Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

2024 FOI disclosure logs

FOI00802

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 01 DFómh 2024
Dáta an chinnidh 09 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá na nithe seo a leanas á lorg agam:
1.  Cóip de bheartas féiniúlachta agus léirithe inscne (nó trasinscne) ESB (“an Beartas”).

2.  Gach taifead scríofa, lena n-áirítear meamraim, pacaí agus cur i láthair an bhoird*, ríomhphoist, iontrálacha dialainne, comhfhreagras scríofa, nótaí glaonna gutháin agus cruinnithe, cláir oibre, agus tuarascálacha maidir le hathbhreithniú, plé, cur i gcoinne agus faomhadh deiridh ESB ar an mBeartas. 
*Nó an Choiste Stiúrtha, más amhlaidh gurbh é Coiste Stiúrtha agus ní an Bord a thug faomhadh deiridh don Bheartas.

3.  Gach taifead scríofa lena n-áirítear meamraim, ríomhphoist, iontrálacha dialainne, comhfhreagras scríofa, nótaí ar ghlaonna gutháin agus cruinnithe, cláir oibre, agus tuarascálacha maidir le cruinnithe nó glaonna le haon ghrúpaí seachtracha maidir le hathbhreithniú, plé, cur i gcoinne agus faomhadh deiridh ESB ar an mBeartas.

4.  Liosta de na heagraíochtaí a ndeachaigh ESB i gcomhairle leo, maidir le dréachtú agus faomhadh an Bheartais, lena n-áirítear soiléiriú ar na heagraíochtaí a fuair cúiteamh airgid (nó eile) as a gcomhairle, a gcuid ama, etc.

5.  Líon na ríomhphost, na litreacha nó na nglaonna a fuarthas ó fhostaithe ESB a léirigh imní nó a rinne gearán faoin mBeartas agus liosta de na príomhcheisteanna imní. 

FOI00806

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 18 DFómh 2024
Dáta an chinnidh 06 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Na taifid go léir a bhaineann leis an mbriseadh cumhachta i bPlás Grosvenor agus ar Bhóthar Éafra, Baile Átha Cliath 6 ó thart ar 5.30pm Dé Céadaoin an 16 Deireadh Fómhair go dtí thart ar 1am Déardaoin an 17 Deireadh Fómhair. 

Na taifid go léir a bhaineann leis an mbriseadh cumhachta ar Bhóthar Ráth Maonais Íochtarach agus ar Bhóthar Laighean, Baile Átha Cliath 6 tráthnóna Dé Domhnaigh an 13 Deireadh Fómhair.

FOI00804

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 07 DFómh 2024
Dáta an chinnidh 27 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Ceisteanna nach mór freagraí a fháil ina leith:
C1) An bhfuil méadair chliste éigeantach?

C2) An féidir nasc nua a dhiúltú dom ar an gcoinníoll nach dteastaíonn uaim go suiteálfar méadar cliste?

C3) Nuair a bheidh nasc nua á shuiteáil, an gcaithfidh mé méadar cliste a fháil leis an nasc nua, nó an bhfuil an rogha agam iarraidh go suiteálfar méadar neamh-chliste?

C4) Má roghnaím gan méadar cliste a fháil, an bhfuil an rogha agam méadar atá ceadaithe de réir *MID a cheannach agus iarraidh go suiteálfar sin in ionad méadar cliste?
* MID - Is cineál ionstraime tomhais é Méadar atá ceadaithe de réir na Treorach maidir le hIonstraimí Tomhais a chomhlíonann ceanglais na Treorach maidir le hIonstraimí Tomhais 2004/22/CE. Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an MID atá dírithe ar na ceanglais maidir le hionstraimí tomhais a chomhchuibhiú, a gcruinneas a áirithiú, agus saorthrádáil ar fud an AE a éascú.

FOI00817

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 07 Samh 2024
Dáta an chinnidh 22 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas
1.  Cé mhéad méadar cliste baile a suiteáladh ó cuireadh tús leis an gClár Náisiúnta um Méadrú Cliste (CNMC)?

