Do MPRN a aimsiú



Cén chaoi teacht ar do MPRN

Is éard is Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) ann ná uimhir uathúil 11 digit atá sannta do do nasc agus do mhéadar leictreachais. 

  • Bíonn sí sa chúinne ar dheis ag barr an bhille ó do sholáthraí leictreachais.
  • Tosaíonn sí ar na digití "10" 
  • Tá sí 11 digit ar fad

Léirítear san fhíseán gairid seo cén chaoi teacht ar d'uimhir.

 

É sin nó is féidir leat 'Cuntas ar Líne ESB Networks' a chruthú le teacht ar do MPRN.

Le clárú le ESB Networks, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

Uimhir fóin póca - iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.

Is tábhachtach go dtabharfaidh tú an t-ainm, uimhir fóin póca agus seolagh ríomphphoist céanna dúinne agus a thug tú don soláthraí leictreachais.

Cruthaigh mo Chuntas

Tar éis d'uimhir MPRN a aimsiú?

Comhlánaigh an fhoirm seo le do léamh méadair a chur isteach anseo:

Cuir isteach léamh méadair

Do MPRN

Cén chaoi RM agus Sraithuimhir do Méadair a Aimsiú? 

  •  Tá RM agus sraithuimhir do mhéadair luaite ar aghaidh do mhéadair. Mar shampla, san íomhá thíos, is é RM 534 410 53319 an RM agus an tsraithuimhir (os cionn an bharrachóid).
  • Bíodh an uimhir seo ar eolas agat sula gcuirfidh tú glao ar an Lárionad Teagmhála Náisiúnta do Chustaiméirí ar 1800 372 757 
  • Má tá tú díreach tar éis bogadh isteach in áitreabh agus níl an MPRN ar eolas agat, is féidir linn RM agus sraithuimhir an mhéadair a úsáid leis an MPRN a aimsiú.

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil