Caitheann ESB Networks dúthracht le haire a thabhairt don chomhshaol agus lenár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de. San am céanna, tá ról fíorthábhachtach againn chun cur le forbairt inbhuanaithe na tíre agus an gheilleagair.
Mura ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá freagrach, aithnímid go bhféadfadh na hoibríochtaí atá againn tionchar a imirt ar an gcomhshaol. Tá na prionsabail a bhaineann leis an mBainistíocht Chomhshaoil neadaithe againn inár ngnóthaí agus glacaimid gach beart riachtanach lena chinntiú go ndéanaimid bainistíocht ar na rioscaí comhshaoil ionas gur laghad tionchar a bhíonn againn ar an gcomhshaol.
Tá Córas Bainistíochta Comhshaoil ag ESB Networks atá creidiúnaithe go seachtrach de réir Chaighdeán ISO 14001. Feidhmíonn an córas mar chreat chun a chinniú go gcomhlíonann ESB Networks a oibleagáidí reachtacha agus rialála, agus tugann sé dearbhú ag an am céanna go bhfuil rioscaí comhshaoil á mbainistiú aige ar bhealach réamhghníomhach, freagrach.
Is féidir breathnú ar Dheimhniú ISO 14001 ESB Networks anseo.
Breathnaigh ar Dheimhniú ISO 14001 ESB NetworksDe réir Rialacháin 42(7) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, arna leasú, cinnfidh BSL, mar Údarás Poiblí, nach bhfuil gá le AA de phlean nó de thionscadal i gcás nach bhfuil baint dhíreach ag an bplean nó ag an tionscadal le bainistiú an láithreáin mar Láithreán Eorpach nó nach bhfuil riachtanach le bainistiú an láithreáin ar bhonn faisnéise oibiachtúil eolaíochta tar éis scagadh a dhéanamh air faoin Rialachán seo, nach mbeidh tionchar suntasach ag an bplean nó ag an tionscadal, ina n-aonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar Láithreán Eorpach.