Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Príobháideachas & socruithe fianán

Ceisteanna coitianta

Céard is fianán ann

Is éard is fianán ann ná píosa beag sonraí a iarrann suíomh gréasáin ar do bhrabhsálaí é a choinneáil ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach.

Cabhraíonn fianáin le suíomhanna gréasáin faisnéis chruinn faoi úsáideoirí na suíomhanna sin a bhailiú.  Ciallaíonn sé seo i gcoitinne go bhfuil sé níos éasca ort an gréasán a bhrabhsáil agus eispéireas pearsanta a bheith agat.

Déanann fianáin roinnt mhaith tascanna riachtanacha.  Mar shampla, déanann fianáin fhíordheimhnithe an t-úsáideoir a aithint nuair a dhéanann sé nó sí iarracht logáil isteach ar chuntas.  Cuireann cineálacha eile d’fhianáin de chumas ort siopadóireacht a dhéanamh ar líne agus míreanna a stóráil de réir mar a chuireann tú iad isteach i do chiseán siopadóireachta fíorúil.

Cineálacha fianáin

Is féidir le fianáin a bheith sealadach (fianán seisiúin) nó buan (fianán seasmhach).

Stóráiltear fianáin sheisiúin i gcuimhne shealadach do ghléis - seachas ar an tiomántán crua - le linn duit a bheith ag brabhsáil ar shuíomh gréasáin.  Is gnách a scriostar na fianáin seo nuair a dhúnann tú an brabhsálaí.  Dá mbeifeá leis an mbrabhsálaí a athoscailt agus cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin arís, ní ‘chuimhneodh’ an suíomh gur thug tú cuairt air roimhe seo.  Bíonn fianáin sheisiúin fós gníomhach go dtí go bhfágann tú an suíomh.

Stóráiltear fianáin dhianseasmhacha ar do thiomántán crua, agus bíonn siad dianseasmhach ó sheisiún go seisiún go dtí go scriosann tú iad, nó go dtí go mbaineann siad dáta socraithe éaga amach.  Féadtar faisnéis a stóráil i bhfianáin dhianseasmhacha, amhail sonraí logála isteach, leabharmharcanna, sonraí cárta creidmheasa agus socruithe agus téamaí roghnaithe – rud a chiallaíonn go mbíonn eispéireas níos tapúla agus níos réidhe agat ar líne.

Cé a sholáthraíonn an fianán

An Chéadpháirtí: Cuirimid fianán ar do ghléas agus is muidne amháin a bhaineann úsáid as an bhfianán. Tá sonraí faoi fhianáin ESB Networks le fáil inár socruithe fianán.

 

Tríú Páirtí: Fianáin ar le heagraíochtaí eile iad (mar shampla ár gcomhpháirtithe fógraíochta) agus a úsáidtear ar ár suíomh gréasáin agus ar ár bhfeidhmchláir. Tá sonraí faoi fhianáin tríú páirtí le fáil inár socruithe fianán.

 

Chun liostaí fianán ESB Networks a fheiceáil: ( cliceáil anseo)

Cén chaoi a n-úsáideann ESBN fianáin

Féadtar na fianáin ar ár suíomh gréasáin a ghrúpáil de réir ceithre chatagóir éagsúla.

Fianáin a bhfuil fíorghá ag baint leo: tá siad seo riachtanach le cur ar do chumas gluaiseacht timpeall ár suíomh gréasáin agus na gnéithe atá ann a úsáid.  Murach na fianáin seo, ní bheimis in ann na seirbhísí a d'iarr tú a chur ar fáil duit.

Fianáin Feidhmiúlachta: cuireann siad ar chumas ár suíomh gréasáin cuimhneamh ar na roghanna a rinne tú agus cabhrú chun eispéireas feabhsaithe agus níos pearsanta a chur ar fáil duit ar ár suíomh gréasáin.

