Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Kids showing artwork made with esb staff

Is é ‘Am le Léamh’ an chéad tionscnamh léitheoireachta idir an earnáil ghnó agus an earnáil oideachais in Éirinn. Mar aitheantas ar an ngá le tacú leis an gcóras oideachais agus le fórsa saothair na todhchaí, chuaigh ESB Networks i gcomhpháirtíocht le Gnó sa Phobal in Éirinn (BITC) i mbunscoileanna ar fud na hÉireann lena chur ar chumas fostaithe oibriú go deonach sa tionscnamh seo. Sa tionscnamh náisiúnta seo, tugtar deis do leanaí i rang a dó tacaíocht léitheoireachta a fháil ó oibrithe deonacha ó ESB Networks mar chuid de chlár 20 seachtain.  

Kids partaking in class activities
Ó cuireadh tús leis, tá baill foirne de chuid ESB Networks ag glacadh páirt sa scéim Am le Léamh, agus iad ag obair go deonach i scoileanna ar fud na tíre gach bliain. Ní hamháin go gcuireann an clár leis an taitneamh a bhaineann leanaí as an léitheoireacht agus lena gcuid muiníne sa léitheoireacht, ach feabhsaíonn sé a gcuid líofachta agus tuisceana freisin.