An am maith é seo?
Cuid 1: Ceisteanna coitianta
Tá ceist agam a bhaineann le mo chuntas ar líne ESB Networks, cá bhfaighinn tuilleadh eolais?
Féach na ceisteanna coitianta anseo le tuilleadh eolais a fháil ar do chuntas ar líne ESB Networks.
An dtiocfaidh athrú ar an taraif leictreachais atá agam má dhéanaim cuntas ar Líne ESB Networks nó má chláraím le luach saothair a fháil?
Ní thiocfaidh. Ní bheidh aon athrú ar an taraif leictreachais atá agat má dhéanann tú cuntas ar líne ESB Networks nó má chláraíonn tú le luach saothair a fháil faoin scéim ‘An Am Maith é Seo?’. Más mian leat an taraif leictreachais a athrú, beidh ort teagmháil a dhéanamh go díreach leis an soláthraí leictreachais.
Má dhéanann tú agus má úsáideann tú cuntas ar líne ESB Networks, beidh tú in ann sonraí do mhéadair chliste a íoslódáil, léamh méadair a chur isteach, d’Uimhir Thagartha Méadarphointe (MPRN) a aimsiú agus breathnú ar fhaisnéis faoi ghearrthacha cumhachta ó do MPRN(anna) cláraithe. Ina theannta sin, is féidir leat clárú le fógraí digiteacha a fháil i gcás gearrthacha cumhachta, seirbhís a bheidh againn amach anseo, an próiseas le nasc nua a fháil a thosú, agus clárú ar ár gclár ‘An am maith é seo?’ do chustaiméirí.
Cén chaoi ar féidir liom aiseolas a thabhairt ar ‘An am maith é seo?’
- Cuirfidh foireann ‘An Am Maith é Seo?’ suirbhé chugat ó am go chéile trí do chuntas ar líne ESB Networks le do dhearcadh a fháil. Uaireanta tiocfaidh na naisc seo chuig suirbhéanna ó B&A nó Bricolage, comhpháirtithe taighde dár gcuid.
- Anuas ar na suirbhéanna aiseolais, ba mhór againn aon aiseolas eile atá agat a chloisteáil. Is féidir é sin a chur chuig engagement@esbnetworks.ie
Cé na fearais i mo theach is mó a úsáideann fuinneamh?
- Tá liosta áisiúil foilsithe ag an SEAI ar an ábhar seo – breathnaigh ar SEAI‑ReduceYourUse‑Booklet.pdf.
- Seo a leanas na 5 fhearas is mó úsáid fuinnimh (úsáid in aghaidh na huaire) in ord íslitheach: cithfholcadh leictreach, triomadóir rothlaim, cócaireán leictreach, citeal agus iarann.
Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint leis an mbuaicthréimhse?
- Le linn buaicthréimhsí, má bhíonn brú ar an soláthar gáis, má bhíonn an ghiniúint fuinnimh gaoithe íseal, nó má bhíonn gineadóirí nó idirnascairí as seirbhís, tá baol ann nach mbeidh leibhéal na giniúna fuinnimh ard go leor ann le freastal ar an éileamh.
- Ó tharla go bhfuil Éire spleách ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte agus mar gheall ar eachtraí domhanda, tá an seans ann go mbeidh ganntanas ann ó thaobh giniúint leictreachais de ar na buaicuaireanta le linn an gheimhridh.
Cá huair a bhíonn an bhuaic ó thaobh úsáid leictreachais de?
- Beidh an buaicéileamh leictreachais ann de ghnáth idir 5 i.n. agus 7 i.n., Luan go hAoine. Uaireanta bíonn éileamh níos mó ar an soláthar leictreachais ar maidin le linn na seachtaine oibre, leis.
- Toisc go mbíonn éileamh níos mó ar leictreachas i rith na tréimhse seo, bíonn Éire ag brath níos mó ar bhreosla iontaise iompórtáilte, rud a fhágann go mbíonn an bhuaicthréimhse an‑chostasach agus níos déine ó thaobh carbóin de chun leictreachas a ghiniúint.
