Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Woman charging ecar

Cad is solúbthacht ann? 

  • Is éard is solúbthacht nó éileamh solúbtha ann an rogha ag daoine úsáid an leictreachais a leasú nó a athrú mar fhreagra ar athruithe ar sholáthar nó ar éileamh. Tugann sé deis do chustaiméirí smacht níos fearr a bheith acu ar an am a úsáideann nó a stórálann siad leictreachas, ag brath ar ghiniúint in‑athnuaite áitiúil agus ar choinníollacha an líonra leictreachais.   
  • Má dhéantar an t‑éileamh ar fhuinneamh a aistriú go hamanna a mbíonn go leor fuinneamh in‑athnuaite á ghiniúint go háitiúil, is fearr a bheimid in ann ár gcostais náisiúnta fuinnimh agus ár lorg carbóin a laghdú.  
  • Tugann táirgí don éileamh solúbtha deis do ghnólachtaí agus custaiméirí tí smacht a fháil ar a n‑úsáid leictreachais, leas a bhaint as costais níos lú agus a lorg carbóin a laghdú.   
  • Tugann ár dtáirgí agus seirbhísí solúbthachta na dreasachtaí agus an fhaisnéis iomchuí do chustaiméirí chun é seo a dhéanamh go héifeachtach.  

Samplaí den éileamh solúbtha i ngníomh 

  • I gcás custaiméirí tí– is féidir leo a n‑ídiú fuinnimh a athrú go hamanna nuair a bheidh barrachas den fhuinneamh in‑athnuaite ar fáil ar an líonra.  
  • Tá éileamh solúbtha ríthábhachtach chun ár lorg carbóin a laghdú. Cuidiú atá ann fosta i gcás uaireanta nuair a thagann ardú tapa san éileamh ar leictreachas agus muid ag dul i dtreo an leictrithe teasa agus iompair. Tugtar deis do gach duine an luach is fearr a fháil as giniúint in‑athnuaite i ngach cuid den chóras leictreachais in Éirinn go gasta, éifeachtach, slán. 
  • Ag ESB Networks, tá freagracht orainn na coinníollacha a chruthú inar féidir le solúbthacht fás agus dul chun cinn a dhéanamh.  
Cláraigh le duaiseanna a fháil

Éileamh solúbtha – Táirgí agus seirbhísí 

  • Braitheann éileamh solúbtha ar na roghanna a dhéanaimid go léir inár dtithe, inár bhfeirmeacha agus inár ngnólachtaí, maidir le conas a úsáidimid an leictreachas, cathain agus cé mhéad de. Tá ESB Networks ag forbairt táirgí agus seirbhísí um éileamh solúbtha chun na dreasachtaí agus an fhaisnéis iomchuí a chur ar fáil do chustaiméirí agus do phobail chun cabhrú le Plean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide a sheachadadh.  
  • Leanfaidh custaiméirí agus páirtithe leasmhara ar fud an tionscail fuinnimh agus níos faide i gcéin ar aghaidh ag cabhrú linn múnlú a dhéanamh ar conas a bhainfidh Éire éileamh solúbtha leictreachais 15–20% amach faoi 2025 agus 20–30% faoi 2030.   
  • Leanfaidh táirgí um éileamh solúbtha ar aghaidh ag cur deiseanna nua ar fáil do gach custaiméir leictreachais leas a bhaint as ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide. 


Elderly couple in their kitchen on mobile device
Woman climbing hill with wind turbine and island in the background
Image of video campaign of the connectors
A map of Ireland with some areas enlightened
Woman on the phone looking at her laptop screen
Happy business team in a meeting

Spriocanna náisiúnta um éileamh solúbthachta 

  • Tar éis an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 a fhoilsiú i mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh ESB Networks a Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ i mí Eanáir 2023' ina léirítear dúthracht soiléir i leith bheartais agus uaillmhianta na hÉireann um ghníomhú ar son na haeráide. Le práinn atá ag méadú, táimid ag obair i dtreo sprioc an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide maidir le héileamh solúbtha 15‑20% a bhaint amach faoi 2025, ag cur leis an sprioc 20‑30% faoi 2030 a bhí ann cheana féin. 
  • Creideann ESB Networks go mbeidh éileamh solúbtha lárnach do chumas na hÉireann astuithe carbóin a laghdú, toisc go ndéanfar fás ar an éileamh ísealcharbóin a chumasú mar gheall ar éileamh nua nó athrú ar fhuinneamh a chur i gcomhréir le giniúint fuinnimh in‑athnuaite. 

Ceisteanna coitianta 

Cad atá i gceist le Clár ESB Networks ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’?
  • Sheol ESB Networks an clár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla in 2020 chun forbairt a dhéanamh ar na córais agus na hacmhainní a theastódh san aistriú in Éirinn go saol saor ó charbón. An sprioc atá ann ná an úsáid a bhaintear as fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú go 80% den úsáid iomlán in Éirinn. Thairis sin, féachfar leis an éileamh ar leictreachas sna buaicthréimhsí a laghdú agus leis an mbainistiú ar éileamh a fheabhsú i gcomhréir le Plean na hÉireann don Ghníomhú ar son na hAeráide. 

  • Clár fíorthábhachtach atá anseo má táthar chun leas a bhaint as úsáid fuinnimh in‑athnuaite chun spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach. Táthar ag dul i ngleic ar an gclár leis an bhfás ar an éileamh toisc go bhfuil réimsí teasa agus iompair á leictriú agus, san am céanna, táthar ag féachaint lena dheimhniú go mbeidh soláthar leictreachais slán sábháilte ann. 

  • Tionscadal ilbhliantúil atá sa chlár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ a athróidh ó bhonn an chaoi a ndéantar bainistiú ar leictreachas in Éirinn. Sna deich mbliana amach romhainn, glacfaidh custaiméirí—idir ghineadóirí fuinnimh in‑athnuaite agus úsáideoirí móra, árais chónaithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí—le teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua, rud a athróidh an chaoi a ndéanann siad leictreachas a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid. Agus béim ar leictreachas in‑athnuaite á ghiniúint go háitiúil, déanfaidh an clár a chinntiú go mbeifear in ann an chumhacht a thuar, a mhonatóiriú agus a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil. 

  • Tá fás ag teacht de réir a chéile ar an ról atá ag custaiméirí agus ag pobail lena n‑úsáid leictreachais a bhainistiú. Chuige sin, tá córas dáileacháin slán sábháilte á fhorbairt againn ina gcuirfear riachtanais nua áitiúla agus réigiúnacha san áireamh chun tionchar dearfach a imirt sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. 

Cén chaoi a dtacóidh an clár seo le hÉirinn a spriocanna aeráide a bhaint amach faoi 2030?

Tá an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide dírithe ar an gcaoi a mbaineann daoine aonair agus pobail úsáid as fuinneamh, fuinneamh in‑athnuaite go háirithe, seachas ar ghiniúint ar an mórscála amháin. Táimid tar éis gníomhaíochtaí sonracha a ghlacadh ar fud earnálacha den tsochaí, lena n‑áirítear:


Teas:

  • Úsáid caidéil teasa agus téamh in‑athnuaite eile a chur chun cinn.
  • Fáil réidh de réir a chéile le córais teasa breosla iontaise, amhail ola agus gás.

Iompar:

  • Tionscnaimh chun tacú leis an aistriú chuig feithiclí leictreacha.
  • Infheistíocht i leictriú na n‑iarnród.

Giniúint cumhachta:

  • Tacú leis an micrighiniúint in Éirinn.
  • Ár spleáchas ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú go 80%.
  • Teicneolaíochtaí nua fuinnimh in‑athnuaite a éascú agus tacú leo ar an gcósta agus amach ón gcósta.
  • Fáil réidh de réir a chéile leis an nginiúint leictreachais le gual agus móin.

Custaiméirí a chumhachtú:

  • Pobail a spreagadh chun fuinneamh in‑athnuaite a úsáid go háitiúil, idir thithe, chlubanna spóirt, ionaid phobail agus eaglaisí
  • Seirbhísí nua á dtabhairt isteach chun tacú le gníomhaíochtaí pobal fuinnimh in‑athnuaite agus pobal fuinnimh saoránach. Táimid ag cur “infheictheacht” ar fáil do chustaiméirí ar a bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite áitiúla, ar dhéine carbóin, agus ar an tionchar a bhíonn ag an gcaoi a ndéanann siad a n‑éileamh ar leictreachas a bhainistiú.

Tacóidh na hathruithe seo le leictriú méadaithe táirgí agus seirbhísí do thithe, feirmeacha agus gnólachtaí ar fud na hÉireann.

Conas atá an Clár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ ag bainistiú shlándáil an tsoláthair?
  • Tá tionscnaimh um éileamh solúbtha tugtha isteach againn chun giniúint in‑athnuaite a mhéadú agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá ESB Networks ag obair chun córas dáileacháin atá cliste agus inbhuanaithe a chur ar fáil, a chumasóidh pleanáil, oibríochtaí agus solúbthacht níos cliste mar aon le hacmhainn líonra a sholáthar chun a chinntiú go mbeidh líonra slán, iontaofa agus athléimneach ann do chách. 
An dtacaíonn an Clár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ le solúbthacht?

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do Chustaiméirí.