Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
ecar charging

Iompar Leictreach

 

Tá ról lárnach ag ESB Networks maidir le leictriú an iompair a chumasú. Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, leagann an Rialtas síos sprioc go mbeadh beagnach milliún Feithicil Leictreach ar bhóithre na hÉireann faoi 2030.

Chun leictriú an iompair a éascú anseo in Éirinn agus a chinntiú ag an am céanna gur féidir le custaiméirí brath ar an soláthar, beidh orainn athrú a dhéanamh ar an gcaoi a rialaímid, a n-oibrímid agus a ndearaimid an líonra ísealvoltais

 

Cén chaoi a bhfuil Leictriú an Teasa á Chumasú ag ESB Networks?

ESB Networks is enabling the electrification of transport by connecting at least one million EV's to the distribution system by 2030.   The distribution network has considerable capacity to accommodate electrified transport.  Mar sin féin, beidh codanna den líonra a bheidh luchtaithe go mór agus ina dtiocfaidh cnuasaigh d’fheithiclí leictreacha chun tosaigh óna dteastóidh réitigh chliste nó treisiú.

Agus muid ag déanamh beart de réir briathair ó thaobh ár ngealltanais de, seo atá á dhéanamh againn:

  • táimid ag tacú go gníomhach chun caighdeáin, beartais agus cóid chleachtais a fhorbairt ar leibhéal an rialtais, na bhforas náisiúnta agus na n-údarás áitiúil de réir mar a bheidh gá lena leithéid sa réimse seo
  • táimid ag obair chun caighdeáin agus dearthaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh luchtú feithiclí leictreacha
  • táimid ag obair ar uirlisí réamhaisnéise a fhorbairt a bheidh mar thacaíocht dár bpróiseas cinnteoireachta chun an córas a dhaingniú chun níos mó pointí luchtaithe a chur ar fáil le haghaidh feithiclí leictreacha

 

ecar home charger

Scagadh i gcomhair nascadh leis an mbonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha

In our newly published Networks for Net Zero Strategy | PDF 12 MB we committed to deliver the electricity network for Ireland’s Clean Electric Future through continued collaboration with our customers, stakeholders and business partners.  

In this regard, and in response to customer feedback, we have defined a specific connection screening process for EV recharging infrastructure developers. 

See connection screening process

Ceisteanna coitianta

Céard is Feithicil Leictreach ann?
Is éard is feithicil leictreach ann ná feithicil a dhéantar a chumhachtú go hiomlán nó go páirteach le cumhacht leictreach ó chadhnraí a luchtaítear ón líonra leictreachais.
Cé na Cineálacha Feithiclí Leictreacha atá ar Fáil?
  1. Feithiclí iad Feithiclí Leictreacha Ceallra (BEV) a gcuireann inneall leictreach amháin nó roinnt innill leictreacha ag bogadh iad. Faigheann na hinnill sin a gcumhacht ó fhuinneamh leictreach atá taiscthe i gceallraí a rinneadh a luchtú ón bpríomhlíonra leictreachais.
  2. Tá Feithiclí le Raon Breisithe nach mór mar an gcéanna le Feithiclí Leictreacha Ceallra, sa mhéid gur tarraingt leictreach amháin atá i gceist san dá cheann acu. I gcás na bhFeithiclí le Raon Breisithe, áfach, tá inneall dócháin inmheánaigh acu chomh maith a fheidhmíonn mar ghineadóir chun na ceallraí a luchtú, rud a mhéadaíonn raon na feithicle.
  3. Feithiclí iad Feithiclí Leictreacha Hibride Inluchtaithe (PHEV) ina bhfuil meascán d’inneall dócháin inmheánaigh, ceallraí agus mótar leictreach. Úsáideann an fheithicil breosla iontaise leis an inneall a rith nó le leictreachas a ghiniúint le haghaidh na gceallraí.
An bhfuil deontais ar fáil le feithiclí leictreacha a cheannach*?
Tá deontais ar fáil le feithiclí leictreacha áirithe a cheannach. Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a dhéanann an deontas a riar. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an scéim deontas, téigh chuig láithreán gréasáin an SEAI.
Céard é an raon tiomána atá ag feithicil leictreach?
Braitheann an raon tiomána ar mhéid an cheallra atá san fheithicil leictreach agus bíonn teicneolaíocht an cheallra ag feabhsú gach bliain. Faoi láthair, is iondúil go mbíonn raon feithiclí leictreacha idir 100km agus 500km.
An bhfuil luchtairí feithiclí leicteacha ina gcuid de Bhonneagar ESB Networks?
Ní le ESB Networks aon luchtairí d’fheithiclí leictreacha, cibé acu poiblí nó príobháideach. Ní dhéanann sé a leithéid a shuiteáil, a oibriú ná a chothabháil ach an oiread. Is é an t-aon rud a bhfuilimid freagrach as ná nasc sábháilte, iontaofa leis an líonra leictreachais a chur ar fáil le haghaidh luchtairí feithiclí leictreacha. Ar an suiteálaí nó ar an oibreoir atá an fhreagracht as gach rud eile.
Cá háit ar féidir liom m’fheithicil leictreach a luchtú?

Ceadaíonn ESB Networks nascadh luchtairí d’fheithiclí leictreacha leis an líonra. Áirítear leis sin luchtairí baile suas le 7kW, gnáthluchtairí poiblí suas le 22kW, mearluchtairí poiblí suas le 50kW agus mearluchtairí ardchumhachta atá níos mó ná 150kW.

Luchtú sa Bhaile: Is iondúil nach gá don chustaiméir tí iarratas a dhéanamh lena nasc a uasghrádú nuair atá sé ag iarraidh luchtaire suas le 7kW d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil sa bhaile ar chuntar nach bhfágfadh an luchtaire go sárófaí gnáth-uasacmhainn iompórtála (MIC) 12kVA an naisc. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú sin freisin aon teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile, amhail teaschaidéal, a bheadh sa teach céanna leis an luchtaire d’fheithiclí leictreacha.

Má tá nasc caighdeánach 12kVA ag custaiméir baile agus má chinntear go bhfuil nasc níos mó ag teastáil le luchtaire d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil, ba cheart dó iarratas a dhéanamh ar líne ar nasc feabhsaithe 16kVA.

Iarratas:

Do leibhéal soláthair a athrú

Ba cheart dul i ndáil chomhairle le conraitheoir leictreach lena fháil amach an gá an soláthar a uasghrádú.

Tá deontais ar fáil le haghaidh luchtairí baile. Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a dhéanann an deontas a riar. Is féidir teacht ar shonraí faoin scéim deontas ar láithreán gréasáin an SEAI.

Luchtú Poiblí: Tá líonra mór luchtairí poiblí ar fud Phoblacht na hÉireann in áiteanna ar an tsráid, in ionaid siopadóireachta, i gcarrchlóis, i stáisiúin seirbhíse, srl. Áirítear leo sin gnáthluchtairí poiblí suas le 22kW, mearluchtairí poiblí suas le 50kW agus mearluchtairí ardchumhachta atá níos mó ná 150kW.

Le tuilleadh faisnéise a fháil maidir le líonra na luchtairí poiblí d’fheithiclí leictreacha:

Téigh chuig irishevowners.ie

An bhfuil deontais ar fáil le haghaidh luchtairí baile?
Tá an Rialtas ag cur deontais ar fáil faoi láthair faoi chomhair luchtairí baile. Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a dhéanann an deontas a riar. Is féidir teacht ar shonraí faoin scéim deontas ar láithreán gréasáin an SEAI.
An gá dom ESB Networks a chur ar an eolas nuair a shuiteáiltear luchtaire d’fheithiclí leictreacha?

In an-chuid cásanna, is leor an Uasacmhainn Iompórtála chaighdeánach 12kVA a bhíonn ag custaiméirí de ghnáth.

Beidh do chonraitheoir leictreachais in ann labhairt leat faoin nasc is fearr a fhreastalóidh ar do riachtanais leictreachais. Más gá do chustaiméir a sholáthar a mhéadú, beidh air teagmháil a dhéanamh le ESB Networks.

Tuilleadh eolais:

Do leibhéal soláthair a athrú

Cá fhad a thógann sé feithicil leictreach a luchtú?

Tá ceithre rogha luchtaithe ann:

  • Luchtú sa bhaile (7kWh) - 6-8* n-uair an chloig
  • Luchtú poiblí ar an tsráid (22kWh AC) - 2-6* uair an chloig
  • Mearluchtú poiblí (50kWh DC) - chomh tapa le 30* nóiméad leis an gceallra a líonadh go 80%.
  • Mearluchtú ardchumhachta poiblí (150kWh DC agus os a chionn) - chomh tapa le 20 nóiméad leis an gceallra a líonadh go 80%

Tabhair do d'aire: Toisc go mbíonn cineálacha agus méideanna éagsúla ceallraí i bhfeithiclí leictreacha, ní hionann na hamanna luchtaithe do gach feithicil.

Céard é an Muirear Mótarchánach ar fheithicil leictreach?

Sonraí maidir leis an mótarcháin a ghearrtar ar fheithiclí leictreacha:

Téigh chuig gov.ie

Téigh chuig motortax.ie

An bhfuil aon fhaoiseamh ar fáil ón gCáin Cláraithe Feithiclí (CCF) ar Fheithiclí Leictreacha?

Tá faoiseamh CCF ar fáil ar fheithiclí leictreacha áirithe.

Le tuilleadh eolais a fháil:

Láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim