Is éard is mionghiniúint ann téarma a úsáidtear nuair a shuiteálann custaiméir gineadóir leictreachais atá ceangailte le hinbhéartóir, laistigh den raon atá clúdaithe sa sainmhíniú thíos, in áitreabh chun críocha leictreachas a ghiniúint.
Suiteáiltear na gineadóirí seo go hiondúil chun leictreachas glan a ghiniúint go háitiúil d’fhéintomhaltas, rud a laghdaíonn an gá agus an costas le leictreachas a cheannach.
Agus muid ar an aistear le chéile i dtreo saol glan leictreach, ligeann an mhionghiniúint do chustaiméirí dul i mbun gnímh d’fhonn dul i ngleic le fadhbanna éagsúla amhail an t-athrú aeráide, praghsanna leictreachais atá ag dul in airde agus an gá le breoslaí iontaise.
Tá an mhionghiniúint deartha chun feidhmiú i gcomhar leis an líonra leictreachais agus aithnítear í mar fhoinse d’fhuinneamh leictreachais ceangailte le hinbhéartóir, agus an trealamh leictreachais go léir atá bainteach leis, sa réimse seo a leanas:
Le heolas a chur ar na riachtanais theicniúla don mhionghiniúint, féach an doiciméad Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú na Mionghiniúna agus na Ceisteanna Coitianta ag deireadh an leathanaigh seo. Mar eolas, coinneofar súil ar na ceisteanna coitianta agus déanfar iad a nuashonrú go rialta. Má bhíonn aon cheisteanna eile agat faoin bpróiseas iarratais, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig dsominigeneration@esb.ie.
Más mian leat mionghineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais, ní mór na céimeanna atá sa doiciméid Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna thíos a leanúint. Moltar duit an doiciméad seo a léamh sula dtosóidh tú ar d'iarratas.
Má tá Scéim chun Easpórtáil a Theorannú ann mar chuid de do nasc, féach Na Coinníollacha a Rialaíonn Scéim chun Easpórtáil a Theorannú a Nascadh agus a Oibriú ag LV agus MV. Féach nasc anseo.
Tabhair faoi deara: I gcás naisc don Mhionghiniúint, ní cheadaítear don Uasacmhainn Easpórtála (MEC) a bheith níos airde ná an Uasacmhainn Iompórtála (MIC).
An sainmhíniú atá ar an Uasacmhainn Easpórtála (MEC) ná an chumhacht uasta in kVA atá ceadaithe ag ESB Networks lena haistriú ó nascphointe an chustaiméara chuig Líonra an Oibreora Córais Dáileacháin.
Tabhair faoi deara: Déanfar an fhoirm iarratais tosaigh agus na doiciméid a ghabhann léi a sheiceáil chun a n-iomláine, cruinneas agus comhlíonadh a fhíorú. Eiseofar sonrasc don táille iarratais ábhartha ansin. Ní mheastar an t-iarratas críochnaithe go dtí go n-íoctar an táille iarratais ghaolmhar.
Bunaithe ar na sonraí a chuirtear ar fáil san iarratas, agus i bhfianaise an tseans go n-imreoidh suiteálacha tionchar ar an gcóras dáileacháin, beidh ar ESB Networks measúnú teicniúil iomlán a dhéanamh ar nascphointe sula n-eiseofar tairiscint naisc d’fhonn a áirithiú nach sáraítear an acmhainn nasctha; go gcoinneofar sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht na heangaí; agus chun a fháil amach cén cineál oibreacha uasghrádaithe, más ann, a bheidh ag bheidh le déanamh ar an gcóras chun an nasc a éascú. Mar thoradh ar an ardéileamh atá ann faoi láthair, bíonn tréimhse idir 8 agus 10 seachtain ar an meán ó dháta íoctha an táille iarratais i gceist chun na doiciméid tairisceana a eisiúint. I gcás líon beag iarratas casta, seans go dtógfaidh an chéim seo beagán níos faide.
Chun sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht leanúnach na heangaí a áirithiú, ní mheasfar go bhfuil aon tairiscint ná comhaontú maidir le nascadh tar éis teacht i bhfeidhm go dtí go mbeidh an measúnú teicniúil riachtanach déanta ag ESB Networks. Níor cheart tabhairt faoi ghníomh ar bith chun an trealamh giniúna sonraithe a nascadh mura gcuirtear, agus go dtí go gcuirfear, mionsonraí na tairisceana naisc in iúl duit agus go nglacfar leo.
Íoslódáil an fhoirm iarratais nuashonraithe (Meitheamh 2022) don mhionghiniúint (NC7) ar an nasc thíos nó cuir glao ar 1800 372 757 le cóip a iarraidh. Ba cheart an fhoirm seo a úsáid le haghaidh gach iarratas nua. Glacfar leis an leagan roimhe seo d’fhoirm NC7 go dtí an 31/07/2022 chomh maith.
Foirm Iarratais NC7 | Íoslódáil PDF | 97 KB
Cuir an fhoirm chomhlánaithe chomh maith leis na doiciméid atá le gabháil léi a thugtar seo thíos chuig dsominigeneration@esb.ie:
Rogha eile atá agat ná gur féidir do chuid doiciméad a chur sa phost chuig:
ESB Networks CGA
Mionghiniúint NC7
Naisc Nua
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton Co.Chorcaí
T12 E367
Déantar an t-iarratas a athbhreithniú ar bhonn tráchtála. A luaithe a mheastar é a bheith i gcrích ó thaobh na tráchtála de, gheobhaidh tú ríomhphost ina gcuirfear uimhir an tsonraisc in iúl duit, chomh maith leis na roghanna íocaíochta éagsúla atá ar fáil. Eiseofar sonrasc CBL don táille iarratais neamh-inaisíoctha, is é sin €977.85 (CBL ar 23% san áireamh) taobh istigh de 10 lá gnó.
Féach anseo le haghaidh sonraí faoin gcaoi leis an sonrasc a íoc. Cuir nóta chuig dsominigeneration@esb.ie nuair a bheidh an táille íoctha. Má tharlaíonn nach bhfaighfear an íocaíocht sula mbíonn an 30 lá istigh, de réir théarmaí na híocaíochta, glacfar leis nach mbeidh tú ag leanúint ar aghaidh leis an iarratas agus beidh ort iarratas eile a dhéanamh. Déanfar iarratais a phróiseáil de réir mar a thiocfaidh siad isteach.
Nuair a gheofar an táille don iarratas, eiseofar an t-iarratas le go ndéanfar athbhreithniú teicniúil air. Úsáidfear na sonraí ar fhoirm iarratais NC7 le tairiscint nasctha a eisiúint i leith na suiteála Mionghiniúna.
Tabhair faoi deara: I gcás naisc don mhionghiniúint, ní cheadaítear don Uasacmhainn Easpórtála (MEC) a bheith níos airde ná an Uasacmhainn Iompórtála (MIC).
An sainmhíniú atá ar an Uasacmhainn Easpórtála (MEC) ná an chumhacht uasta in kVA atá ceadaithe ag ESB Networks lena haistriú ó nascphointe an chustaiméara chuig Líonra an Oibreora Córais Dáileacháin.
Más mian leat glacadh leis an tairiscint nasctha don mhionghiniúint, beidh ort an comhaontú nasctha a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos agus, nuair is bainteach, an ranníocaíocht chaipitil a ghabhann leis a íoc.
ESB Networks CGA
Mionghiniúint NC7
Naisc nua
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton
Co. Chorcaí
T12 E367
Ná suiteáil mionghineadóir mura bhfuil an comhaontú nasctha lena mbaineann sínithe agus curtha ar ais agat. Ní rachfar ar aghaidh le haon oibreacha go dtí go mbeidh na coinníollacha atá sa chomhaontú nasctha comhlíonta agus go mbeidh aon obair thógála atá le déanamh ag ESB Networks curtha i gcrích.
Tar éis a shuiteála don mhionghineadóir, caithfidh an custaiméir teastas deimhnithe ar shuiteáil mionghiniúna comhlánaithe a chur ar fáil. Ba cheart an teastas deimhnithe sin a chur ar fáil a luaithe a nasctar an gineadóir, agus laistigh de dhá mhí dhéag ar a mhoille ó dháta eisiúna na cáipéisíochta um thairiscint ar nascadh.
