Leagtar amach inár Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ an ról atá ag ESB Networks i bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide, 2023 agus tacaíonn sí leis an sprioc go ndéanfaí an córas leictreachais a dhícharbónú faoi 2040.
Tá a thograí infheistíochta don tréimhse 2026 go 2030 leagtha amach ag ESB Networks i bPlean Gnó ‘Athbhreithniú 6 ar Phraghsanna’. Tugtar breac-chuntas sa Phlean Gnó ar an gcur chuige atá molta ag ESB Networks lena chinntiú go bhfanfaidh líonra leictreachais na hÉireann sábháilte, láidir agus athléimneach, agus go mbeidh sé in ann tacú le torthaí beartais náisiúnta a bhaineann le tithíocht, fás eacnamaíoch agus gníomhú ar son na haeráide.
Faoi 2030, beidh 8 GW de ghiniúint ó ghrianchumhacht fhótavoltach ann, suas le 30,000 feiste ar imeall na heangaí ann, méadú ar an stóráil fuinnimh agus níos mó solúbthachta ann ag custaiméirí, suas le milliún Feithicil Leictreach ar bhóithre na tíre, 9 GW de ghiniúint ó ghaoth ar tír agus 5 GW de ghiniúint ó ghaoth amach ón gcósta agus 2 GW breise de ghaoth amach ón gcósta chun hidrigin ghlas a ghiniúint ag ár Líonra.
Tar linn ar an aistear leis an líonra leictreachais a chur ar fáil don saol glan leictreach atá i ndán d’Éirinn. Roinn do chuid smaointe linn, ceistigh ár gcur chuige agus coinnigh ort ag éileamh na gcaighdeán is airde. Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil faoi na bealaí a bhféadfadh ESB Networks an neodracht a bhaint amach.
Cuir do thuairimí agus d’aiseolas chuig ESBNetworksStrategy@esb.ie