Bogadh áitribh gnó

caithfidh tú do MPRN a chur in iúl do do sholáthraí lena chinntiú nach mbeidh aon bhriseadh sa nasc ná sa phróiseas billeála.
Chomh luath agus a bheidh tú cláraithe, seolfaimid Comhaontú Nasctha chugat.
Tabharfar sa Chomhaontú Nasctha sin breac-chuntas ar na coinníollacha ginearálta nasctha, chomh maith le haon téarmaí sonracha a bhainfidh le do nasc ar leith. Beidh an comhaontú bunaithe ar Uasacmhainn Iompórtála (MIC) reatha d'áitribh.
Sínigh do Chomhaontú Nasctha agus seol ar ais chuig an seoladh seo é:
ESB Networks CGA,
Rannóg na gCuntas Infhála,
Bóthar an tSáirséalaigh,
Wilton,
Corcaigh,
Éire.
Seiceáil go bhfuil an Uasacmhainn Iompórtála (MIC) i gceart do do chuid riachtanas.
Tá sé tábhachtach a dhearbhú go bhfuil an MIC oiriúnach do do chuid riachtanas. Má bhíonn an MIC ró-ard, beidh tú ag íoc as níos mó leictreachais ná mar atá de dhíth ort. Má bhíonn sé ró-íseal, d'fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú do threalaimh.
Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheoir nó le hinnealtóir leictreachais lena fháil amach cén MIC ab fhearr a d'oirfeadh duit. Le do MIC a athrú gabh chuig 'Do Sholáthar a Mhéadú nó a Laghdú'
Tabhair do d'aire: Ní mór duit Comhaontú Nasctha a shíniú agus a sheoladh ar ais sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh le do MIC a athrú.
Déan teagmháil le do sholáthraí leictreachais lena chur in iúl dó go bhfuil tú chun bogadh amach as d'áitreabh tráchtála.
Má thugann tú faoi deara go bhfuil na sonraí mícheart ar an gcomhaontú nasctha tar éis duit é a fháil ó ESB Networks, déan teagmháil le do sholáthraí leictreachais agus seolfaidh siadsan na leasuithe chuig ESB Networks.