Cén fáth ar shocraigh ESB Networks ‘An am maith é seo?’ a sheoladh?
- Tá plean curtha ar bun in Éirinn le bogadh i dtreo fuinneamh a fháil ón ngaoth agus ó fhoinsí in‑athnuaite eile le neodracht carbóin a bhaint amach. Bíonn neart na gaoithe difriúil ó lá go lá. Athróidh leibhéal na giniúna fuinnimh dá bharr.
- Agus Éire ag brath níos mó agus níos mó ar an nginiúint leictreachais in‑athnuaite, beidh an córas leictreachais faoi bhrú in amanna áirithe. Ós rud é go bhfuil easpa acmhainní cúltaca giniúna againn, tá baol ann nach mbeidh an soláthar cumhachta in ann an t‑éileamh a shásamh. Is mó an riosca seo ag na buaic‑amanna idir 5 i.n. agus 7 i.n., Luan go hAoine.
- Amanna eile, agus leibhéal ard den ghiniúint fuinnimh gaoithe ann, seans go mbeidh leibhéal íseal d’úsáid leictreachais ann. Tabharfaidh sin deis do chustaiméirí leictreachas níos glaise a úsáid nach mbeidh chomh dian céanna ó thaobh carbóin de.
- Tá comhlachtaí áirithe de chuid an rialtais ag obair go dlúth le chéile ionas nach gcuirfear isteach ar chúrsaí agus le húsáid níos fearr a bhaint as soláthar níos glaise. Chuir ESB Networks clár dar teideal ‘Beir bua ar an mBuaic’ ar bun in 2022 mar chuid den chlár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla chun bheith ag obair le custaiméirí i dtithe cónaithe agus gnólachtaí. Is é an cuspóir atá ann an úsáid leictreachais a dhíriú ar amanna a mbíonn soláthar níos glaine ann seachas amanna a mbíonn an líonra faoi bhrú.
- Tionscnamh a bhaineann le ‘Beir Bua ar an mBuaic’ do thithe cónaithe atá san fheachtas ‘An Am Maith é Seo?’ ó ESB Networks. Feachtas feasachta agus rannpháirtíochta atá ann le daoine a chur ar an eolas faoin dóigh agus faoin tráth ar chóir dóibh an fuinneamh a úsáid i gcaitheamh an lae, is cuma cén soláthraí leictreachais atá acu. An cuspóir atá taobh thiar den fheachtas ná le eolas a thabhairt do rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann smacht a choinneáil ar a n‑úsáid leictreachais agus an deis a thabhairt dóibh luach saothair a bhaint amach as gníomhartha faoi leith a dhéanamh nuair a iarrfar a leithéid orthu, ar choinníoll go mbeidh critéir áirithe sna téarmaí agus coinníollacha á gcomhlíonadh acu.
Cuid 2: Clárú
Chláraigh mé le cumarsáid a fháil, rud nach bhfuil ag tarlú, cad ba cheart dom a dhéanamh?
- Agus tú ag clárú ar an scéim ‘An am maith é seo?’, úsáidfimid an t‑eolas teagmhála a thug tú dúinn nuair a chruthaigh tú cuntas ar líne ESB Networks. Bí cinnte gurb iad an seoladh ríomhphoist agus an uimhir fóin póca a thug tú atá á seiceáil agat. Murab ionann iad, beidh ort an t‑eolas a leasú.
- Má tharlaíonn nach bhfuil aon chumarsáid á fáil agat fós, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig engagement@esbnetworks.ie agus luaigh an uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist a úsáideann tú leis an gcuntas ar líne ESB Networks atá agat.
An gá dom méadar cliste a bheith agam le clárú?
- Ní gá. Ní theastaíonn méadar cliste le bheith páirteach san fheachtas seo.
Tá mé i dTuaisceart Éireann agus tá uimhir fóin ón Ríocht Aontaithe agam. An féidir liom clárú le haghaidh ‘An am maith é seo?’
