Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Leictriú an teasa agus an iompair

Woman charging ecar

Tá muidne in ESB Networks ag obair gan stad gan staonadh chun Éire a ullmhú do thodhchaí ísealcharbóin. 

Tá forbairt á déanamh ar an gcóras dáileacháin le go n-éascódh sé an brú i dtreo córas fuinnimh ísealcharbóin ina dtiocfaidh 70% den leictreachas a ghinfear ó fhoinsí ísealcharbóin faoin mbliain 2030. Chun é sin a bhaint amach, beidh orainn suas le 14 ghigeavata de ghiniúint inathnuaite a nascadh leis na líonraí tarchurtha agus dáileacháin. Caithfidh an líonra dáileacháin a bheith in ann freastal ar suas le 936,000 feithicil leictreach ar ár mbóithre agus suas le 600,000 teaghlach a mbeidh teicneolaíocht teasa leictrigh suiteáilte iontu, teaschaidéil mar shampla. 

Céard is leictriú an teasa agus an iompair ann? 

  • Chun leictriú an teasa agus an iompair a bhaint amach, úsáidtear leictreachas glan chun an carbón, i bhfoirm breoslaí iontaise, a ruaigeadh as an teas, as an iompar agus as an ngeilleagar. 
  • Feicfimid go mbeidh an leictreachas ar cheann de na bealaí is cost-éifeachtúla agus is praiticiúla chun spriocanna na hÉireann maidir le dícharbónú a bhaint amach. 
  • Faoi 2030, beidh 4 ghigeavata de thaisceadh ceallra, mar aon le solúbthacht chustaiméara, mar bhonn agus mar thaca ag dícharbónú an leictreachais agus bainistíocht chliste na líonraí, agus beidh cuid mhaith den acmhainn sin nasctha tríd an líonra dáileacháin. 

Tuilleadh faoi: 

Cén chaoi a bhfuil leictriú an teasa agus an iompair á chumasú ag ESB Networks? 

Ag teacht leis an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid an Rialtais ina ndeirtear “go gcaithfidh gach baile, gach pobal, gach ionad oibre agus gach feirm a bheith páirteach”, is é ról ESB Networks an plean gníomhaíochta seo a chumasú – “Ní mór do gach líonra a thacaíonn lenár saol oiriúnú go tapa”.  Táimidne, in ESB Networks, réidh don dúshlán seo agus tá  Electrification of Heat and Transport Strategy forbartha againn. Foilsíodh siar i mí Eanáir 2021 í. Mar a dúradh inár straitéis, chomh maith le 70% de ghiniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a nascadh agus a chumasú, tá ról lárnach againn maidir le leictriú an teasa agus an iompair a éascú.

Baineann ár dtiomantais straitéiseacha le: 

  • Bacainní beartais ESB Networks a bhaint 
  • Ár gcustaiméirí a mhealladh i dtreo an leictrithe agus iad a chumasú chun amhlaidh a dhéanamh 
  • A chinntiú go bhfuil an líonra ísealvoltais réidh 

Teicneolaíochtaí ísealcharbóin 

Mar thoradh ar leictriú an teasa, an iompair agus ár ngeilleagair, beidh ár gcuid custaiméirí ag glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin chucu féin, amhail Teaschaidéil, Feithiclí Leictreacha agus Micreaghiniúint ar nós Grianfhuinneamh - FV. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a bhfuil an líonra á fhorbairt againn chun an leictriú a chumasú, agus chun sonraí a fháil faoi na teicneolaíochtaí ísealcharbóin is bonn leis an aistriú sin, cliceáil ar na pointí tosaíochta thíos.