I ngach áit sa chlár, tá réimse de tháirgí, seirbhísí agus tionscnaimh nuálacha tugtha isteach chun freastal níos fearr a dhéanamh ar ár gcustaiméirí. Seo cuid de na buaicphointí:
Foilsíodh ár bplean ilbhliantúil (atá leagtha amach anseo) in 2023. Baineadh an‑leas as aiseolas ó pháirtithe leasmhara agus ó chustaiméirí agus é á chur le chéile. Mar chuid den chlár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’, beifear fós ag cur táirgí agus seirbhísí solúbtha nua ar fáil i gcomhar le páirtithe leasmhara agus eagraíochtaí. Féachfaidh ár dtionscnaimh taighde custaiméara, oideachais agus earcaíochta le rannpháirtíocht agus feasacht custaiméirí ar na táirgí agus na seirbhísí seo a mhéadú. Tá tuilleadh eolais faoin tsolúbthacht le fáil anseo.
Tá na garspriocanna seo a leanas i measc na ngarspriocanna atáimid ag iarraidh a bhaint amach faoi láthair:
Sheol ESB Networks an clár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla in 2020 chun forbairt a dhéanamh ar na córais agus na hacmhainní a theastódh san aistriú in Éirinn go saol saor ó charbón. An sprioc atá ann ná an úsáid a bhaintear as fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú go 80% den úsáid iomlán in Éirinn. Thairis sin, féachfar leis an éileamh ar leictreachas sna buaicthréimhsí a laghdú agus leis an mbainistiú ar éileamh a fheabhsú i gcomhréir le Plean na hÉireann don Ghníomhú ar son na hAeráide.
Clár fíorthábhachtach atá anseo má táthar chun leas a bhaint as úsáid fuinnimh in‑athnuaite chun spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach. Táthar ag dul i ngleic ar an gclár leis an bhfás ar an éileamh toisc go bhfuil réimsí teasa agus iompair á leictriú agus, san am céanna, táthar ag féachaint lena dheimhniú go mbeidh soláthar leictreachais slán sábháilte ann.
Tionscadal ilbhliantúil atá sa chlár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ a athróidh ó bhonn an chaoi a ndéantar bainistiú ar leictreachas in Éirinn. Sna deich mbliana amach romhainn, glacfaidh custaiméirí—idir ghineadóirí fuinnimh in‑athnuaite agus úsáideoirí móra, árais chónaithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí—le teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua, rud a athróidh an chaoi a ndéanann siad leictreachas a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid. Agus béim ar leictreachas in‑athnuaite á ghiniúint go háitiúil, déanfaidh an clár a chinntiú go mbeifear in ann an chumhacht a thuar, a mhonatóiriú agus a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil.
Tá fás ag teacht de réir a chéile ar an ról atá ag custaiméirí agus ag pobail lena n‑úsáid leictreachais a bhainistiú. Chuige sin, tá córas dáileacháin slán sábháilte á fhorbairt againn ina gcuirfear riachtanais nua áitiúla agus réigiúnacha san áireamh chun tionchar dearfach a imirt sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.
Tá an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide dírithe ar an gcaoi a mbaineann daoine aonair agus pobail úsáid as fuinneamh, fuinneamh in‑athnuaite go háirithe, seachas ar ghiniúint ar an mórscála amháin. Táimid tar éis gníomhaíochtaí sonracha a ghlacadh ar fud earnálacha den tsochaí, lena n‑áirítear:
Teas:
Iompar:
Giniúint cumhachta:
Custaiméirí a chumhachtú:
Tacóidh na hathruithe seo le leictriú méadaithe táirgí agus seirbhísí do thithe, feirmeacha agus gnólachtaí ar fud na hÉireann.