Baineann Uasacmhainn Iompórtála (MIC) le gach pointe nasctha ar an líonra leictreachais. Déanaimid ár líonra a dhearadh le soláthar leictreachais a chur ar fáil duit de réir an MIC atá sonraithe.
Mura bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid leictreachais a úsáideann tú ach tá fadbhanna iomlaoide voltais ag cur as duit mar sin féin, seans go bhfuil fadhb voltais i d’áitreabh nó ar ár líonra. Tuilleadh eolais
Lena fháil amach cén chaoi do MIC a mhéadú nó a laghdú, déan rogha thíos d'áitreabh baile nó d'áitreabh gnó agus lean na céimeanna.
Is éard is Uasacmhainn Iompórtála (MIC) ann ná an leibhéal uaséilimh leictreachais ar féidir le do nasc lenár líonra déileáil leis. Sonraítear an MIC i gcilea-voltaimpéar ach, i bhformhór na gcásanna, tá an luach seo cosúil le líon na gcileavataí ar féidir leis an nasc déileáil leis.
Cuirimid naisc ar fáil a fhreastalaíonn do roinnt mhaith leibhéil dhifriúla úsáide leictreachais. Nuair atá tú ag cur isteach ar nasc nua, caithfidh tú a shonrú cén leibhéal uaséilimh leictreachais a bheidh de dhíth ort. Luaitear an leibhéal sin, a dtugtar an MIC air, sa chomhaontú nasctha. Ansin déanaimid an líonra a dhearadh le modh nasctha a chur ar fáil de réir an MIC a comhaontaíodh.
Is féidir leat teacht ar do MIC agus do MEC (uasacmhainn iompórtála/uasacmhainn easpórtala) ar an leathanach ‘MPRN agus Socruithe Fógraí’ ar do Chuntas ar Líne ESB Networks.
Ba cheart duit do chuid riachtanas leictreachais a phlé le Conraitheoir Leictreachais. Beidh do chonraitheoir nó do shainchomhairleoir in ann a dheimhniú céard é an MIC ceart do do chuid riachtanas. As ár dtaithí féin, bíonn sé i bhfad níos lú ná suim rátálacha cileavata an trealaimh atá beartaithe agat a shuiteáil i nach mór gach uile chás.