2024 FOI disclosure logs
FOI00722
Cur síos ar an iarratas
Cóipeanna den cháipéisíocht, de na treoracha don fhoireann, de na meamraim, sceidil “inmheánacha” srl., lena gceanglaítear ar an bhfoireann tuairiscí a chur isteach (agus cén cineál faisnéise a bhailiú lena cur isteach) chuig comhlachtaí Stáit, faisnéis a shainaithníonn maoine folmha bunaithe ar úsáid leictreachais sna maoine sin, de réir reachtaíocht den sórt sin a éilíonn a leithéid d’fhaisnéis a chur isteach. Bheadh sé ina chúnamh cóip de na tuairiscí seo a fháil - ach gan AON aitheantas úsáideora a bheith leo, dar ndóigh, d’fhonn a bheith comhlíontach le RGCS.
Tá mé sásta m’iarratas a leasú dá sábhálfadh sin am oraibh ach, mar sin féin, ba mhaith liom freagra a fháil ar na príomhcheisteanna seo.
CEISTEANNA: Tuigtear dom go dtugann do chuideachta/ghnólacht/eagraíocht comhairle do chomhlacht stáit nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil an soláthar méadraithe gan úsáid, rud a thugann le fios go bhfuil Teach Folamh ann, rud is cúis le Muirir Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) phionósacha a ghearradh. Dá bhrí sin, ba mhaith liom na nithe seo a leanas a dheimhniú: 1. An gcuireann sibh a leithéid d’fhaisnéis ar fáil nuair a thiteann an leibhéal úsáide faoi leibhéal áirithe ?
2. Más amhlaidh gur “TÁ” an freagra, ba mhaith liom a fháil amach:
2.1 céard é an leibhéal áirithe sin (arna shainiú de réir aonad tomhais) 2.2 cén tréimhse ama a bhaineann leis sin (i.e. arna thomhas thar thréimhse aon mhíosa amháin ? 3 mhí ? cé mhéad ama ?)
2.3 ainm an chomhlachta stáit a chuirtear na tuairiscí isteach chuige (na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Tithíochta, eile ?)
2.4 má tá reachtaíocht shainiúil ann a éilíonn oraibh sin a dhéanamh, agus más amhlaidh go bhfuil
2.5 céard é ainm na reachtaíochta sainiúil seo (cén tAcht atá i gceist ?)
2.6 De réir fhorálacha reachtaíocht RGCS, an amhlaidh go sáraíonn sé seo an reachtaíocht sin?
3 Céard é an “leibhéal áirithe” (féach ceist 1 thuas), sa chás ina sárófar an leibhéal, nach mbeadh oraibh tuairisc den chineál sin le cur isteach ina leith.
FOI00723
Cur síos ar an iarratas
1. Miontuairiscí de chruinnithe lucht bainistíochta ESB idir 2023 agus 2024 i dtaca leis an nGaorthadh;
2. Dréachtphlean bainistíochta ESB don Ghaorthadh.
FOI00727
Cur síos ar an iarratas
1. Cóip den fhógra a fuarthas ó Annelie Walsh agus ó ‘ESB Networks Legal’ maidir leis na himeachtaí mar a cheanglaítear faoi Alt 150 den Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015.
2. Cóip de na Mionnscríbhinní arna gcomhdú ag nó ar son ESB Networks DAC i dtaca le himeachtaí ESB & ESB Networks DAC v Brown san Ardchúirt.
3. Cóip den Fhógra Foriarratais arna chomhadú ag nó ar son ESB Networks DAC i dtaca le himeachtaí ESB & ESB Networks DAC v Brown san Ardchúirt.
4. Sonraisc arna n-eisiúint ag Annelie Walsh agus ‘ESB Networks Legal’ do ESB Networks DAC i dtaca leis na himeachtaí.
5. Sonraisc nó nótaí táille arna n-eisiúint ag an Abhcóide do ESB Networks i dtaca leis na himeachtaí.
FOI00729
Cur síos ar an iarratas
1. Taifid ar an sceideal do na hoibreacha cothabhála líonra pleanáilte a bhí le cur i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma, idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024. Ar mhaithe leis na taifid a shainaithint, is amhlaidh go ndearnadh na hoibreacha a sceidealú idir na dátaí thuasluaite, cé nárbh é seo an dáta a luadh sa taifead féin.
