Clár na dTeicneolaíochtaí Ísealcharbóin

É a dhéanamh níos éasca agus níos sábháilte teicneolaíochtaí ísealcharbóin a nascadh
Ón 6 Eanáir 2025 ar aghaidh, aon duine ar mian leis feiste teicneolaíochta ísealcharbóin (grianphainéal, luchtaire d’fheithiclí leictreacha nó teaschaidéal, cuir i gcás) a shuiteáil nó a nascadh leis an líonra dáileacháin ísealvoltais (LV) in Éirinn, beidh air táirge a roghnú atá san áireamh i gClár Teicneolaíochtaí Ísealcharbóin ESB Networks.
Céard é Clár na dTeicneolaíochtaí Ísealcharbóin?
- Is éard atá i gClár na dTeicneolaíochtaí Ísealcharbóin ná liosta de na feistí a bhfuil bailíochtú déanta orthu lena chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha síos ag ESB Networks maidir le feistí a nascadh leis an líonra dáileacháin ísealvoltais. Tá treoir ghinearálta maidir leis an gClár ar fáil anseo.
- Is ann do dhá chlár:
- Giniúint - maidir le feistí giniúna a chaithfidh a bheith nasctha le hinbhéartóir (m.sh. grianphainéil), teicneolaíochtaí teorannaithe easpórtála agus taisc-cheallraí, tá an clár ar fáil anseo.
- Éileamh - maidir le luchtairí d’fheithiclí leictreacha, luchtairí ó fheithicil go heangach (V2G) agus teaschaidéil, tá an clár ar fáil anseo.
Ceisteanna coitianta
Is déantúsóir feiste teicneolaíochta ísealcharbóin mé agus ba mhaith liom mo tháirge a bheith san áireamh i gClár na dTeicneolaíochtaí Ísealcharbóin – céard is gá dom a dhéanamh?
Tá Threepwood Consulting ceaptha ag ESB Networks mar an Ghníomhaireacht Chomhlíontachta maidir le Teicneolaíochtaí Ísealcharbóin. Coinneoidh Threepwood Consulting Clár na dTeicneolaíochtaí Ísealcharbóin thar ár gceann. Is tríd an ngníomhaireacht chomhlíontachta sin a bheidh teagmháil ag ESB Networks le déantóirí feistí teicneolaíochta ísealcharbóin ó thaobh clárú táirgí de. Tá treoir ghinearálta maidir leis an bpróiseas clárúcháin le fáil anseo.
Ní mór do dhéantóirí feistí teagmháil a dhéanamh le LCT@threepwoodconsulting.com le tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin.
Is custaiméir nó conraitheoir mé atá ag déanamh iarratais le hacmhainn ghiniúna a nascadh leis an líonra dáileacháin ísealvoltais.
Le hiarratas a dhéanamh chuig ESB Networks le feistí giniúna a nascadh (grianphainéil, cuir i gcás), ní mór an fhoirm iarratais chuí a chomhlánú, i.e., NC6, NC7 nó NC8. Níl le déanamh ach Comhad an Chláir a oscailt agus cuardach le haghaidh uimhir thagartha an fheiste ar leith atá agat. Ansin, luaigh an uimhir thagartha sin ar an bhfoirm iarratais.
Dóibh siúd atá ag lorg deontas ón Rialtas faoi chomhair costas feiste teicneolaíochta ísealcharbóin, moltar dóibh féachaint freisin ar láithreán gréasáin an SEAI agus ar Chlár na dTrí E atá acu lena chinntiú go roghnaíonn siad táirge atá i gcomhréir le ceanglais an SEAI.