Athraigh leibhéal soláthair (Custaiméirí Tí)

Baineann Uasacmhainn Iompórtála (MIC) le gach pointe nasctha ar an líonra leictreachais. Déanaimid ár líonra a dhearadh le soláthar leictreachais a chur ar fáil duit de réir an MIC atá sonraithe.
Má chuir tú síneadh mór le do theach le déanaí nó má thosaigh tú ag úsáid trealamh leictreachais nua a bhfuil tuilleadh cumhachta de dhíth air, b’fhéidir nach leor do MIC reatha do do chuid riachtanas. B’fhéidir go mbeadh fadhbanna tugtha faoi deara agat, an fiús príomha ag séideadh, soilse ag ísliú nuair a bhíonn trealamh leictreach ar siúl ag an am céanna nó mótair leictreacha gan tosú an chéad uair.
Cláraithe cheana féin? Athraigh an leibhéal soláthair i dteach ag baint úsáide as do chuntas ar líne.
Logáil isteach i Mo chuntasMura bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid leictreachais a úsáideann tú ach tá fadbhanna iomlaoide voltais ag cur as duit mar sin féin, seans go bhfuil fadhb voltais i d’áitreabh nó ar ár líonra.
Agus an soláthar á mhéadú, tá seans ann go mbeidh an príomh-lasc-chlár le huasghrádú le go mbeidh sé in ann an lód níos mó a ghlacadh. Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheoir nó le hinnealtóir leictreachais leis seo a sheiceáil.
Má bhíonn athruithe ag teastáil, agus má dhéantar iad, cuirfidh do chonraitheoir leictreach deimhniú sreangaithe leictrigh ar fáil nuair a bheidh an obair thart. Ina dhiaidh sin, seolann comhlacht rialála an chonraitheora an deimhniú sin chugainn go leictreonach. Faigh tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas deimhnithe.
Nuair a bheidh an meastachán agat, is féidir íoc sa bhealach is fearr duit féin.
ESB Networks CGA
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Uimh. Cheadúnais. FCK 724
Wilton
Corcaigh
Nuair a dhéanfaidh tú íocaíocht (agus nuair a bheidh aon leasuithe déanta agus deimhnithe ag do chonraitheoir), cuirfimid an obair riachtanach i gcrích leis an MIC a mhéadú.
Tabhair do d'aire: I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfí an líonra áitiúil leictreachais a uasghrádú má táthar chun an MIC a mhéadú. Más amhlaidh an scéal, beidh ort ranníocaíocht chaipitil a dhéanamh faoi chomhair na hoibre sin mar chuid den íocaíocht linn. Tabharfar mionsonraí faoin ranníocaíocht sin sa mheastachán.