Fianáin Feidhmíochta: cabhraíonn siad linn feabhas a chur ar ár suíomh gréasáin agus ar ár seirbhísí ar líne.  Bailíonn na fianáin seo faisnéis faoin gcaoi a bhfuil ár suíomh á úsáid, lena n-áirítear na leathanaigh sin is minice a dtugtar cuairt orthu.  Cabhraíonn sé seo linn eispéireas níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí.  Tá na fianáin seo anaithnid – rud a chiallaíonn nach mbaileoidh siad faisnéis chun thú a aithint. Úsáidimid seirbhísí anailíse gréasáin amhail Google Analytics 4 agus Hotjar.

Fianáin Dhírithe agus Fógraíochta: úsáidtear na fianáin seo chun cuidiú linn tuiscint níos fearr a fháil ar ár bhfeachtais fógraíochta agus conas iad a dhéanamh níos ábhartha duit.  Féadfaidh ár gcomhpháirtithe fógraíochta na fianáin seo a shocrú trínár suíomh gréasáin. Féadfaidh na cuideachtaí sin iad a úsáid chun próifíl de na suimeanna atá agat a chur le chéile agus, bunaithe ar an eolas seo, fógraí ábhartha ar shuíomhanna eile a thaispeáint duit. 

Úsáid Fianán a Bhainistiú

Is féidir lenár suíomh gréasáin fianáin a sheoladh chuig do bhrabhsálaí gréasáin má cheadaíonn sainroghanna do bhrabhsálaí é.  Déanann mórán suíomhanna gréasáin é seo nuair a thugann úsáideoir cuairt orthu d’fhonn sreafaí tráchta ar líne a rianú. 

Déantar fianáin a mheasaimid go bhfuil fíorghá a chumasú má mheasaimid go bhfuil feidhmíocht ár suíomhanna agus ár bhfeidhmchlár gréasáin ag brath orthu. Éilíonn gach fianán eile a úsáidtear ar shuíomhanna gréasáin ESBN, lena n-áirítear tairseach cuntas custaiméirí, go ndéanfaí fianáin a chumasú.   Féadfaidh tú toiliú a thabhairt chun na fianáin seo a chumasú trí chliceáil ar “glac le gach fianán” nó toiliú a thabhairt d’úsáid catagóirí fianán ar leith trí chliceáil ar “socruithe fianáin” agus do rogha a shábháil.  Má dhéanann tú fianáin a dhíchumasú, féadfaidh sé nach mbeidh tú in ann leas a bhaint as cuid dár seirbhísí ar líne.  Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin gan na socruithe a athrú, glacfaimid leis go bhfuil tú sásta na fianáin uile a fháil ar shuíomh gréasáin ESBN.

Nuair atá rogha déanta agat Fianáin Feidhmíochta nó Fianáin Dhírithe agus Fógraíochta a chumasú, féadfaidh do shonraí a roinnt leis na meáin shóisialta, le comhpháirtithe fógraíochta agus anailíseacha chun críocha anailíseacha agus/nó fógraíocht ábhartha a thaispeáint duit. Féadfaidh faisnéis a bhailíonn ár gcomhpháirtithe a stóráil ar a bhfreastalaithe, a d’fhéadfadh a bheith lonnaithe i dtríú tíortha. Tá liosta iomlán dár gcomhpháirtithe fógraíochta agus anailíseacha, agus ár gcomhpháirtithe sna meáin shóisialta le fáil faoi “Socruithe Fianán” ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leat do chuid roghanna fianáin a athrú ag am ar bith tríd an nasc “Socruithe Fianáin” ar ár suíomh gréasáin.

Cén chaoi le fianáin a rialú
Is féidir fianáin a rialú agus a scriosadh araon de réir mar is mian leat. Is féidir gach fianán atá ar do ríomhaire anois a scriosadh agus is féidir socruithe a chur i bhfeidhm ar fhormhór na mbrabhsálaithe chun iad a chosc. Má dhéanann tú é seo, áfach, féadfaidh sé go mbeidh ort coigeartú a dhéanamh ar roinnt sainroghanna gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin agus féadfaidh sé nach n-oibreoidh roinnt seirbhísí agus feidhmeanna dá bharr.