It appears JavaScript is disabled. In order for this website to function correctly you need to enable JavaScript in your browser.
Déanfaidh ár bhfoireann socrú le go dtabharfaidh criú gearrtha crann cuairt ort le breathnú ar an áit. Má dhearbhaíonn siadsan gur gá na crainn a ghearradh, beidh sé mar aidhm againn an obair a chur i gcrích taobh istigh de 3 nó 4 seachtaine. Mar sin féin, má chinneann siad nach gá iad a ghearradh láithreach ar mhaithe le sábháilteacht an phobail ná an líonra, cuirfear gearradh na gcrann sin san áireamh inár gcláir sceidealta gearrtha crann.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.
Déanfar é seo a phlé lenár dTeicneoir Gréasáin le linn an mheasúnaithe ar an láthair.
Is féidir, ach ar do chostas féin a bheidh sé. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh linn roimh ré ar aon nós. Tá seans ann go mbeidh orainn na línte a dhínascadh go sealadach le go mbeifear in ann an obair a dhéanamh.
Déan teagmháil linn
Más mian leat an t-adhmad a choinneáil, déanfaidh ár gconraitheoirí gearrtha crann na craobhacha a ghearradh duit agus a chur in áit stórála chuí. Má shocraíonn tú gan é sin a dhéanamh, gheobhaidh na conraitheoirí féin réidh leis an adhmad.
Ní bheidh. Ní ghearrfar aon táille ort as gearradh riachtanach crann.
De ghnáth, déanaimid na craobhacha a bhearradh siar chuig achar sábháilte. Mar sin féin, má bhíonn bail éagobhsaí ar na crainn agus má bhíonn contúirt ann go bhféadfaidís titim ar an líne leictreachais, gearrfaimid anuas go hiomlán iad.
Níor cheart duit féin iarracht a dhéanamh in imthosca ar bith iad a ghearradh siar. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.
Níor cheart duit iarracht a dhéanamh i gcás ar bith iad a ghearradh siar tú féin. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.