Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

An Fhís atá againn ná gur seo an chuma a bheidh ar ár Líonra faoi 2030 Méadú ar an stóráil fuinnimh agus níos mó solúbthachta ann ag custaiméirí

8 GW

8 n-gigeavata (GW) leictreachais a bheith á nginiúint ó phainéil ghréine.

Suas le 30,000

Suas le 30,000 gléas a chuidíonn leis an eangach leictreachais a bhainistiú.

Suas le milliún

Suas le milliún feithicil leictreach ar bhóithre na tíre.

9 GW+5 GW+2 GW

9 ngigavata leictreachais a bheith á nginiúint ó thuirbíní gaoithe ar talamh agus 5 ghigiavata ó thuirbíní gaoithe san fharraige, móide 2 ghigiavata eile chun hidrigin ghlas a dhéanamh as fuinneamh gaoithe.

2.6 milliún

2.6 milliún méadar cliste i dtithe agus i ngnólachtaí.

680,000

680,000 teach a bhfuil córas téimh leictreach iontu.

Close up on the face of technicians

Ár Straitéis

Tá Plean Gnímh an Rialtais don Aeráid mar chreat don Straitéis atá againn i Líonraí BSL (ESB Networks) go dtí 2030. Tá an straitéis á spreagadh ag an ról lárnach atá ag ESB Networks san aistriú i dtreo leictreachas glan a úsáid go mbeidh saol seasmhach inacmhainne ísealcharbóin againn. Is mór an cuidiú a bheidh i Líonra Dáileacháin a bheidh Réidh don Neodracht Carbóin faoi 2040 san aistriú i dtreo sochaí Neodrach ó thaobh Fuinnimh de faoi 2050 ar a dhéanaí.

Close up of a bee on a flower

Beartas Comhshaoil ESB Networks

Caitheann ESB Networks dúthracht le haire a thabhairt don chomhshaol go réamhghníomhach agus lenár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.
Tá Ráiteas Beartais maidir leis an gComhshaol curtha i dtoll a chéile againn ina dtugtar mionchuntas ar a thiomanta atáimid don chomhshaol.

 

Oscail doiciméad | PDF 0.92MB
ecar charging

Cairt Eangaí Inbhuanaithe DSOnna na hEorpa

Ghlac ESB Networks le Cairt Eangaí Inbhuanaithe Oibreoirí Córais Dáileacháin na hEorpa. Leis an gCairt Eangaí Inbhuanaithe, tá gealltanas tugtha ag E.DSO agus ag na balleagraíochtaí go bhfuil siad tiomanta don Inbhuanaitheacht, ní hamháin maidir le saincheisteanna aeráide agus comhshaoil, ach maidir le saincheisteanna sóisialta agus rialtais freisin, san am i láthair agus san am atá le teacht.