Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Roimh duit Leanúint ar Aghaidh

Tá tú tar éis a roghnú gur mian leat iarratas a dhéanamh ar nasc tráchtála nua. Baineann an t-iarratas seo le háitreabh aonair tráchtála nó tionsclaíoch ar láithreán nua, le haonaid atá ann cheana atá le roinnt ina n-aonad nua nó le háitribh feirme ina n‑úsáidtear lóid de 30 kVA nó níos mó go hiondúil (m.sh. bleánlanna, ceardlanna ina bhfuil trealamh táthaithe nó tionscal tinteáin meánach nó mór).

 

Le meastachán bailí a thabhairt duit, ní mór duit faisnéis chruinn a thabhairt i d'iarratas.

Tréimhse an tionscadail agus praghsáil thipiciúil 

  • Nuair a bheidh na doiciméid iarrtha uile agat, níor chóir go dtógfadh an próiseas iarratais ach 10-15 nóiméad.  
  • Tá sé mar aidhm againn luachan a sholáthar laistigh de 15 lá gnó (MIC < 100kVA) nó 90 lá gnó (MIC > 100kVA). 

Maidir le gnó beag tráchtála, agus tú tar éis glacadh leis an meastachán agus íocaíocht a dhéanamh, tá sé mar aidhm againn an nasc a chur i gcrích laistigh de 60 lá gnó. 

I gcás ualach mór, d’fhéadfadh aga tionscanta suntasach a bheith i gceist idir iarratas a dhéanamh agus nascadh, mar tá neart oibre i gceist amhail fiosrúchán a dhéanamh ar an modh nasctha, costais a bhunú agus nuair a dhéantar an ranníocaíocht, obair a dhéanamh chun nasc a sholáthar. Bíonn éagsúlacht mhór in amanna nasctha ó shuiteáil amháin go suiteáil eile. D’fhéadfadh ualaí móra ísealvoltais nó ualaí beaga meánvoltais, go hiondúil os cionn 200kVA, lena mbaineann fostáisiún 6 go 9 mí a ghlacadh ó iarratas go nasc; d’fhéadfadh ualaí móra gnó, e.g. os cionn 4MVA, óna dteastaíonn nasc ardvoltas 110kV os cionn 2 bhliain a ghlacadh. 

Cé go ndéanfaimid gach uile iarracht na spriocfhrámaí ama seo a chomhlíonadh, is féidir go mbeidh moill ann mar gheall ar an éileamh ard atá ann faoi láthair. Ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht. 

Eolas agus doiciméid éigeantacha 

Seicliosta le haghaidh nasc aonad tráchtála nua 

Éilítear ar na nithe seo a leanas leis an iarratas a chur i gcrích:  

Cóip dhigiteach de do phlean láithreáin
  • Plean Láithreáin agus an foirgneamh marcáilte go soiléir le dath dearg**  
  • Sonraíochtaí an Phlean Láithreáin: 
    • Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, JPG, PNG nó TIF  
    • Uasmhéid an chomhaid: 20 MB  
    • Scála 1:100 Ceantair thuaithe, 1:500 Ceantair uirbeacha  
**Ba chóir go mbeadh an tógálaí nó an t-ailtire in ann an léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an plean láithreáin a thabhairt duit. Mura bhfuil siad agat, is féidir iad a cheannach ar  láithreán gréasáin Thailte Éireann.


Cóip dhigiteach de léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis de d’áitreabh
  • Léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an suíomh marcáilte go soiléir i ndath dearg uirthi 
  • Sonraíochtaí maidir le léarscáileanna na suirbhéireachta ordanáis:
    • Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, JPG, PNG nó TIF 
    • Uasmhéid an chomhaid: 20 MB
    • Scála 1:2500-1:10560

**Ba chóir go mbeadh an tógálaí nó an t-ailtire in ann an léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an plean láithreáin a thabhairt duit. Mura bhfuil siad agat, is féidir iad a cheannach ar láithreán gréasáin Thailte Éireann.

 

 

 

Comhordanáidí cruinne X/Y ITM nó GPS le suíomh agus le treoshuíomh beacht d'áitribh a dhéanamh amach

Cén chaoi ar féidir comhordanáidí ITM do láithreáin a aimsiú? 

Is iondúil gur féidir teacht ar na comhordaitheoirí lárphointe ITM sa chúinne ag an mbarr ar dheis den léarscáil suímh de chuid na suirbhéireachta ordanáis.  Scríobhtar mar dhá uimhir sé dhigit iad, iad deighilte ag camóg.  

Cén chaoi ar féidir comhordanáidí GPS do láithreáin a aimsiú? 

Léiríonn comhordaitheoirí GPS do shuíomh mar dhomhanleithead agus domhanfhad agus scríobhtar mar dhá luach uimhriúla iad, mar shampla (51.877520, -8.507442). 
 
Is é Google Maps an bealach is éasca le do chomhordanáidí GPS a aimsiú.  Ar fhón cliste nó ar ríomhaire, scaoil pionna ar shuíomh beacht do láithreáin. Beidh ort zúmáil isteach chomh fada agus is féidir leat leis an suíomh beacht a thabhairt. Le pionna a scaoileadh, cliceáil nó tapáil suíomh do láithreáin agus coinnigh síos é. 
 
Ar fhón póca, tar éis duit an pionna a scaoileadh, tadhaill é le teacht ar na comhordanáidí GPS. Ar ríomhaire deisce, tiocfaidh na comhordanáidí GPS aníos nuair a fhágann tú an biorán síos nó nuair a dhéanann tú deaschliceáil agus ansin ‘What’s here’ a roghnú. Feicfidh tú an domhanleithead agus an domhanfhad ag bun an scáileáin. 

 
Sonraí faoin ualach agus faoi thoilleadh an naisc
  • Faisnéis theicniúil shonrach iad na sonraí faoin lód agus faoi thoilleadh an naisc .  
  • Lena chinntiú go mbeidh siad i gceart, téigh i gcomhairle le do chonraitheoir leictreach.  
  • Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil leis na sonraí a theastaíonn a fheiceáil agus iarraidh ar do chonraitheoir leictreach í a chomhlánú ansin. Beidh tú in ann an fhoirm chomhlánaithe a uaslódáil mar chuid den fhoirm iarratais. 


Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí