Mol páirtithe leasmhara

Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara
Má táimid chun gréasán cuimsitheach a thógáil a thacaíonn le riachtanais fuinnimh mhuintir uile na hÉireann, ní mór dúinn éisteacht le tuairimí agus léargais éagsúla agus meas a léiriú orthu. Caithfimid a bheith trédhearcach agus ár gcuid pleananna a chur in iúl. Ní mór dúinn eolas a chur ar fáil don earnáil tionsclaíochta ar bhealach oscailte tráthúil. Ní mór dúinn plé agus obair a dhéanamh i gcomhar le custaiméirí agus leis an earnáil tionsclaíochta.
Bí páirteach sa phlé
- Seo deis duit aithne a chur ar ár gComhairle Chomhairleach (miontuairiscí ó chruinnithe agus ó láithreoireachtaí san áireamh).
- Gheobhaidh tú na comhairliúcháin atá ar siúl faoi láthair/ glaonna ar ionchur – ba mhór againn d’ionchur maidir leis na nithe seo go léir.
- Áit le clárú dár mbunachar sonraí páirtithe leasmhara chun fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn an chláir.
Ba bhreá linn aiseolas uait
Cabhraíonn ESB Networks le gach custaiméir leictreachais agus le gach pobal páirt ghníomhach a ghlacadh chun plean na hÉireann um ghníomhú ar son na haeráide a chur i ngníomh. Lorgaímid aiseolas ar bhonn rialta ó pháirtithe leasmhara tionsclaíochta agus ó chustaiméirí chun cabhrú linn ár gcláir, gníomhaíochtaí agus pleananna a mhúnlú.
Cinnteoimid go mbeidh líonra leictreachais na hÉireann ullamh chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí a bheidh de shíor ag athrú i saol glan leictreach amach anseo.