Cén chaoi RM agus sraithuimhir do mhéadair a aimsiú
Aimsigh ar do mhéadar iad
Tá RM agus sraithuimhir do mhéadair luaite ar aghaidh do mhéadair. Mar shampla, sa phictiúr seo, is é 534 an RM agus 41053319 an tsraithuimhir (os cionn an bharrachóid).
Bíodh an uimhir seo ar eolas agat sula gcuirfidh tú glao ar ár Lárionad Teagmhála Náisiúnta do Chustaiméirí ar 1800 372 757
Cén fáth a mbeadh RM agus sraithuimhir mo mhéadair ag teastáil?
Má tá tú díreach tar éis bogadh isteach in áitreabh nó in oifig nua agus mura fios duit d’uimhir MPRN, is féidir linn cabhrú leat í a aimsiú trí RM agus sraithuimhir do mhéadair a úsáid.
Conas teacht ar do MPRN
Más custaiméir cláraithe thú, is féidir leat do MPRN a aimsiú freisin ar do bhillí ó do sholáthraí leictreachais. Tosaíonn sé ar na digití “10” agus tá 11 dhigit ar fad ann. Uimhir uathúil atá san MPRN a shanntar don nasc leictreachais agus don mhéadar atá agat.
Is féidir leat teacht ar do MPRN trí chuntas ar líne ESB Networks a chruthú.