Is éard atá sa Tuarascáil faoi Spás Cloiginn Líonra (NSHR) ná dhá leabhar oibre acmhainneachta maidir le héileamh agus maidir le giniúint ar an gcóras dáileacháin.
Íoslódáil Tuarascáil ar Acmhainneacht Éilimh maidir le Spás Cloiginn 2024
Foilseofar Leabhar Oibre maidir le hAcmhainneacht Giniúna i Ráithe 1, 2025
Tabhair do d’aire: Ba cheart d’úsáideoirí cóip de na leabhair oibre a íoslódáil chuig tiomántán áitiúil chun na leabhair oibre a úsáid go héifeachtach.
Tugann na leabhair oibre léiriú ar an acmhainneacht chlaochladáin atá ar fáil ag fostáisiúin. Ní thugann siad ráthaíocht go bhfuil an acmhainneacht chéanna ar fáil sna líonraí réamhtheachtacha amhail na fothairí líonra 38 kV nó bulcphointí soláthair an chórais tarchurtha. Ní féidir brath orthu astu féin chun inmharthanacht nasc le háitreabh a mheas. Cé go n-úsáidimid iarrachtaí réasúnacha chun a chinntiú go bhfuil na leabhair oibre acmhainneachta agus an fhaisnéis ghaolmhar cruinn, ní thugaimid barántas ina leith, agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht ná dliteanas as cruinneas nó iomláine an ábhair ná as aon iarmhairt nó caillteanas a d’fhéadfadh teacht as bheith ag brath ar na leabhair oibre acmhainneachta nó ar fhaisnéis ghaolmhar. Déanfar na figiúirí maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Baineann téarmaí agus coinníollacha an tséanta dhlíthiúil maidir lenár suíomh gréasáin a úsáid leis na leabhair oibre acmhainneachta agus leis an bhfaisnéis ghaolmhar.
Spreagtar custaiméirí chun dul i dteagmháil go luath le ESB Networks má tá forbairt nua á pleanáil acu a mbeidh nasc leis an líonra leictreachais ag teastáil ina leith.
Chun acmhainneacht a chinntiú le haghaidh nasc nua, moltar do chustaiméirí an próiseas iarratais ar nasc nua atá ar fáil ar shuíomh gréasáin ESB Networks www.esbnetworks.ie a leanúint. Cineálacha nasc nua
Ní mór do phleanálaithe líonra ESB Networks staidéar líonra mionsonraithe a dhéanamh maidir le gach iarratas sula n-eiseofar nasc.
Má tá aon aiseolas nó tuairimí agat faoi na leabhair oibre acmhainneachta maidir le spás cloiginn, déan teagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas development.plans@esbnetworks.ie