Cáblaí lán le sreabhán

Fluid filled cables replacement priorities
Dála go leor fóntais idirnáisiúnta, shuiteáil ESB Networks cáblaí faoi thalamh in áiteanna uirbeacha nach raibh sé indéanta línte lasnairde a thógáil. Úsáidtear cáblaí faoi thalamh le cumhacht leictreach a iompar ón bhfoinse ghiniúna go dtí an custaiméir. Beag beann ar theicneolaíocht tógála an chábla, tá ceithre chroí-chomhpháirt ag gach cábla faoi thalamh; an seoltóir, an t-inslitheoir, an truaill thalún agus an clúdach seachtrach.
- Is é an seoltóir a iompraíonn an chumhacht leictreach.
- Is é an t-inslitheoir a úsáidtear le nach féidir leis an gcumhacht leictreach éalú amach ón seoltóir.
- Cinntíonn an truaill thalún go n-oibríonn an cábla go slán sábháilte.
- Clúdach cosanta thart ar an gcábla is ea an clúdach seachtrach.
Cúlra na gcáblaí
Dála gach cineál teicneolaíochta, tháinig forbairt ar theicneolaíocht na gcáblaí faoi thalamh de réir mar a tháinig feabhas ar na hábhair, ar an eolaíocht agus ar an innealtóireacht. Tá trí ré ag baint le teicneolaíocht na gcáblaí go dtí seo.

Cáblaí lán le sreabhán - Clár Athsholáthair
Aithníonn ESB Networks na dúshláin ó thaobh an chomhshaoil de a bhaineann le cáblaí lán le sreabhán a fheidhmiú agus a chothabháil agus, dá bharr sin, cuireadh tús le clár athsholáthair in 2005 i gcás na gcáblaí sin. Go dtí seo, táthar i ndiaidh 20% de cháblaí lán le sreabhán a athsholáthar agus, dá bharr, baineadh an fhoinse taobh thiar de 40% de na cásanna sceite sreabháin a bhí ann roimhe seo ón gcóras. Tá thart ar 177 km de cháblaí lán le sreabhán faoi láthair ar Líonra Tarchurtha agus ar Líonra Dáileacháin an Leictreachais. Tá tionscadail éagsúla ar bun againn chun cábla lán le sreabhán a athsholáthar atá ar chéim na tógála mar aon le tionscadail eile atá ar chéim roghnaithe an bhealaigh.
Seo an méid a bhíonn i gceist le mórthionscadail infreastruchtúir mar seo:
- Gearrthacha cumhachta sceidealaithe ar gá gnólachtaí agus cónaitheoirí gar do na hoibreacha a chur ar eolas ina leith agus go leor fógra a thabhairt dóibh
- Ceadúnais shealadacha oscailte bóithre a fháil
- Dul thar bhonneagar tríú páirtithe, seirbhísí agus trasnuithe móra bóithre, iarnróid agus uiscebhealaí
- Bóithre a dhúnadh ar feadh achar sealadach fada
- Trinsí suntasacha a thochailt le haghaidh cábla inslithe plaisteach nua agus le cábla a athsholáthar
- Oibreacha siúntála
Tabharfar faoi na tionscadail de réir a chéile i limistéir uirbeacha a bhfuil daonra mór agus an-trácht iontu. Is gá teagmháil a dhéanamh i rith an ama le páirtithe leasmhara cuí lena chinntiú go gcuirfear na tionscadail seo le cáblaí nua a chur ar fáil i gcrích go sásúil agus go héifeachtúil.
Tá gealltanas tugtha ag ESB Networks anois i leith clár luathaithe infheistíochta i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas. Úsáidtear measúnú comhshaoil le heolas a chur ar fáil don sceideal agus amchlár a bhaineann le cáblaí ar leith a athsholáthar.
Mar chuid den chinneadh ó Athbhreithniú a Cúig ar Phraghsanna (PR5), cheadaigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas tionscadail athsholáthair le haghaidh cáblaí lán le sreabhán, idir dháileachán agus tarchur, 98 km ar fad. Tá sé beartaithe na cáblaí lán le sreabhán eile a athsholáthar mar chuid d’athbhreithnithe eile ar phraghsanna ag brath ar chead a fháil ón gCoimisiún um Rialáil Fóntas.
Eolas maidir le Cáblaí lán le sreabhán