Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Dínasc soláthar

Technician on an electricity pole

Disconnect the electricity supply from a building

B'fhéidir gur mhaith leat dul i dteagmháil le ESB Networks leis an soláthar leictreachais a dhínascadh go hiomlán ó fhoirgneamh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

  • Tharla tine san fhoirgneamh
  • Tá an fhoirgneamh le hathchóiriú
  • Níl cónaí ar aon duine san fhoirgneamh agus b'fhéidir gur guais sábhála é
  • Tá an foirgneamh le scartáil
  • Tá oibreacha cothabhála á ndéanamh ar d’áitreabh”

Tabhair do d'aire:Ní gá duit iarraidh orainn do sholáthar a dhínascadh má tá tú ag bogadh amach ach beidh daoine nua ag bogadh isteach go luath nó ní bheidh sé folamh ach go ceann tamaillín.

Treoracha áisiúla

Cén chaoi a iarraidh go ndínascfaí foirgneamh agus/nó go mbainfí méadar

Más mian leat do sholáthar a dhínascadh, ba chóir duit dul i dteagmháil le do sholáthraí agus d'uimhir chuntais nó do  MPRN thabhairt dóibh  Tá sonraí teagmhála na soláthraithe éagsúla le fáil  anseo, é sin nó bíonn uimhir fóin do sholáthraí ar bharr do bhille leictreachais i gcónaí. Cuir in iúl do do sholáthraí gur mian leat go ndéanfar do sholáthar a dhínascadh. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM), atá le feiceáil ar aghaidh naméadar.


Cuir in iúl do do sholáthraí gur mian leat go ndéanfar do sholáthar a dhínascadh. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM), atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.

Cineálacha Méadar


Más mian leat go mbainfear an méadar/na méadair, is féidir le do sholáthraí socruithe a dhéanamh le go ndéanfar amhlaidh tráth a ndínascfar an soláthar.


TÁBHACHTACH: Má bhíonn obair scartála beartaithe don fhoirgneamh, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí lena chur ar an eolas gur gá an tseirbhís a bhaint. Beidh an soláthraí in ann mar sin muidne a chur ar an eolas roimh ré.

Cén chaoi a iarraidh go mbainfí méadar d'fhoirgneamh tar éis a dhínasctha

Téigh i dteagmháil le ESB Networks agus iarr orthu an méadar a bhaint.

 

Nuair a théann tú i dteagmháil linn, tá sé tábhachtach go mbeadh  an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) agat. Is féidir teacht ar an MPRN ar an mbille a bhaineann leis an méadar/leis an bpointe nasctha. Uimhir thagartha uathúil is ea an MPRN, a chuireann in iúl dúinn go díreach cá bhfuil tú suite ar an líonra leictreachais.

 

Fón

1800 372 757 nó +353 21 2386555

 

R-phost

esbnetworks@esb.ie

 

 

Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leat seoladh an fhoirgnimh a insint dúinn, mar aon le huimhir an mhéadair (uimhir RM), atá le feiceáil ar aghaidh an mhéadair.

An soláthar a dhínascadh le hobair thógála a dhéanamh

I roinnt cásanna, d'fhéadfadh sé gur mhaith leat go ndínascfaí an soláthar leictreachais go hiomlán. Le déanamh amhlaidh, is gá do ESB Networks cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh leis an soláthar a dhínascadh go fisiciúil.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi sholáthar a dhínascadh, breathnaigh ar an gcuid thuas dar teideal Cén chaoi a iarraidh go ndínascfaí foirgneamh agus/nó go mbainfí méadar.

Cén chaoi a iarraidh go ndéanfaí an chumhacht ag m’áitreabh a dhínascadh go sealadach agus a athnascadh

Tá seans ann go mbeidh ESB Networks in ann Díscor Sealadach a éascú go díreach más gá an chumhacht a dhíscor ar feadh tréimhse ghearr (ar aon lá amháin de ghnáth) leis na hoibreacha a chur i gcrích go sábháilte.

  • Má bhíonn aon chostas ann, cuirfidh ESB Networks bille díreach chuig an gcustaiméir.
  • Má theastaíonn deimhniú leis an tseirbhís a athcheangal, cuirfidh ESB Networks an méid sin in iúl don chustaiméir.
  • Déan teagmháil le Seirbhís ESB Networks do Chustaiméirí ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 le tuilleadh eolais a fháil.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí