaí agus ní gá go ndéanfá teagmháil dhíreach le sreang bheo, ná le trealamh leictreach, le bheith i ngarbhaol bháis nó fiú go marófaí thú. Má tá an fásra atá le bearradh faoi fhad 6 mhéadar nó níos lú ó shreanga leictreachais nó ó threalamh leictreach, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar mheasúnú bearrtha crann saor an aisce trí do Chuntas ar Líne ESB Networks.
Má tá na crainn atá le bearradh faoi fhad 6 mhéadar nó níos lú ó shreanga leictreachais nó ó threalamh leictreach, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar mheasúnú bearrtha crann saor in aisce trí do Chuntas ar Líne ESB Networks. A luaithe agus atá an t-iarratas curtha isteach agat, déanfaimid socrú leat chun go dtiocfaidh criú bearrtha crann chun measúnú a dhéanamh ar an láthair laistigh de 4-6 seachtaine. Cinnfidh an measúnú sin cé acu an mbeidh na crainn le bearradh agatsa, an custaiméir, nó ag ESB Networks.
Tabhair do d’aire go bhféadfadh moill a bheith ann i rith mhíonna an gheimhridh de dheasca drochaimsire.
Déan iarratas inniuGo minic, ní thuigeann daoine an difríocht atá ann idir línte leictreachais agus línte teileafóin. Is féidir línte leictreachais a aithint mar seo a leanas:
Ba chóir do do chonraitheoir bearrtha crann an chomhairle sábháilteachta seo a leanas a chur san áireamh ina mheasúnú riosca sábháilteachta sula gcuirtear tús leis na hoibreacha.
Ba chóir aon chás dainséarach, amhail crann atá ag brú in aghaidh sreanga leictreachais, nó craobhacha briste nó damáiste atá ar crochadh os cionn línte leictreachais, a chur in iúl do ESB Networks láithreach bonn ar 1800 372 999 or 021 2382410.. Níor chóir i gcás ar bith go ndéanfadh tú féin nó tríú páirtí ag gníomhú ar do shon iarracht an ghuais a réiteach.
Níor cheart duit iarracht a dhéanamh i gcás ar bith iad a ghearradh siar tú féin. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Níor cheart duit féin iarracht a dhéanamh in imthosca ar bith iad a ghearradh siar. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
De ghnáth, déanaimid na craobhacha a bhearradh siar chuig achar sábháilte. Mar sin féin, má bhíonn bail éagobhsaí ar na crainn agus má bhíonn contúirt ann go bhféadfaidís titim ar an líne leictreachais, gearrfaimid anuas go hiomlán iad.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Ní bheidh. Ní ghearrfar aon táille ort as gearradh riachtanach crann.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Más mian leat an t-adhmad a choinneáil, déanfaidh ár gconraitheoirí gearrtha crann na craobhacha a ghearradh duit agus a chur in áit stórála chuí. Má shocraíonn tú gan é sin a dhéanamh, gheobhaidh na conraitheoirí féin réidh leis an adhmad.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Is féidir, ach ar do chostas féin a bheidh sé. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh linn roimh ré ar aon nós. Tá seans ann go mbeidh orainn na línte a dhínascadh go sealadach le go mbeifear in ann an obair a dhéanamh.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Déanfar é seo a phlé lenár dTeicneoir Gréasáin le linn an mheasúnaithe ar an láthair.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Le seirbhís gearrtha crann a iarraidh, déan teagmháil linn ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555. Déanfaidh ár bhfoireann socrú le go dtabharfaidh criú gearrtha crann cuairt ort le breathnú ar an áit. Má dhearbhaíonn siadsan gur gá na crainn a ghearradh, beidh sé mar aidhm againn an obair a chur i gcrích taobh istigh de 3 nó 4 seachtaine. Mar sin féin, má chinneann siad nach gá iad a ghearradh láithreach ar mhaithe le sábháilteacht an phobail ná an líonra, cuirfear gearradh na gcrann sin san áireamh inár gcláir sceidealta gearrtha crann.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.