Is údarás poiblí é ESB Networks CGA chun críocha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Tá faisnéis faoi na gníomhaíochtaí a dhéanann ESB Networks CGA le fáil.
Tuilleadh eolaisNí féidir ach faisnéis chomhshaoil a iarraidh faoi na Rialacháin; ciallaíonn "faisnéis chomhshaoil" aon fhaisnéis i scríbhinn, amharcfhaisnéis, cluasfhaisnéis, faisnéis leictreonach nó aon fhoirm eile faisnéise maidir le:
a. riocht eilimintí den chomhshaol, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreacha nádúrtha, lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta agus mhuirí, bithéagsúlacht agus a comhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinathraithe agus an t-idirghníomhú idir na gnéithe seo;
b. tosca, amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear iarmhar radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus scaoileadh eile isteach sa timpeallacht, a mbeidh tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar an gcomhshaol;
c. bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a mbeidh tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu ar na heilimintí agus ar na tosca a bhfuil tagairt dóibh in (a) agus (b), chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí a dearadh chun na gnéithe sin a chosaint;
d. tuairiscí ar chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil;
e. anailísí costais is tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíochta eile a úsáidtear laistigh den chreat beart agus gníomhaíochtaí a bhfuil tagairt dóibh in alt (c); agus
f. riocht sláinte agus sábháilteachta daoine, lena n-áirítear truailliú an bhiashlabhra, nuair is ábhartha, cúinsí saoil daoine, láithreacha cultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid is go bhfuil tionchar orthu, nó go bhféadfadh tionchar a bheith orthu, ag riocht na n-eilimintí den chomhshaol dá bhfuil tagairt dóibh in alt (a) nó, trí na heilimintí sin, trí bhíthin aon cheann de na nithe dá bhfuil tagairt dóibh in alt (b) agus (c).
Comhordaitheoir na nIarratas ar Fhaisnéis Chomhshaoil
(Faoi bhráid: ESB Networks CGA),
Andrea Daniels, Uas.,
Teach Chlann Liam,
Plás Chlann Liam,
Baile Átha Cliath, D03 CV61
Mar a fhoráiltear sna Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, déanfaidh ESB Networks CGA iarracht d'iarratas a fhreagairt chomh luath agus is féidir. Tráth nach déanaí ná mí tar éis dúinn an t-iarratas a fháil: tabharfaimid freagra agus cinneadh duit NÓ cuirfimid in iúl duit go bhfuil d'iarratas le haistriú againn chuig Údarás Poiblí eile NÓ cuirfimid in iúl duit go bhfuil mí bhreise de dhíth orainn (mar a fhoráiltear sna Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) le plé le d'iarratas.
Faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, tá sé de cheart agat achomharc inmheánach a iarraidh i ndáil le haon chinneadh a eisíodh duitse mar fhreagairt ar iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil a rinneadh i gcomhréir leis na Rialacháin sin. Sa fhreagra a eiseofar duit, beidh sonraí maidir le cén chaoi achomharc inmheánach den sórt sin a iarraidh.
Tá tuilleadh eolais maidir leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol le fáil ach na naisc sheachtracha seo a leanas a leanúint:
D'fhéadfadh sé go ngearrfaí táillí as doiciméid a fhótachóipeáil. Seo a leanas na táillí:
Fótachóip