2. Taifid de na hoibreacha cothabhála nó deisiúcháin ar fad, bíodh siad pleanáilte nó ná bíodh, a cuireadh i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
3. Taifid de na logaí oibre, lena n-áirítear na logaí cothabhála, iontrálacha dialainne nó r-phoist a scríobh aon bhall foirne maidir leis an obair a cuireadh i gcrích i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
4. Taifid d’aon rólódáil chumhachta, borradh cumhachta, foláireamh/truicear sábháilteachta a tharla ar líonra soláthair ESB shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
5. Taifid d’aon cheannach nó athsholáthar trealaimh a rinneadh don líonra i gcomharsanacht shráidbhaile na Cluana, Contae Liatroma idir 8 Eanáir 2024 agus 12 Eanáir 2024.
FOI00735
Cur síos ar an iarratas
Cumarsáid idir ESB agus Comhairle Contae Luimnigh agus/nó cumann CLG Mhóin an Lín maidir le bogadh na línte cumhachta agus le hobair forbartha de réir iarratais phleanála údaráis áitiúla 23336 agus iarratas pleanála 211636.
Taifid/nótaí d’aon chruinnithe a tharla idir ESB agus Comhairle Contae Luimnigh agus/nó cumann CLG Mhóin an Lín maidir le hiarratas pleanála 23336 agus 211636.
FOI00734
Cur síos ar an iarratas
Cé mhéad cuntas tráchtála/gnó a rinneadh a n-aonaid léamha méadair a laghdú/a chúlú chomh hard le 30,000 - 60,000 aonad gan aon chúis fhollasach le trí bliana anuas?
FOI00736
Cur síos ar an iarratas
Thug mé cuairt le déanaí ar bhur leathanach gréasáin ‘who-we-are-our-networks’ agus thug mé faoi dearadh go bhfuil faisnéis mhionsonraithe ann maidir leis na cáblaí agus na fostáisiúin éagsúla atá á mbainistiú agaibh. Ba mhaith linn a fháil amach cé chomh minic agus a dhéantar na sonraí faoi bhur líonraí a uasdátú agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-eolas seo ar fáil in aon fhormáidí sonraí geografacha eile amhail GeoJSON nó SHP. Ba mhór an chabhair dúinn rochtain a fháil ar a leithéid de shonraí d’fhonn iad a comhtháthú lenár n-ardán, agus ár gcuid seirbhísí a fheabhsú dá bharr. An bhféadfadh sibh eolas a thabhairt dúinn maidir le ráta uasdátaithe bhur sonraí líonra agus infhaighteacht na bhformáidí geoiméadracha?
FOI00741
Cur síos ar an iarratas
Léarscáil de na línte cumhachta lasnairde in Eas Géitine, contae Luimnigh, chun oibreacha atá ar siúl againn sa bhaile a éascú.
FOI00746
Cur síos ar an iarratas
Eolas maidir le haon mheastachán costais nó faoin méid maoinithe atá curtha i leataobh le haghaidh dheisiúchán agus athphéinteáil Shimléir an Phoill Bhig in 2024 agus 2025. An bhféadfainn an méid atá á chaitheamh ar oibreacha iniúchta/measúnaithe a fháil freisin?
FOI00748
Cur síos ar an iarratas
Bheinn buíoch as an eolas is déanaí maidir le leathadh amach Cáblaí Snáthoptaice i mBaile Mhistéala a chur ESB Networks i gcrích agus maidir leis an achar ama a ghabhann leis an obair seo i mBaile Mhistéala.
FOI00750
Cur síos ar an iarratas
De réir Alt 12 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, iarraim rochtain ar na taifid seo a leanas maidir le feidhmeanna ESB Networks Teoranta faoina Cheadúnas Oibreora Córais Soláthair arna liostú san Aguisín sa Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) atá faoi thagairt:
•Doiciméad 1 Sainmhínithe
•Doiciméad 2 Critéir Rátála Riosca
•Doiciméad 4 Liosta de na hEachtraí ESM.
FOI00751
Cur síos ar an iarratas
1. Cóip de nós imeachta ESB chun gearán a dhéanamh.
2. Aon treoracha scríofa nó nósanna imeachta a úsáideann fostaithe chun jabanna a chur in áirithe.
3. Aon treoracha scríofa nó nósanna imeachta a úsáideann fostaithe chun jabanna ag úsáid conraitheoirí a chur in áirithe.
4. Cóip d’aon nósanna imeachta a bhféadfaidh oifig Thuama iad a úsáid agus atá difriúil ó na gnáthnósanna imeachta.