Ina theannta sin, má tá Scéim chun Easpórtáil a Theorannú (ELS) á suiteáil, caithfidh an custaiméir Foirm Thástála chomhlánaithe don scéim a chur ar fáil.
Tabhair do d'aire, ní dhéanfar an MEC comhfhreagrach a nuashonrú agus a chur in iúl don soláthraí leictreachais agat go bhfaighidh ESB Networks do theasta(i)s deimhnithe ar shuiteáil mionghiniúna.
Ceann Litreach nó Lógó an Chustaiméara
Ainm an Chustaiméara
Ainm Chuideachta an Chustaiméara (más bainteach)
Seoladh Comhfhreagrais Líne 1
Seoladh Líne 2
Contae
Éirchód
MPRN XXX XXX XXX XX
Chuig: ESB Networks
Dáta: XX/XX/2022
Maidir le: Údarú le haghaidh Ainm Sainchomhairleora/Ainm na Cuideachta Suiteála chun gníomhú ar mo shon
LITIR ÚDARÁIS
DON TÉ LENA MBAINEANN
Tugaim, mar shealbhóir an chuntais leictreachais do MPRN XXX XXX XXX XX, údarás leis seo do Ainm Sainchomhairleora/Ainm na Cuideachta Suiteála chun gníomhú thar mo cheann i ngach ábhar a bhaineann leis an iarratas ar mhionghiniúint a nascadh ag Seoladh an tSuímh Líne 1, Seoladh Líne 2, Contae, Éirchód.
Mar chuid de seo, tá an t-údarás chun foirm iarratais NC7 a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach, aon sonraisc bhainteacha a íoc agus gníomhú mar theagmhálaí maidir le haon cheisteanna i dtaca leis an iarratas.
Síniú:
XXX
Ainm: Ainm an Chustaiméara
R-phost: Seoladh ríomhphoist an chustaiméara
Ná suiteáil fearas mionghiniúna mura bhfuil an Comhaontú Nasctha lena mbaineann sínithe agus curtha ar ais agat. Ní rachfar ar aghaidh le haon oibreacha go dtí go mbeidh na coinníollacha atá sa Chomhaontú Nasctha comhlíonta agus go mbeidh aon obair thógála atá le déanamh ag ESB Networks curtha i gcrích.
Is iondúil go mbíonn na gineadóirí seo deartha chun múchadh nuair a bhíonn an soláthar ón líonra leictreachais dícheangailte.
Gné shábháilteachta é sin de na córais chosanta a bhíonn ina gcuid de ghléasanna dá leithéid. Cosnaíonn an ghné seo an gineadóir féin agus cinntíonn freisin nach gcruthóidh an gineadóir guais fhéideartha i gcás lochta tríd an líonra seachtrach leictreachais a dhéanamh beo.
Bíodh sin mar atá, is féidir gineadóirí áirithe a shuiteáil sa chaoi gur féidir iad a oibriú nuair a bhíonn an soláthar leictreachais dícheangailte. Leis an méid sin a dhéanamh, ní mór don áitreabh a bheith aonraithe go fisiciúil ón líonra seachtrach leictreachais. Ceanglas sábháilteachta é sin faoi Rialacháin Sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus éilíonn sé lasc aistrithe agus athruithe eile ar shreangú inmheánach an áitribh le gur féidir an gineadóir oibriú go sábháilte. Le teacht ar a thuilleadh eolais faoi na gineadóirí seo, lena n-áirítear a mbeadh ag teastáil uait le hé seo a chumasú i d’áitreabh féin, déan teagmháil le leictreoir cláraithe de chuid Safe Electric, le cuideachta oiriúnach suiteála gineadóirí nó le monaróir trealaimh gineadóra go díreach.
Cinnte. Is féidir leat mionghineadóir a nascadh i dtreocheangal le ESB Networks ar chuntar go bhfuil na ceanglais atá sa doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" comhlíonta agat.
Le heolas a chur ar an bpróiseas, léigh an doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" (Íoslódáil an PDF | 503 KB).