- Is le Northern Ireland Electricity Networks (NIE Networks) na líonraí dáileacháin agus tarchurtha leictreachais i dTuaisceart Éireann (ní ESB Networks).
- Ós rud é gur scéim phíolótach é ‘An am maith é seo?’ atá á cur ar fáil ag ESB Networks dá chuid custaiméirí, tá daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann agus a bhfuil uimhir fóin póca ón Ríocht Aontaithe acu in ann clárú ar ‘An am maith é seo?’ ach ní bheidh siad i dteideal luach saothair a fháil.
An mbeidh mo chuid sonraí slán sábháilte má ghlacaim páirt in ‘An am maith é seo?’
- Gabhann ESB Networks air féin go gcomhlíonfar gach dlí príobháideachais sonraí is infheidhme agus go mbeidh gach sonra pearsanta a bhaineann le custaiméirí slán sábháilte.
- Is féidir leat breathnú ar bheartas príobháideachais agus fianán ESB Networks ach an nasc a leanúint sa bhuntásc ag bun láithreán gréasáin ESB Networks.
Cén cineál eolais a gheobhaidh mé?
- Gheobhaidh tú moltaí agus leideanna áisiúla faoin dóigh le smacht a choinneáil ar an úsáid leictreachais. Gheobhaidh tú foláirimh chomh maith i dtaobh imeachtaí fuinnimh ina molfar duit gníomh molta a ghlacadh le go mbeidh smacht agat ar d’úsáid leictreachais. Iarrfar ort muid a chur ar an eolas má éiríonn leat an gníomh molta a dhéanamh. Tá seans ann go n‑iarrfar ort aiseolas a thabhairt faoin dóigh a raibh cúrsaí.
Tar éis dom clárú, an mbeidh mé in ann díliostáil?
- Beidh, cinnte. I ngach teachtaireacht chumarsáide a gheobhaidh tú, tabharfar an deis duit ‘díliostáil’. Má bhíonn aon fhadhb agat, seol ríomhphost chuig engagement@esbnetworks.ie agus luaigh ‘Opt Out’ i líne an ábhair.
- Bealach eile le díliostáil ná logáil isteach ar an gcuntas ar líne ESB Networks atá agat, cliceáil ar an deilbhín ‘Faigh luach saothair’ sa chuntas sin, agus ‘Díliostáil’ a roghnú.
Tar éis dom clárú, cén chaoi a bhfaighidh mé nuashonruithe?
- Gheobhaidh tú tuairiscí chun dáta i dteachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist. Gheobhaidh tú níos mó eolais i do chuntas ar líne ESB Networks de réir a chéile.
Cad chuige a bhfuil cuntas ar Líne ESB Networks uaim chun clárú le ‘An Am Maith é Seo?’
- Beidh cuntas ar líne ESB Networks de dhíth ort le go mbeidh tú in ann plé i gceart leis an scéim ‘An Am Maith é Seo?’.
Ní custaiméir de chuid ESB Networks mé, an féidir liomsa clárú?
- Beidh, cinnte. Is é ESB Networks a dhéanann an eangach leictreachais a fheidhmiú do gach custaiméir leictreachais in Éirinn. Ní soláthraí leictreachais miondíola atá ionainn. Tá fáil ag gach custaiméir leictreachais ar an gclár ‘An am maith é seo?’, is cuma cén soláthraí atá acu.
Cén chaoi ar féidir liom clárú le haghaidh “An Am Maith é Seo?”
- Beidh cuntas ar líne ESB Networks ag teastáil le clárú.
- Más rud é nach bhfuil cuntas ar líne ESB Networks agat cheana féin, is féidir cliceáil anseo le ceann a shocrú.
- Má tá cuntas agat cheana féin, cliceáil anseo chun clárú ar “An am maith é seo?”.
Cuid 3: I ndiaidh dom clárú ar ‘An am maith é seo?’
Tá mé ag iarraidh mo chuid sonraí teagmhála a athrú – cad é mar is féidir sin a dhéanamh?
- Ós rud é go n‑úsáidimid an t‑eolas teagmhála a bhaineann le do chuntas ar líne ESB Networks, má chuireann tú na sonraí cearta teagmhála isteach ar an gcuntas sin beidh na sonraí sin suas chun dáta in aon chumarsáid mar chuid den scéim ‘An am maith é seo?’.
- Tabhair do d'aire: Caithfidh a uimhir fóin póca féin a bheith ann do gach cuntas custaiméara. Má dhéanann tú d’uimhir fóin póca a athrú chuig uimhir atá bainteach le cuntas ar Líne ESB Networks cheana féin, ní bhfaighidh tú aon chumarsáid maidir le ‘‘An am maith é seo?’.
Agus mé ag clárú, cén fáth ar iarradh faisnéis orm faoi mo chúinsí pearsanta?
- Ní theastaíonn uainn ach méid beag sonraí pearsanta le tú a chlárú leis an bhfeachtas. Mar sin féin, cuirfimid cúpla ceist ort le go mbeimid in ann leideanna agus eolas níos pearsanta a thabhairt duit. Tá na ceisteanna seo roghnach. Is féidir gan iad a fhreagairt más mian leat.
- Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin gcaoi a n‑úsáidimid do chuid sonraí inár dtéarmaí agus coinníollacha, atá ar fáil anseo.
Chláraigh mé ar ‘An am maith é seo?’, dhíchláraigh mé ansin, ach tá mé ag fáil nuashonruithe fós. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
- Seol ríomhphost chuig engagement@esbnetworks.ie agus luaigh ‘Unsubscribe’ i líne an ábhair.
Cuid 4: Luach saothair
Cathain a íocfar mo luach saothair liom?
An féidir liom an luach saothair a ofráladh dom a athrú?
Cén luach saothair a gheobhaidh mé as gníomhú?
- Gheobhaidh rannpháirtithe incháilithe suas le €5 i ngach imeacht ina gcuirfidh siad in iúl gníomh a bheith déanta acu, ar choinníoll go bhfuil UTM/MPRN (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) acu bainteach lena gcuntas ar líne ESB Networks nuair a bheidh an freagra ar an imeacht á chur isteach acu. Is mar ríomhchárta bronntanais a gheofar luach saothair.
Ní bhfuair mé an Ríomhchárta Bronntanais ó Prezzee. Cé atá in ann cuidiú liom?
Más rud é nach bhfuair tú an ríomhchárta bronntanais taobh istigh de 5 lá oibre, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig engagement@esbnetworks.ie
Cén chaoi a bhfaighidh mé luach saothair?
Is é Prezzee atá roghnaithe ag ESB Networks mar dhíoltóir don chlár ‘An am maith é seo?’. Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ó Prezzee agus sonraí ann faoi do ríomhchárta bronntanais. Seolfar an ríomhphost seo ón gcuntas delivery@mail.prezzee.uk. Beidh nasc ann leis an ríomhchárta bronntanais a chur ag obair.
Lean na céimeanna thíos le do ríomhchárta bronntanais a shocrú:
- Más mian leat do ríomhchárta bronntanais ó Prezzee a úsáid, caithfidh tú cuntas a chruthú le Prezzee ar www.prezzee.co.uk. Mar mhalairt, is féidir an aip Prezzee a íoslódáil, na treoracha a úsáid chun cuntas a chlárú agus ansin chun logáil isteach ar do chuntas ar líne le Prezzee.
- Nuair a gheobhaidh tú an ríomhphost faoin mbronntanas leictreonach ó Prezzee, níl le déanamh agat ach cliceáil ar an nasc sa ríomhphost agus an cód 4 dhigit sa ríomhphost a úsáid leis an luach saothair a chur ar obair.
- Beidh tú in ann do ríomhchárta bronntanais ó Prezzee a mhalartú ansin ar ríomhchárta bronntanais ó mhiondíoltóir/ó mhiondíoltóirí ar a láithreán gréasáin.