2.  Cé mhéad méadar cliste baile a cuireadh i ngníomh ó cuireadh tús leis an CNMC?

3.  Cé mhéad custaiméir baile faoi leith a roghnaigh taraif chliste?

4.  Cé mhéad méadar cliste baile a cuireadh i ngníomh le haghaidh seirbhísí cliste ó cuireadh tús leis an CNMC?

5.  Cé mhéad méadar cliste tráchtála a cuireadh i ngníomh do sheirbhísí cliste ó cuireadh tús leis an CNMC?

6.  Cé mhéad custaiméir a chláraigh a MPRN baile le Tairseach ESB Networks ó cuireadh tús leis an CNMC?

7.  Cé mhéad custaiméir atá tar éis a sonraí cliste a íoslódáil trí Thairseach ESB Networks?

8.  Cé mhéad custaiméir a d’íoslódáil go sonrach a gcomhad HDF “léamh 30 nóiméad in kW” trí Thairseach ESB Networks?

9.  Cé leis ar féidir liom dul i dteagmháil le tuilleadh plé a dhéanamh ar an CNMC agus le bheith mar “Thríú páirtí eile a thairgeann seirbhísí a bhaineann le fuinneamh do Chustaiméirí Deiridh” faoin gCód Rochtana Sonraí um Méadair Chliste atá beartaithe?

FOI00813

Stádas Tarraingthe siar
Dáta a fhála 05 Samh 2024
Dáta an chinnidh 27 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tacar sonraí córais faisnéise geografaí (cruthchomhaid nó a choibhéis) do líonra dáileacháin agus tarchurtha leictreachais na hÉireann ar bhonn náisiúnta. Tá na sonraí ag teastáil le haghaidh tionscadal taighde atá maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

FOI00812

Stádas Tarraingthe siar
Dáta a fhála 04 Samh 2024
Dáta an chinnidh 27 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá léarscáil mhionsonraithe de na línte 38kV agus 110kV in Éirinn á lorg agam.

FOI00803

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 03 DFómh 2024
Dáta an chinnidh 23 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Iriseoir
Cur síos ar an iarratas

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá na nithe seo a leanas á lorg agam:

- cóip d’aon chomhfhreagras idir ESB Networks agus daa maidir le briseadh cumhachta le déanaí a chuir isteach ar Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tagraím don bhriseadh seo: https://www.breakingnews.ie/ireland/dublin-airport-still-experiencing-some-delays-after-power-outage-resolved-1672126.html

- cóip d’aon tuairiscálacha ar chúis nó ar thionchar an bhriste cumhachta.

FOI00820

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 19 Samh 2024
Dáta an chinnidh 18 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Taifid a Cruthaíodh idir an1 Eanáir, 2020 agus an 19 Samhain, 2024
a bhaineann leis an Aonad um Chosaint Ioncaim agus Córais Bunachar Sonraí ESB Networks (Beartais, Nósanna Imeachta, Eagraíocht, Oibríochtaí agus Riarachán, etc.)
Mar atá i dTuairiscí, Aighneachtaí nó Gníomhartha Ceartaitheacha agus Cáipéisí Feabhsúcháin
a Chuir Ceachtar acu den Ghrúpa Iniúchta Inmheánaigh NÓ den Ghrúpa Cáilíochta chuig ceann ar bith de na páirtithe a leanas, nó chucu go léir:
Bainistíocht Líne Áitiúil Shinsearach (ESB Networks)
Stiúrthóir Bainistíochta, ESB Networks
Iniúchóireacht Inmheánach Ghrúpa
An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Grúpa ESB agus/nó
Coiste Feidhmiúcháin

FOI00818

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 18 Samh 2024
Dáta an chinnidh 11 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Taifid a cruthaíodh idir: 01/01/2020 - 31/10/2024

Taifid an Aonaid/na Rannóige um Chosaint Ioncaim agus Seirbhísí Bunachar Sonraí a bhaineann le Suiteálacha Méadar Baile Aonchéime 24 uair Lá agus Oíche

(1)  Líon na Litreacha Pearsantaithe a seoladh a chuir cuairt ón Rannóg Méadair in iúl

(2)  Líon na nIonchúiseamh Dlíthiúil nó Coiriúil as Gadaíocht/Calaois/Damáiste/Baint do Mhéadair

(3)  Líon na gCásanna Dlí a Tugadh chun Críche

(4)  Líon Foriomlán na méadar ábhartha sa líonra slánaithe go dtí an 50,000 is gaire

(5)  Líon na gcásanna thuas a fuarthas “Cruthaithe” sna Cúirteanna.

