Tá an chéad Straitéis Bhithéagsúlachta de chuid ESB Networks, ‘Líonraí ar son an Dúlra’, ar fáil anseo
Is eol do ESB Networks cé chomh tábhacht is atá an bhithéagsúlacht i dtírdhreach na hÉireann agus, chuige sin, cé chomh tábhachtach is atá sé go mbainistítear a chuid gníomhaíochtaí ar bhealach inbhuanaithe maidir leis an mbithéagsúlacht. Tá sé ar an eolas freisin gur gá tionchair fhéideartha ar bhithéagsúlacht a shainaithint d’fhonn na tionchair sin a sheachaint nó a mhaolú, agus nuair is indéanta, oibriú le cur le bithéagsúlacht. Áirítear sa Straitéis um Líonraí i dTreo na Neodrachta cuspóirí sonracha maidir leis an dúlra - cinnteoimid go mbeidh glanghnóthachan bithéagsúlachta againn ónár n-oibríochtaí faoi 2025. Cuirfimid plean cuimsitheach bithéagsúlachta maidir lenár n-oibríochtaí i dtoll a chéile faoi dheireadh 2023 le hé sin a chur chun cinn. Beidh sé i gceist againn freisin gnóthachan bithéagsúlachta 10% a bhaint amach mar thoradh ar mhórthionscadail ar leith ar ár gclár oibre.
Déanaimid go leor tionscadal a thógáil, a bhainistiú agus a reáchtáil laistigh de limistéir dúlra faoi chosaint. Tá na limistéir seo faoi chosaint ag dlíthe an AE agus na hÉireann, cosúil le Limistéir faoi Chosaint Speisialta, Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Nuair a oibrímid gar do na limistéir seo, déanaimid cinnte machnamh a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an dúlra. Leanaimid treoracha sonracha chun bithéagsúlacht a chosaint le linn agus tar éis oibreacha a dhéanamh iontu.
Is minic a oibríonn ár bhfoireann ar cheisteanna bithéagsúlachta, amhail tionchar ár gcuid oibre a sheiceáil, speicis dhíobhálacha a choinneáil amach, agus na céimeanna cearta a ghlacadh chun an dúlra a chosaint le cabhair ó shaineolaithe éiceolaíochta ESB Networks.
Gheall ESB Networks le déanaí go dtabharfadh sé faoi athbhreithniú ar bhithéagsúlacht ag rogha suíomhanna dá chuid. Déanfaidh an t-athbhreithniú sin méid na Bithéagsúlachta ag na suíomhanna sin a shainaithint agus a chainníochtú, mar aon le moltaí spriocdhírithe a bhaineann go sonrach leis an suíomh a fhorbairt maidir le gnóthachan Bithéagsúlachta nuair is indéanta, lena n-áirítear forbairt agus rolladh amach gníomhartha chun tacú lenár rannchuidiú le Plean Pailneoirí Uile-Éireann nuair a oireann sé sin do riachtanais sábháilteachta, oibríochtaí gnó agus bainistíocht réadmhaoine.
Is aidhm linn feasacht ar an mbithéagsúlacht a chur chun cinn i measc ár bhfoirne agus ár gcuid conraitheoirí agus soláthraithe, agus tá sé mar aidhm againn freisin go mbeadh na luachanna sin mar bhonn faoi na cinntí a dhéanaimid. Chuige sin, cuirimid an oiliúint agus an tacaíocht is gá ar fáil dár bhfoireann maidir le saincheisteanna bithéagsúlachta a bhaineann lenár ngníomhaíochtaí gnó, agus tabharfaimid gach tacaíocht dóibh teacht ar réitigh ar na saincheisteanna sin.
Déanfaidh ESB Networks rannpháirtíocht réamhghníomhach a chothú lenár gcuid comhghleacaithe i bhfóntais eile agus le páirtithe leasmhara ábhartha d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar bhealaí a bhféadfaimis cur le chéile le gníomhú ar son na bithéagsúlachta ar scálaí éagsúla ar fud oileán na hÉireann. Tabharfaimid spreagadh agus tacaíocht freisin do na pobail a n-oibrímid iontu chun oibriú as lámha a chéile le ESB Networks d’fhonn aird a tharraingt ar shaincheisteanna nó ar dheiseanna bithéagsúlachta, agus cur le gníomhartha freagartha nuair is féidir.
Chuir ESB Networks tús le tionscadal ag seanfhostáisiún Bhóthar an tSráidbhaile chun cabhrú le bithéagsúlacht ar an láithreán.
Bhíodh an limistéar clúdaithe le cloch, coincréit, bhí túir agus foirgneamh seomra rialaithe ann.