Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Treoir céim ar chéim

Please choose below if the single unit in the multi development unit you are moving into is an existing development that has been previously energised or, if it is a new multi unit development.

Agus tú ag bogadh isteach chuig aonad aonair nua i bhforbraíocht nua ilaonad

Céim 1 - Faigh do MPRN agus MIC 

Le go mbeimid in ann an nasc nua a shocrú, sa chéad dul síos beidh an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) agus Uasacmhainn Iompórtála de dhíth ort don áitreabh nua. Beidh an forbróir nó an tógálaí in ann na sonraí sin a thabhairt duit.

 

Céim 2 - Seiceáil an MIC 

Sanntar grúpa Úsáide Dáileacháin Córais (DuoS) don nasc chomh maith. Mar aon leis an MIC, úsáidtear an DuoS chun na táillí a ríomh as an gcóras a úsáid go leanúnach. Tá sé tábhachtach an MIC cuí a roghnú chun freastal ar an riachtanas gnó atá agat mar beidh impleachtaí ag an rogha sin ar tháillí amach anseo. Beidh an t-innealtóir/conraitheoir leictreach in ann comhairle a chur ort maidir leis an MIC is fearr i do chás féin.

 

Déan teagmháil le ESB Networks ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 chun athrú ar MIC a shocrú. Beimidne ag obair leis an tógálaí nó forbróir chun línte agus cáblaí leictreachais a thabhairt chuig gach aonad. Beidh an próiseas a úsáidfear chun cumhacht a chur ar fáil chuig an nasc ag brath ar mhéid an MIC.

Bogadh isteach in aonad a bhfuil nasc ann cheana

Céim 1 - Déan teagmháil le soláthraí leictreachais 

Chun cuntas leictreachais a shocrú i d’ainm féin, déan teagmháil le do rogha féin de sholáthraí leictreachais agus bíodh an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) agat.. Sannadh Grúpa Úsáide Dáileacháin Córais don nasc i d’áitreabh roimhe seo (DuoS). Mar aon leis an MIC, , úsáidtear an DuoS chun na táillí a ríomh as an gcóras a úsáid go leanúnach.

 

Céim 2 - Seiceáil an MIC 

Tá sé tábhachtach an MIC cuí a roghnú chun freastal ar an riachtanas gnó atá agat mar beidh impleachtaí ag an rogha sin ar tháillí amach anseo. Beidh an t-innealtóir/conraitheoir leictreach in ann comhairle a chur ort maidir leis an MICis fearr i do chás féin. Déan teagmháil le ESB Networks ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 chun athrú ar MICreatha a shocrú.

Choose an MIC for your connection

Níos ísle ná 30 kVA

Céim 1 - Cláraigh le Soláthraí Leictreachais. 

Cláraigh le do rogha féin de Sholáthraí Leictreachais chun iarraidh go gcuirfear an chumhacht ar siúl. Beidh seoladh an áitribh de dhíth ort mar aon leis an MPRN.

 

Céim 2 – Cuireann an conraitheoir leictreachais an Deimhniú Sreangaithe isteach 

An Conraitheoir Leictreach a dhéanfaidh an sreangú leictreach i d’áitreabh a dheimhniú, caithfidh sé nó sí deimhniú sreangaithe a chur chuig a chomhlacht nó a comhlacht rialála agus an MPRN agus seoladh atá agat a thabhairt.  Tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe.
 

Céim 3 - Cuirtear an obair sa sceideal

Agus an bonneagar riachtanach i bhfeidhm againn, is féidir linn an obair a chur sa sceideal chun an chumhacht a chur ar siúl.

Céim 4 - Cuirtear an leictreachas ar siúl
Cuirfidh an Conraitheoir Leictreachais an leictreachas ar siúl i d’áitreabh ansin. 

Níos mó ná 30 kVA

Céim 1 - Cláraigh le Soláthraí Leictreachais. 

Cláraigh le do rogha Soláthraí Leictreachais féin. Beidh seoladh an áitribh uait mar aon leis an MPRN.

 

Céim 2 - Sínigh an Comhaontú Nasctha agus seol ar ais é 

Seolfaimid Comhaontú Nasctha chugat nach mór duit a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig:

 

 

Rannóg na gCuntas Infhála
ESB Networks CGA
Bóthar an tSáirséalaigh 
Wilton
Corcaigh
Éire

 

Má dhéantar aon leasuithe ar an gComhaontú Nasctha, beidh orainn doiciméad nua a eisiúint.

 

Céim 3 – Cuireann an conraitheoir leictreachais an Deimhniú Sreangaithe isteach 

An Conraitheoir Leictreach a dhéanfaidh an sreangú leictreach i d’áitreabh a dheimhniú, caithfidh sé nó sí deimhniú sreangaithe a chur chuig a chomhlacht nó a comhlacht rialála agus an MPRN agus seoladh atá agat a thabhairt.  Tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe

 

Céim 4 - Cuirtear an obair sa sceideal

Agus an bonneagar riachtanach i bhfeidhm againn, is féidir linn an obair a chur sa sceideal chun an chumhacht a chur ar siúl 

 

Céim 5 - Cuirtear an leictreachas ar siúl

Cuirfidh an Conraitheoir Leictreachais an leictreachas ar siúl i d’áitreabh ansin. 

Níos mó ná 100 kVA

Céim 1 - Cláraigh le Soláthraí Leictreachais 

Cláraigh le do rogha Soláthraí Leictreachais féin. Beidh seoladh an áitribh nua de dhíth ort mar aon leis an MPRN. Cuirfidh do sholáthraí an fhaisnéis sin ar aghaidh chugainne ansin. 

 

Céim 2 - Sínigh an Comhaontú Nasctha agus seol ar ais é

Seolfaimid Comhaontú Nasctha chugat nach mór duit a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig:  

Rannóg na gCuntas Infhála
ESB Networks CGA
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton
Corcaigh
Éire

Má dhéantar aon leasuithe ar an gComhaontú Nasctha, beidh orainn doiciméad nua a eisiúint.

 

Céim 3 – Cuireann an conraitheoir leictreachais an Deimhniú Sreangaithe isteach

An Conraitheoir Leictreach a dhéanfaidh an sreangú leictreach i d’áitreabh a dheimhniú, caithfidh sé nó sí deimhniú sreangaithe a chur chuig a chomhlacht nó a comhlacht rialála agus an MPRN agus seoladh atá agat a thabhairt. Tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe.

 

Céim 4 - Cuirtear an obair sa sceideal 

Agus an bonneagar riachtanach i bhfeidhm againn, is féidir linn an obair a chur sa sceideal chun an chumhacht a chur ar siúl.

 

Céim 5 - Cuirtear an leictreachas ar siúl

Cuirfidh an Conraitheoir Leictreachais an leictreachas ar siúl i d’áitreabh ansin.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí