Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Roimh duit leanúint ar aghaidh

Tá tú tar éis a roghnú gur mian leat iarratas a dhéanamh ar athnascadh tí. Tógfaidh sé 10-15 nóiméad ort an próiseas iarratais seo a chur i gcrích.

Tréimhse an Tionscadail & Praghsáil Thipiciúil

  • Is é is aidhm dúinn meastachán a thabhairt laistigh de 15 lá gnó.
  • D'fhéadfadh sé go mbeadh orainn cuairt a thabhairt ar an láithreán leis an gcás a mheas. Mura mbeidh aon obair bhreise de dhíth leis an bpointe nasctha a thabhairt chun na gcaighdeán reatha, féadfar an teach a athnascadh a luaithe a bheidh an táille athfhuinnmhithe íoctha. Mar sin féin, mura mbeidh an pointe nasctha ag teacht leis na caighdeáin reatha, caithfear leis amhail is dá mba nasc nua é agus gearrfar an táille iomlán as nasc nua. Is gnách go ngearrtar €3,478 as gnáthnasc aonair (12 kVA) agus €4,710 as nasc feabhsaithe aonair (16kVA).
  • Agus tú tar éis glacadh leis an meastachán agus íocaíocht a dhéanamh, tá sé mar aidhm againn an nasc a chur i gcrích laistigh de 60 lá gnó.

Cé go ndéanfaimid gach uile iarracht na spriocfhrámaí ama seo a chomhlíonadh, is féidir go mbeidh moill ann mar gheall ar an éileamh ard atá ann faoi láthair. Ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

Cuir an seicliosta i gcló

Eolas & Doiciméid Éigeantacha

Athnascadh – Seicliosta

Le meastachán bailí a thabhairt duit, ní mór duit faisnéis chruinn a thabhairt i d'iarratas. Éilítear ar na nithe seo a leanas leis an iarratas a chur i gcrích:

Suíomh cruinn ina bhfuil do theach cónaithe a aimsiú

Le go mbeimid in ann an suíomh cruinn beacht a bhfuil an teach ann, beidh ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas ag teastáil uainn:

 

  • Comhordanáidí cruinne X/Y ITM nó GPS le suíomh agus treoshuíomh beacht d'áitribh a dhéanamh amachCén chaoi ar féidir Comhordanáidí ITM do láithreáin a aimsiú?

 

Is iondúil gur féidir teacht ar na comhordaitheoirí lárphointe ITM sa chúinne ag an mbarr ar dheis den léarscáil suímh de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Scríobhtar mar dhá uimhir sé dhigit iad, iad deighilte ag camóg.


Cén chaoi ar féidir Comhordanáidí GPS do láithreáin a aimsiú?
Léiríonn comhordaitheoirí GPS do shuíomh mar dhomhanleithead agus domhanfhad agus scríobhtar mar dhá luach uimhriúla iad, mar shampla (51.877520, -8.507442).

Is é Google Maps an bealach is éasca le do chomhordanáidí GPS a aimsiú. Ar fhón cliste nó ar ríomhaire, scaoil pionna ar shuíomh beacht do láithreáin. Beidh ort zúmáil isteach chomh fada agus is féidir leat leis an suíomh beacht a thabhairt. Le pionna a scaoileadh, cliceáil nó tapáil suíomh do láithreáin agus coinnigh síos é.

Ar fhón póca, tar éis duit an pionna a scaoileadh, tadhaill é le teacht ar na comhordaitheoirí GPS. Ar ríomhaire deisce, beidh na comhordaitheoirí GPS le feiceáil tar éis duit an pionna a scaoileadh, é sin nó is féidir leat deaschliceáil ar an bpionna agus ‘Céard atá anseo?’ a roghnú. Feicfidh tú an domhanleithead agus an domhanfhad ag bun an scáileáin.

 

  • Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) an áitribh

Gheobhaidh tú an uimhir seo ar aon bhille leictreachais atá agat. Mar mhalairt rogha, d’fhéadfá an uimhir a fháil ón méadar agus teagmháil a dhéanamh linn ar 1800 372 757 le go bhfaighimidne an uimhir.