Freisin:
(a) Sainchuntas Poist agus PTFanna CBFF don ról mar Bhainisteoir Aonaid um Chosaint Ioncaim agus Seirbhísí Bunachar Sonraí

(b) Sainchuntas Poist agus PTFanna CBFF don ról san Fhoireann um Chosaint Ioncaim agus Seirbhísí Bunachar Sonraí
* Taifid in aghaidh na Bliana nó cuid díobh le haghaidh 2024

FOI00822

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 20 Samh 2024
Dáta an chinnidh 13 Ean 2025
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Más é do thoil é, an féidir leat sonraí a sholáthar maidir le cur isteach ar sholáthar / lochtanna ar líne Pollerton i gCeatharlach; don tréimhse 2020-24 go huile, le mionsonraí faoi mhéid na mbristeacha cumhachta sin, fad gach briste, cúiseanna na lochtanna, agus aon ghníomhartha feabhsaithe a rinneadh chun teacht na lochtanna sin arís a sheachaint.

FOI00819

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 18 Samh 2024
Dáta an chinnidh 11 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Iarraim ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist oibre na n-oifigeach seo a leanas de chuid ESB Networks CGA:

Cathaoirleach
An Stiúrthóir Bainistíochta
Rúnaí na Cuideachta 
Ceann an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca
Iniúchóir Seachtrach

FOI00824

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 21 Samh 2024
Dáta an chinnidh 22 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas
1.  Cóip de bheartas féiniúlachta agus léirithe inscne (nó trasinscne) ESB (“an Beartas”).

2.  Gach taifead scríofa, lena n-áirítear meamraim, pacaí agus cur i láthair an bhoird*, ríomhphoist, iontrálacha dialainne, comhfhreagras scríofa, nótaí glaonna gutháin agus cruinnithe, cláir oibre, agus tuarascálacha maidir le hathbhreithniú, plé, dúshlán agus faomhadh deiridh ESB Networks ar an mBeartas.
*  Nó an Coiste Stiúrtha, más amhlaidh gurbh é Coiste Stiúrtha agus ní an Bord a thug faomhadh deiridh don Bheartas.

3.  Liosta de na heagraíochtaí a ndeachaigh ESB i gcomhairle leo, maidir leis an mBeartas a dhréachtú agus a fhaomhadh, lena n-áirítear soiléiriú ar na heagraíochtaí a fuair cúiteamh airgid (nó eile) as a gcomhairle, as a gcuid ama, etc.

FOI00838

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 18 Noll 2024
Dáta an chinnidh 18 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Na doiciméid go léir a bhaineann le ródú/tógáil na Líne Cumhachta 100kV ó Ghob na Muine go Baile Uí Dhuinn. Áireofar leis sin gach plean, líníocht, léarscáil agus aon nótaí (idir nótaí inmheánacha agus nótaí tríú páirtí) a bhaineann leis ó 1980 go dtí an lá inniu.

FOI00828

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 29 Samh 2024
Dáta an chinnidh 02 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá na nithe seo a leanas á lorg agam:

- cóip d’aon taifid atá agaibh a thagraíonn nó a bhaineann le húsáid cuaillí ESB chun póstaeir thoghcháin a chur in airde. Tá an t-iarratas seo chun an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an lá inniu a chlúdach.

- cóip d’aon ghearáin nó d’aon chomhfhreagras a fuarthas maidir leis an méid thuas, agus an freagra a eisíodh i ngach cás.

FOI00833

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 09 Noll 2024
Dáta an chinnidh 22 Samh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Táim ag lorg eolas maidir le cé chomh gar is féidir le hAeróg Theilifíse a bheith le Cáblaí Amuigh de chuid ESB. Tá m'aeróg amuigh os cionn na gcáblaí cumhachta agus dúradh liom go bhfuil sé neamhshábháilte san áit a bhfuil sí faoi láthair. Ní féidir liom teacht ar aon eolas faoin méid atá inghlactha ná faoin méid atá sábháilte ná faoi aon rialacháin. Táim in ann teacht ar thuairimí ach níl fáil agam ar fhreagra críochnaitheach. An féidir leat

cóip de do rialacháin maidir leis sin a chur chugam in aon fhormáid is mian leat.

FOI00836

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 11 Noll 2024
Dáta an chinnidh 13 Ean 2025
Catagóir an iarrthóra Iriseoir
Cur síos ar an iarratas
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, ba mhaith liom na nithe seo a leanas a iarraidh:

1.  Gach locht a tuairiscíodh ag na fostáisiúin líonra thíos de chuid ESB le 3 bliana anuas (Le cur síos do gach fostáisiún).

2.  Gach locht a thuairiscigh custaiméirí (Lena n-áirítear briseadh cumhachta) sna ceantair thíos le 3 bliana anuas (Le cur síos má tá sé ar fáil).

3.  Cothabháil déanta ag na fostáisiúin líonra thíos de chuid ESB le 3 bliana anuas. (Le cur síos do gach fostáisiún).

4.  Aon tuarascálacha, anailís agus athbhreithniú eile a rinneadh ag na fostáisiúin líonra thíos de chuid ESB le 3 bliana anuas.

5.  Gach locht a tuairiscíodh ag na fostáisiúin líonra thíos de chuid ESB le 10 bliana anuas (Le cur síos do gach fostáisiún). 

6.  Infheistíocht i mbonneagar, línte leictreachais, cuaillí, etc., le 10 mbliana anuas, sna ceantair líonra ESB thíos (Le cur síos do gach fostáisiún).

Ceantair
An Clochán - Máthairstáisiún, Gaillimh
Sraith Salach - Máthairstáisiún, Gaillimh
Scríb - Máthairstáisiún, Scríb, Co. na Gaillimhe
An Cheathrú Rua - Máthairstáisiún, Scríb, Co. na Gaillimhe 
An Spidéal - Máthairstáisiún, Scríb, Co. na Gaillimhe

FOI00832

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 03 Noll 2024
Dáta an chinnidh 17 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
An féidir leat pdf den chonradh reatha idir ESB Networks CGA nó aon cheann dá fhochuideachtaí agus Circet maidir leis an gclár um méadrú cliste a chur chugam le do thoil.

FOI00841

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 23 Noll 2024
Dáta an chinnidh 18 Noll 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Iarraim fáil ar na taifid seo a leanas maidir le feidhmeanna ESB Network Limited faoina Cheadúnas Oibreora Córais Dáilte:

Cóip de Mheabhrán agus d’Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA

FOI00801

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 30 MFómh 2024
Dáta an chinnidh 23 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Déanaim iarratas leis seo ar liosta de na míreanna seo a leanas:

  • An meánlíon gearrthacha cumhachta in aghaidh an tí in Éirinn in 2023 agus 2024 (go dtí seo)
  • Taifid de na gearrthacha go léir a bhí beartaithe i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí, Co. Luimnigh in 2023 agus 2024 (go dtí seo)
  • Taifid de na gearrthacha cumhachta neamhsceidealta i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí, Co. Luimnigh.
  • Taifid d’aon uasghrádú nó réiteach beartaithe ar na gearrthacha cumhachta eadrannacha i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí. Co. Luimnigh
  • An fad in uaireanta agus nóiméid a bhain le gach gearradh sa liosta thuas.

FOI00793

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 20 MFómh 2024
Dáta an chinnidh 02 DFómh 2024
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Cén cineál/branda péinte atá á úsáid faoi láthair chun Simléir an Phoill Bhig a athphéinteáil?