Baineann athrú seirbhíse lastuas leis an tseirbhís a théann ó chuaille go dtí an t-áitreabh, agus í ceangailte den simléar nó den bhinn go minic.
Baineann athrú seirbhíse faoi thalamh leis an tseirbhís a théann faoin talamh ó chuaille nó ó mhionbhosca leictreachais go dtí an t-áitreabh.
Le hiarratas a dhéanamh ar athrú seirbhíse:
Bíodh d’ Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) faoi láimh agat.
Má tá méadar ESB Networks le hathshuí freisin, ní mór é sin a chur in iúl do ESB Networks tráth an iarratais ar athrú seirbhíse.
Má tá an cábla seirbhíse le cur faoin talamh, beidh ar do chonraitheoir ducht faoi thalamh a shuiteáil le go rithfidh na cáblaí tríd. Beidh ort ESB Networks a chur ar an eolas nuair a bheidh an ducht réidh.
Beidh ar do chonraitheoir leictreachais cibé athruithe is gá a dhéanamh ar an sreangú inmheánach chun an méadar a athshuí chuig an suíomh nua. Ní mór don chonraitheoir deimhniú críochnaithe a chur ar aghaidh ar an obair sin a chríochnú.
Chomh luath agus a bheidh an íocaíocht, deimhniú sreangaithe agus fógra faoin ducht (más infheidhme) faighte againn, cuirfimid an t-athrú seirbhíse i gcrích laistigh de 5 nó 6 seachtaine.
Gearrtar táille ar athrú seirbhíse, rud a chaithfear a íoc roimh ré.
Gnáthathruithe seirbhíse - Clúdaíonn na táillí do ghnáthathruithe seirbhíse cuaille beag a bhogadh agus nasc aonair faoi thalamh/lastuas leis an méadar. D’fhéadfadh táille bhreise a bheith i gceist dá mbeadh gá le hobair bhreise. Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks aon chostais bhreise leat agus eiseofar sonrasc ar leith i dtaca leo.
Athruithe neamhghnácha - Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks na costais leat.
Athruithe ar áitribh thráchtála - Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks na costais leat.
Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann íocaíocht a dhéanamh ar an mbealach is fearr a fheileann duit. Agus tú ag déanamh íocaíochta, bíodh an meastachán agus an uimhir thagartha in aice láimhe.
Íoc ar líne.
Íoc tríd an bpost: Seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig:
ESB Networks CGA
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton
Corcaigh
Éire
Uimh. Cheadúnais FCK 724
SAORPHOST
Íoc ar an teileafón.
Íoc trí ríomhaistriú airgid.
Féach an leathanach sonrasc ó ESB Networks a íoc le tuilleadh eolais a fháil.