 

  • Eircode an áitribh

Ba chóir go bhfaighfeá an t-éirchód ar an suíomh gréasáin Aimsitheoir Eircode (Eircode Finder)

Sonraí faoin lód agus faoi thoilleadh an naisc

Faisnéis theicniúil shonrach iad na sonraí faoin lód agus faoi thoilleadh an naisc . Lena chinntiú go mbeidh siad i gceart, téigh i gcomhairle le do Chonraitheoir Leictreach. Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil leis na sonraí a theastaíonn a fheiceáil agus iarraidh ar do Chonraitheoir Leictreach í a chomhlánú ansin. Beidh tú in ann an fhoirm chomhlánaithe a uaslódáil mar chuid den fhoirm iarratais.



Íoslódáil

Ceisteanna coitianta

Rinneadh an t-áitreabh a dhínascadh ar chúiseanna sábháilteachta agus teastaíonn uaim go nascfar arís é.
Is féidir le ESB Networks socruithe a dhéanamh le háitreabh a athnascadh gan iarratas a fháil ó sholáthraí i gcás gur dínascadh an t-áitreabh ar chúiseanna sábháilteachta agus ar chuntar go gcuirfear an t-athnascadh i gcrích tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis a dhínasctha. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh deimhniú ó chonraitheoir leictreachais ag teastáil lena dheimhniú go bhfuil an sreangú inmheánach sábháilte sula bhféadfar an t-athnascadh a dhéanamh. Mura bhféadfar an t-athnascadh a dhéanamh laistigh de 24 uair an chloig, beidh ort teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí agus ordú athnasctha a iarraidh orthu.Beidh deimhniú ó chonraitheoir leictreachais ag teastáil mar sin féin.
Is áititheoir nua ar an áitreabh mé – an gá dom fios a bheith agam cérbh é an soláthraí roimhe seo?
Ní gá. Más áititheoir nua ar an áitreabh thú, is cuma cérbh é an soláthraí roimhe. Cláraigh le do rogha soláthraí agus iarr an t-athnascadh orthu. Mar chuid den phróiseas seo, téann an tOibreoir Córais um Chlárú Méadar (MRSO) i dteagmháil leis an soláthraí a bhí ann roimhe seo, más gá. Feidhm “imfhálaithe” laistigh de ESB Networks is ea an MRSO agus é freagrach as an bpróiseas um athrú soláthraí. 
Táim tar éis obair thógála a chur i gcrích agus anois ba mhaith liom go n-athnascfaí an t-áitreabh.
Má rinneadh athrú ar an sreangú inmheánach agus gur gá an méadar a bhogadh anois, beidh ordú oibre um athrú seirbhíse ag teastáil de bhreis ar an ordú athnasctha. Déan teagmháil le do sholáthraí ar dtús agus iarr orthu iarratas ar athnascadh a chur chuig ESB Networks. Agus é sin déanta, déan teagmháil le ESB Networks leis an athrú seirbhíse a phlé. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le hathruithe seirbhíse, breathnaigh ar  Athruithe Seirbhíse.
Rinneadh an t-áitreabh a dhínascadh le 6 mhí anuas, ach níor thug mo sholáthraí coinne dom.
Mura n-aontaítear coinne le do sholáthraí, a luaithe a gheobhaidh ESB Networks an t-ordú déanfaidh an córas atá againn an jab a shannadh do theicneoir de chuid ESB Networks go huathoibríoch, duine a thabharfaidh cuairt ar an láithreán taobh istigh den ghnáth-thréimhse (2 go 5 lá oibre) leis an athnascadh a dhéanamh. Má tharlaíonn ar chúis éigin nach féidir leis an teicneoir de chuid ESB Networks an t-athnascadh a chur i gcrích agus é ar an láithreán, déanfaidh ár bhfoireann sceidealaithe teagmháil leat le coinne eile a aontú.  

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí