Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Tá duine sa teach atá spleách ar leictreachas ar chúiseanna leighis. An gcuirfidh tú gineadóir ar fáil fad a bheidh an gearradh beartaithe ann?

Ní chuirimid gineadóirí ar fáil i gcásanna den sórt sin. Cuirimid custaiméirí ar an eolas ar a laghad dhá lá oibre sula mbíonn aon ghearradh cumhachta beartaithe ann.

Mholfaimis duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir leighis le haon bhearta is cuí a phleanáil.

 

Tuilleadh eolais:

An Beartas maidir le Custaiméirí Leochaileacha 

An mbeidh an chumhacht ar ais ag feidhmiú faoin a luafar ar an bhfógra a gheobhaidh mé?

Is é is aidhm dúinn cloí i dtólamh leis na hamanna measta. Bíonn deireadh leis an gcuid is mó de na gearrthacha beartaithe de réir mar atá sa sceideal.
In amanna, mar sin féin, caithfidh an obair leanúint ar aghaidh níos faide ná a beartaíodh ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta. Caithfear tús áite a thabhairt do shábháilteacht na foirne agus na gcustaiméirí. Mar sin, agus gearradh cumhachta ann, ba cheart duit caitheamh leis an soláthar cumhachta amhail is dá mbeadh sé beo an t-am ar fad. D’fhéadfadh an soláthar cumhachta teacht ar ais ag am ar bith. 

 

I gcás gearrthacha cumhachta a bhfuil baint acu le níos mó ná 10 custaiméirí, beidh Fógraí Fíor-Ama ann dóibh sin go léir.

PowerCheck ESB Networks

Céard ba cheart dom a dhéanamh má imíonn an chumhacht le linn stoirme?
An é nach mbíonn gearrthacha beartaithe leictreachais ann ach ar laethanta oibre amháin?

Ní hé. D'fhéadfadh gearrthacha beartaithe a bheith ann lá ar bith den tseachtain.

Níl na soicéid sa teach ag feidhmiú. Ar chóir dom glao a chur ar ESB Networks?

Muidne atá freagrach as gach Gearradh Cumhachta sa Líonra suas go dtí Pointe an Mhéadaraithe. Tusa atá freagrach as an sreangú inmheánach. Déan na lasca tuisleacha agus na fiúsanna a sheiceáil. Féach ar an bhfíseán seo lena fhoghlaim:

 

Tá na lasca tuisleacha agus aidhníní seiceáilte agam agus tá gach rud i gceart. Mar sin féin, níl na soicéid beo fós. Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Molaimid duit teagmháil a dhéanamh le conraitheoir leictreach cláraithe lena fhiosrú.

An dtabharfar cúiteamh dom as an ngearradh cumhachta sceidealaithe seo?

Ní thabharfar. Ní thugaimid cúiteamh do chustaiméirí as gearrthacha cumhachta. Gné de ghréasán leictreachais is ea an chaoi go gcaithfear línte a lascadh as ó am go ham chun cothabháil a dhéanamh.

Tuigimid go maith go gcuirtear as dár gcustaiméirí má bhíonn gearradh seirbhíse ann. Déanaimid iarracht, nuair is féidir, obair a dhéanamh agus na línte beo. In amanna, áfach, is gá na línte a mhúchadh ar chúiseanna sábháilteachta. Mura ndéanfaí é sin, bheadh sé róchontúirteach ag foirne deisithe an líonra tabhairt faoin obair orthu. Cé go ndéanann muid ár ndícheall na gearrthacha sin a laghdú, tá siad riachtanach chun seirbhís leictreachais níos fearr a chinntiú.

Má bhíonn gearradh leictreachais ann, an ndíreofar na nithe sa reoiteoir lena linn?

Mura mbíonn aon leictreachas ann, beidh nithe sa reoiteoir sábháilte suas le 24 uair an chloig gan leictreachas má fhágtar an reoiteoir gan a oscailt. Bí cinnte doras an reoiteora a fhágáil dúnta fad a mhairfidh an gearradh cumhachta. Go ginearálta, ní mhaireann gearrthacha níos faide ná 8 n-uair an chloig.

Níor tháinig an soláthar leictreachais ar ais tráth a raibh súil leis. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:

PowerCheck ESB Networks

 

Cuir glao ar: 

1800 372 999 nó +353 21 2382410

Tá méid áirithe cumhachta ag teacht isteach sa teach agam. Cén fáth nach féidir le ESB Networks teacht amach chun an chumhacht a shocrú? Bheinn sásta íoc as.

Taobh istigh de do theach, an t-aon fhreagracht agus dliteanas atá ar ESB Networks ná an méadar leictreachais a chothabháil. Fút féin atá sé plé le haon suiteálacha leictreacha eile i do theach.

Níl an leictreachas ag feidhmiú sa cheantar a bhfuil mé ann. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:

 

PowerCheck ESB Networks

 

Ar líne:

Déan é a thuairisciú ar líne

 

Cuir glao ar:

1800 372 999 nó +353 21 2382410

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Teagmháil