- Beidh do ríomhchárta bronntanais réidh lena úsáid ansin leis na miondíoltóirí is rogha leat ar líne nó istigh sa siopa.
An dtugtar luach saothair d’fhostaithe ESB mar chuid den scéim phíolótach ‘An am maith é seo?’
- Ní thugtar. Níl fostaithe ESB incháilithe le luach saothair a fháil.
An dtabharfar luach saothair dom as clárú ar ‘An am maith é seo?’?
- Tabharfar má dhéanann tú na critéir a shásamh.
- Gheobhaidh gach rannpháirtí cumarsáid maidir le hImeachtaí Fuinnimh. Caithfidh rannpháirtithe na critéir seo a leanas a chomhlíonadh má tá siad chun bheith incháilithe le luach saothair a fháil:
1) Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) a bheith acu agus an uimhir sin bailí agus nasctha lena gcuntas ar Líne ESB Networks.
2) Gníomh a dhéanamh le linn thréimhse shonraithe an Imeachta Fuinnimh.
3) Muid a chur ar an eolas go ndearna siad gníomh mar fhreagra ar an suirbhé i dtaobh an Imeachta Fuinnimh a gheobhaidh siad tríd an ríomhphost i ndiaidh an Imeachta Fuinnimh sin.
- Is gá freagraí a chur isteach taobh istigh de 72 uair an chloig ón tráth a bhfaightear suirbhé bunaithe ar an Imeacht Fuinnimh.
Cuid 5: Imeachtaí Fuinnimh
Mura ndéanaim beart de bhun an fhógra faoin Imeacht Fuinnimh, an ngearrfaidh ESB Networks pionós orm?
- Ní ghearrfaidh. Ní ghearrfar pionós ort mura ndéanann tú beart. Má bhíonn tú i dteideal luach saothair a fháil as bheith páirteach in Imeachtaí Fuinnimh agus más mian leat a leithéid a tharraingt anuas, beidh ort freagra a thabhairt ar an Imeacht Fuinnimh taobh istigh de 72 uair an chloig ón am a bhfaighidh tú an suirbhé mar fhreagra ar an Imeacht Fuinnimh.
- Gach freagra incháilithe a gheofar, is ionann é sin agus dearbhán digiteach €3 dóibh a bhfuil UTM (MPRN) acu bainteach lena gcuntas tráth a gcuirfear isteach an freagra ar an suirbhé.
Chuala mé iomrá ar Fholáireamh Córais. An ionann sin agus Imeacht Fuinnimh?
- Is éard atá i gceist le Foláireamh Córais ná foláireamh a chuireann EirGrid amach chuig an earnáil leictreachais nuair a bhíonn an bhearna idir acmhainn an tsoláthair leictreachais agus an t‑éileamh ar an soláthar sin níos déine ná mar ba mhaith le EirGrid. Má tharlaíonn a leithéid, is dócha go ndéanfaidh ESB Networks Buaicimeacht a fhógairt.
- Féadfar Imeachtaí Fuinnimh a fhógairt lá ar bith a mbeidh an leictreachas á úsáid ag cuid mhór daoine san am céanna, laethanta a mbeadh Foláireamh Córais ann agus, anuas air sin, laethanta eile a mbeadh éileamh mór ann ach leibhéal íseal den ghiniúint in‑athnuaite ann.
Nuair a iarrtar orm m’úsáid leictreachais a athrú go ham eile, an mbeidh sé sin níos costasaí?
- Iarrfar ar chustaiméirí ar an gclár ‘An am maith é seo?’ a n‑úsáid leictreachais a aistriú chuig tráthanna den lá a mbíonn athnuaiteáin bhreise ar an líonra nó a n‑úsáid leictreachais a aistriú chuig am eile má bhíonn brú ar an líonra.
- Más rud é go bhfuil tú cláraithe ar an gclár agus má tá do UTM (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) nasctha leis an gcuntas, gheobhaidh tú luach saothair mar ríomhchártaí bronntanais as gníomhú.
- Más mian leat tuiscint a fháil faoina mbeadh sé níos costasaí d’úsáid fuinnimh a athrú go dtí na hamanna seo, déan comparáid idir na hamanna seo agus an taraif reatha atá agat don leictreachas leis an soláthraí.
Tá fógra maidir le himeacht fuinnimh faighte agamsa ach níl sé faighte ag cara liom. Cén fáth é sin?
- Mar gheall ar na srianta agus cosaintí a theastaíonn mar chuid de na teachtaireachtaí lena Chasadh Air, ní bhfaighidh gach rannpháirtí iarratais den chineál seo.
- Cuirfear teachtaireachtaí lena chasadh air chuig grúpaí níos lú de rannpháirtithe a bhfuil UTM ag baint lena gcuntas agus atá lonnaithe i gceantar a bhfuil breis fuinneamh in‑athnuaite ar fáil ann san am sin.
Tá fógra faoi Imeacht Fuinnimh faighte agam. Céard atá i gceist leis seo?
Tá dhá chineál Imeachtaí Fuinnimh ann – Imeachtaí Solúbthachta agus Buaicimeachtaí.
- Is éard is Imeachtaí Solúbthachta ann amanna in bhféadfaimis iarraidh ort a bheith solúbtha i dtaobh cén chaoi agus cén t‑am a n‑úsáideann tú leictreachas, ar cheann de na bealaí seo:
- Nuair a bhíonn barrachas de ghiniúint leictreachais in‑athnuaite ann, d’fhéadfaimis tú a spreagadh chun leas a bhaint as an bhfuinneamh in‑athnuaite atá ar fáil toisc nach mbeidh sé chomh costasach ná chomh dian ar charbón ag an am seo agus a bheadh de ghnáth.
- Nuair a bhíonn méid níos lú fuinneamh in‑athnuaite ar fáil, am maith é sin chun smacht a fháil ar d’úsáid leictreachais agus chun fearais atá dian ar leictreachas a sheachaint, mar shampla an triomadóir rothlaim, an miasniteoir agus an t‑iarann.
- Is éard is Buaicimeachtaí ann tréimhsí ina mbíonn an‑chuid daoine ag úsáid an leictreachais ag an am céanna agus nach mbíonn go leor fuinneamh in‑athnuaite á ghiniúint le freastal ar an éileamh sin ar leictreachas. Dá bharr, bíonn an leictreachas níos costasaí agus níos déine ó thaobh carbóin de i rith buaicimeachtaí, agus seans nach bhféadfaí brath ar sheasmhacht an tsoláthair mar a d’fhéadfaí de ghnáth.
Cuid 6: Nuashonrú maidir le duaiseanna
Seoladh r-phost chugam maidir le duais ach níor fhuascail mé nó níor mhalartaigh mé an Cárta eGift, agus anois níl mé in ann an r-phost ó Prezzee a bhfuil an duais ann a aimsiú. An féidir an r-phost a sheoladh an athuair?
- Is féidir. Má theastaíonn uait go ndéanfaimid Cárta eGift ar bith a bhronnadh an athuair, déan teagmháil le engagement@esbnetworks.ie agus cabhróimid leat.
Seoladh duaiseanna chugam ar Prezzee roimh an 18 Samhain ach ní dhearna mé iad a fhuascailt ná a mhalartú go fóill. An mbeidh tionchar aige sin ar luach na nduaiseanna sin?
- Beidh duais ar bith a tuilleadh roimh an 18 Samhain bailí ag an luach a bhí air nuair a bronnadh ort é an chéad uair.
Cén fáth a bhfuil athrú tagtha ar na duaiseanna?
- Le bliain anuas, tá leathnú suntasacht tagtha ar an gclár. Chun freastal ar rannpháirtithe a bhfuil raon stíleanna maireachtála éagsúla acu, beidh muid ag cur níos mó imeachtaí ar siúl. Chun fás inbhuanaithe a chinntiú, déanfaimid duaiseanna €3 a thairiscint do rannpháirtithe. Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt in imeachtaí fuinnimh i gcónaí.