Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Kids playing on a toy tractor with their dad

Teas Leictreach

Is príomhsprioc é Leictriú an Teasa sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ina leagtar síos sprioc go mbeadh 600,000 teaschaidéal suiteáilte in Éirinn faoi 2030.  Tá ról lárnach ag ESB Networks maidir le leictriú an teasa a chumasú. Chun freastal ar an éileamh méadaithe seo agus a chinntiú ag an am céanna gur féidir le custaiméirí brath ar an soláthar, beidh orainn athrú a dhéanamh ar an gcaoi a rialaímid, a n-oibrímid agus a ndearaimid an líonra ísealvoltais.  

Cén chaoi a bhfuil Leictriú an Teasa á Chumasú ag ESB Networks?

  • An líonra leictreachais a fhorbairt le go dtacódh sé leis an méadú ar éileamh ar an líonra.
  • Próisis a fhorbairt chun éilimh mhéadaithe ísealvoltais a thuar agus freagairt dóibh go tráthúil ionas go mbeifear in ann réitigh a chur i bhfeidhm gan drochthionchar a imirt ar leanúnachas ná ar cháilíocht na cumhachta.
  • Caighdeáin nua um dhearadh agus pleanáil a chur i bhfeidhm maidir le líonraí ísealvoltais chun tacú le teicneolaíochtaí ísealcharbóin, amhail teaschaidéil.
  • Obair ar roinnt mhaith tionscadail nuálaíochta agus comhoibriú le páirtithe leasmhara chun na córais, na réitigh líonra agus an cumas a fhorbairt a éascóidh an t-aistriú chuig an teas leictreach.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tionscadail seo:

Tionscadail Nuálaíochta

Ceisteanna coitianta

Céard is Teaschaidéal ann agus Cén Chaoi a nOibríonn sé?
  • Rogha mhalartach nua-aimseartha é an teaschaidéal is féidir a úsáid in ionad coire ola nó gáis. Seachas breoslaí iontaise a dhó, úsáideann sé fuinneamh ón aer nó ón talamh le do theach a théamh.
  • Bíonn teaschaidéil thar a bheith éifeachtúil agus coinníonn siad do theach compordach i gcónaí - ní bhíonn sé róthe ná rófhuar choíche.
  • Caithfidh teaschaidéil leictreachas a bheith acu le rith, ach is iondúil go n-éiríonn leo a trí nó a ceathair d’aonaid a tháirgeadh in aghaidh an aonaid leictreachais a úsáidtear.
  • Tá níos mó agus níos mó den leictreachas a úsáideann teaschaidéil ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite na laethanta seo, amhail gaoth.
  • Tá an tóir ar theaschaidéil ag méadú agus tá ceann suiteáilte in os cionn leath de na thithe nua in Éirinn.

Le tuilleadh eolais a fháil:


Cumann Teaschaidéal na hÉireann

Cineálacha Éagsúla Córas Teaschaidéil

Mórchuid na dteaschaidéal in Éirinn, tarraingíonn siad teas ón aer nó ón talamh. Déanann siad na seomraí a théamh, chomh maith leis an uisce te a theastaíonn i gcomhair folcadán, cithfholcadán agus doirteal. Is trí radaitheoirí agus trí theas faoin urlár a dhéantar seomraí a théamh de ghnáth.


Foinse Aeir


Na córais teaschaidéil is coitianta atá ann, baineann siad an teas ón aer seachtrach. Is saoire agus is éasca iad a shuiteáil ná córais teaschaidéil a úsáideann foinsí talún.


  • Córais aer go huisce is mó a úsáidtear i dtithe in Éirinn. Dáiltear an teas trí radaitheoirí agus teas faoin urlár.
  • Tá córais teaschaidéil aer sceite go huisce cosúil le córais teaschaidéil aer go huisce ach cuimsíonn siad aeráil sceite mheicniúil agus déanann teas a aisghabháil ó aer a bhaintear den teaghais.
  • Dáileann córais teaschaidéil aer go haer an teas trí aonaid aeir. Ní sholáthraíonn córais teaschaidéil aer go haer uisce te.

Foinse Thalún


Na córais teaschaidéil a úsáideann foinsí talún, baineann siad leas as píbobair faoi thalamh chun teas a tharraingt uaithi. Úsáidtear an teas ansin chun na seomraí agus an t-umar uisce the a théamh.

An Gá dom mo Nasc Leictreachais a Athrú chun Teaschaidéal a Shuiteáil?

In an-chuid cásanna, is leor an Uasacmhainn Iompórtála chaighdeánach 12kVA a bhíonn ag custaiméirí de ghnáth.


Beidh do chonraitheoir leictreachais in ann labhairt leat faoin nasc is fearr a fhreastalóidh ar do riachtanais leictreachais.

 

Más gá do chustaiméirí a soláthar a athrú, is féidir leo iarratas a dhéanamh chuige sin ar líne.


Le hiarratas a dhéanamh:

Do leibhéal soláthair a athrú

An gá dom soláthar 3 phas a bheith agam le teaschaidéal a shuiteáil?

Braithfidh sé sin ar an gcineál teaschaidéil a shuiteálfaidh tú.


Cuireann déantúsóirí raon leathan teaschaidéal aon phas ar fáil. I bhformhór na gcásanna, déanfaidh nasc caighdeánach 12kVA an chustaiméara an chúis. Beidh do chonraitheoir leictreachais nó soláthróir an teaschaidéil in ann labhairt leat faoi na riachtanais a bheidh agat ó thaobh soláthair de.

Cén tionchar a bheadh ag teaschaidéal ar mo Bhille Leictreachais?
Toisc go mbeidh leictreachas á úsáid ag an teaschaidéal leis an bhfuinneamh teasa saor in aisce atá san aer nó sa talamh a bhailiú, is cinnte go mbeidh tú ag úsáid níos mó leictreachais. Ach coinnigh i gcuimhne nach mbeidh billí ola ná gáis le híoc agat a thuilleadh. Mar sin, beidh do chaiteachas foriomlán ar fhuinneamh i bhfad níos lú.
An bhfuil deontais ar fáil le haghaidh teaschaidéal?

Tá. Tá deontais ar fáil le haghaidh córais teaschaidéil.


Le tuilleadh eolais a fháil:


SEAI

An bhfuil mo theach oiriúnach do theaschaidéal?

Téann córais teaschaidéil radaitheoirí go teocht níos ísle ná gnáthchoirí agus is fearr a oibríonn siad i dtithe a bhfuil an t-insliú go maith iontu.


Tabhair do d'aire: Mura bhfuil rátáil fuinnimh do thí thar mholadh beirte, d'fhéadfadh sé go mbeadh oibreacha eile ag teastáil, amhail insliú nó siorradh-dhíonadh.

 

Feabhsóidh bearta den sórt sin compord do thí agus laghdóidh na costais teasa, leis. Is féidir le Comhairleoir Teicniúil a dheimhniú cibé acu atá do theach oiriúnach nó nach bhfuil, chomh maith leis na bearta a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le go gcomhlíonfadh do theach na caighdeáin chuí.


Comhairleoirí Teicniúla:


seai.ie


Cuireann an SEAI deontais ar fáil freisin le haghaidh insliú tí:


an Clár Deontas Fuinnimh Baile

Cé mhéad a chosnaíonn teaschaidéal?

Is é an fhírinne go gcosnaíonn sé níos mó teaschaidéil a shuiteáil ná coire gáis nó ola. Braitheann an costas ar an tsonraíocht, ar an déantóir, ar an soláthraí agus ar obair phluiméireachta eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, amhail sorcóir uisce te nua.

Is fiú go mór roinnt meastachán ar an tsuiteáil a fháil sula ndéanfaidh cinneadh.


Braithfidh an tréimhse aisíoca ar roinnt fachtóirí:


  • úsáid fuinnimh
  • Costas na n-oibreacha suiteála - ba cheart duit é seo a phlé le do sholáthraí.

Ar an dá phríomhbhuntáiste tá leibhéil mhéadaithe chompoird agus cur isteach laghdaithe ar an gcomhshaol.


Is é is ciallmhaire ná an teaschaidéal a shuiteáil nuair is gá an córas teasa a athsholáthar ar aon chuma nó nuair atá oibreacha athchóirithe eile ar siúl.

An mBaintear Leas as Teaschaidéil i dTithe Nua?

Chun na rialacháin foirgníochta a chomhlíonadh, ní mór do thithe nua fuinneamh in-athnuaite a úsáid:


  • Grianphainéil (taobh le coire breosla iontaise), nó
  • Teaschaidéal.

Tabhair do d'aire: Níl mórán difríochta idir an dá rogha seo ó thaobh costais de. Mar sin féin, táirgeann an teaschaidéal níos lú astaíochtaí carbóin. De réir an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, cuirfear cosc ar coirí breosla iontaise go gairid sna blianta atá romhainn amach.

An bhfuil an Teicneolaíocht Teaschaidéil Aicmithe mar Fhuinneamh Inathnuaite?

Tá. Tá teaschaidéil aicmithe go hoifigiúil mar sholáthraithe fuinnimh inathnuaite ag an AE agus ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.


Mar sin, má úsáidtear teaschaidéal, beifear ag comhlíonadh na riachtanas i ndáil le breosla agus fuinneamh a chaomhnú a bhaineann le teaghaisí nua faoi Chuid L de na Rialacháin Tógála.