Foinse fuinnimh leictrigh is ea micrighineadóir a fheidhmíonn i gcomhthreo le córas ísealvóltais (LV) ESB Networks chomh hard leis na rátaí seo a leanas (agus iad sin san áireamh):
Seo a leanas roinnt samplaí de chineálacha éagsúla micrighineadóirí:
Más mian leat micrighineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais, ní mór na céimeanna atá sa doiciméid Na coinníollacha a rialaíonn nascadh agus oibriú micrighiniúna. Is fearr é sin a léamh roimh thosú.
Na coinníollacha a rialaíonn nascadh agus oibriú micrighiniúna | Féach ar an PDF | 518 KB
Déan iarratas ar líne
Nó
Déan iarratas as líne
Tabhair do d’aire, ón 3 Márta 2025 ar aghaidh, nach bpróiseálfaimid iarratais mhicrighiniúna a chuirtear isteach chuig ESB Networks tríd an ríomhphost a thuilleadh. Ní bheidh aon athrú ar iarratais mhicrighiniúna a chuirtear chugainn tríd an ngnáthphost.
Íoslódáil an fhoirm fógra NC6 (PDF | 135 KB) nó cuir glao ar 1800 372 757 le cóip a iarraidh.
Seol an fhoirm chomhlánaithe tríd an r-phost chuig networkservicesbureau@esb.ie, nó seol tríd an bpost í chuig:
Tá sé de dhualgas ortsa a chinntiú gur conraitheoir leictreachais cláraithe a dhéanfaidh an micrighineadóir a shuiteáil de réir chaighdeái Safe Electric.
I gcás inar shuiteáil tú micrighiniúint roimhe seo ach nár chuir tú an fhoirm fógra maidir le micrighiniúint NC6 ar aghaidh ag an am, tabhair cuairt ar Clárúchán siarghabhálach micrighiniúna.
Ní féidir gineadóirí cúltaca a úsáid chun leictreachas a dhíol leis an eangach leictreachais. Más mian leat gineadóir a nascadh a bhfuil aschur níos mó aige ná mar a bhíonn i gceist i gcás micrighiniúna, téigh chuig Mionghiniúint.
Cuireadh in iúl dúinn le déanaí go bhfuil roinnt aonad micrighiniúna á suiteáil a bhfuil sruthanna aschuir acu a théann níos airde ná an teorainn a cheadaítear do Shruth Rátaithe (de réir Tástála Cineáil) 25A, de réir dhoiciméad ESB Networks dar teideal Na coinníollacha a rialaíonn nascadh & Oibriú micrighiniúna.
Aithnímid go bhféadfadh sé gur ceannaíodh agus gur suiteáladh aonaid bunaithe ar thagairtí samhlacha an mhonaróra seachas faisnéis shonrach ar bhileog sonraí. Chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar bhealach réasúnta agus chun soiléireacht iomlán a chinntiú, cuirimid in iúl anois go leanfaimid ar aghaidh ag glacadh le hiarratais ar aonaid dá dtagraítear mar 6kW, ach a bhfuil Sruth Rátaithe (de réir Tástála Cineáil) chomh hard le haon phas 28A ar a mhéad, go dtí an 31 Bealtaine 2023, ach ón dáta sin ar aghaidh, aon aonad ag a bhfuil Sruth Rátaithe (de réir Tástála Cineáil) os cionn 25A, ní bheidh sé incháilithe lena nascadh faoin mbealach iarratais ar nascadh micrighiniúna NC6
Níl aon fheidhm ag ESB Networks maidir le trealamh nó lucht suiteála a cháiliú. Mar sin féin, mar chuid den iarracht chun faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí maidir le trealamh agus lucht suiteála cáilithe ar mian leo an taraif a fháil, beidh liostaí ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann de tháirgí agus lucht suiteála cláraithe a bhfuil na caighdeáin agus an creidiúnú ábhartha á gcomhlíonadh acu.
Tá an liostaí á gcur le chéile faoi láthair agus beidh siad ar fáil go gairid ar shuíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana Éireann anseo:
Ba cheart do sholáthraithe agus do lucht suiteála ar mian leo clárú teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Údarás:
Nó seol r-phost chuig:
D'fhéadfadh laghdú a theacht ar do bhille toisc nach mbíonn an oiread céanna cumhachta á tarraingt agat ón líonra leictreachais agus a bhíodh.
Mar sin féin, ní bheidh aon athrú ar an mbuanmhuirear.