Méadair thraidisiúnta – fabhtanna leis an gclog ama
Méadair thraidisiúnta – Fabhtanna leis an gclog ama a Réiteach
Cúlra
Mar chuid de ról ESB Networks mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, tá ESB Networks ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) le seirbhísí méadair agus sonraí a chur ar fáil don mhargadh leictreachais in Éirinn.
Déanaimid na méadair thraidisiúnta a léamh suas le ceithre huaire sa bhliain agus tugaimid na léamha méadair siúd do sholáthraithe leictreachais. Úsáideann soláthraithe leictreachais na léamha méadair ansin le húsáid leictreachais a ríomh agus lena gcustaiméirí a shonrascadh i gcomhréir leis an gconradh agus leis an taraif atá aontaithe idir an soláthraí agus an custaiméir. Má bhíonn ceisteanna ag custaiméir a bhaineann le sonraisc nó taraifí, ba chóir iad a chur ar an soláthraí cláraithe i dtús báire.
Mar chuid den Phlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide, tá na méadair leictreachais thraidisiúnta go léir ar fud na hÉireann le huasghrádú ag ESB Networks ina méadair chliste faoin mbliain 2025. Is iomaí buntáiste a bhaineann le méadair chliste. Cuireann siad níos mó faisnéise ar fáil níos tapúla do chustaiméirí agus do ESB Networks.
Méadair thraidisiúnta – fabhtanna leis an gclog ama agus réiteach na bhfabhtanna sin
Is le méadair thraidisiúnta lae/oíche agus le cloig ama a bhaineann an fhaisnéis seo a leanas.
Fabhtanna a aithint
D’fhéadfadh ESB Networks fadhb le méadar traidisiúnta nó trealamh cloig ama a aithint ar bhealaí éagsúla:
Déanann léitheoir méadair nó teicneoir ar conradh de chuid ESB Networks iniúchadh ar an méadar agus tuairiscíonn fadhb.
Aithnítear fadhb a bheith ann tar éis iarracht a dhéanamh léamh méadair a bhailíochtú.
Aithnítear fadhb a bheith ann mar thoradh ar anailís arna déanamh ag ESB Networks nó ag an soláthraí.
Má thugaimid faoi deara go bhféadfadh fadhb a bheith ar do mhéadar traidisiúnta lae/oíche nó ar do threalamh cloig ama, scríobhfaimid chugat le thú a chur ar an eolas.
Féadfaidh custaiméirí fadhb a aithint. Má chreideann tú go bhféadfadh fadhb a bheith ag baint le do mhéadar agus/nó an clog ama, ba chóir duit dul i dteagmháil le do sholáthraí a dhéanfaidh an fhadhb a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl do ESB Networks thar do cheann.
Mar sin féin, má bhíonn tú imníoch ó thaobh sábháilteachta de i gcás do mhéadair, ba chóir duit an fhadhb a thuairisciú go díreach do ESB Networks ar ár n-uimhir éigeandála 1800 372 999.
Fadhbanna a réiteach
Fiosróidh ESB Networks an fhadhb fhéideartha. Mar chuid den obair sin, b’fhéidir go dtabharfaí cuairt ar láithreán an mhéadair chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh nó chun an méadar agus/nó an clog ama a athsholáthar. Coimeádaimid cuntas ar an trealamh go léir a athsholáthraíodh. Má dhéanfar an méadar a mhalartú le linn na cuairte, cuirfidh do sholáthraí leictreachais ar an eolas thú.
Ídiú stairiúil leictreachais a choigeartú
Má thugtar méadar lae/oíche nó clog ama ionaid duit, déanfaimid athbhreithniú tar éis gur réitíodh d’fhabht féachaint an dteastaíonn d’ídiú stairiúil a choigeartú.
Má tá aon choigeartú le déanamh, déanfaimid anailís ar d’ídiú stairiúil mar aon le haon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil chun tréimhse lochtach a dhéanamh amach. As sin, gheofar meastachán tosaigh ar an ídiú bunaithe ar phatrúin stairiúla ídithe. In amanna, ní bheifear in ann an fhaisnéis stairiúil faoin ídiú a úsáid chun coigeartú ídithe a ríomh. D'fhéadfadh a leithéid teacht chun cinn mura mbíonn sé soiléir cén dáta ar teipeadh ar an trealamh. Dá dtarlódh sé sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar ESB Networks sonraí ídithe ón méadar agus/nó ón gclog ama nua a úsáid chun an coigeartú a ríomh.
Mar sin féin, mura bhfaightear aon léamh iarbhír don mhéadar agus/nó clog ama nua laistigh de 4 mhí tar éis an trealamh a athsholáthar, úsáidtear cóimheas 62:38 (an meánroinnt idir ídiú lae agus oíche) leis an gcoigeartú a ríomh. Bunaítear an chionroinnt ar Lámhleabhar Soláthraí an CRU.
Má dheimhnímid go ndearnadh na haonaid mheasta a dháileadh go mícheart ar an gclár Lae agus má tá coigeartú creidmheasa le híoc leat, scríobhfaimid chugat le thú a chur ar an eolas. Ní ga duitse aon rud a dhéanamh mar gheall go dtabharfaimid na haonaid mheasta tosaigh freisin don soláthraí a bhfuil tú cláraithe leis faoi láthair, ar aon dul leis na Rialacha maidir le Cur chun Feidhme Ghrúpa Taraife DuoS. Ba cheart go gcuirfeadh an soláthraí na haonaid do shochar do chuntas ansin. Ba cheart gach ceist a bhaineann le cúrsaí billeála a chur chuig do sholáthraí leictreachais. Sa chás go raibh tú cláraithe le soláthraí/soláthraithe eile le linn na tréimhse atá i gceist, cuirfear an aisíocaíocht iomlán in iúl don soláthraí cláraithe reatha. Faoi Alt 11 den Acht um Reacht na dTréimhsí, 1957, beidh feidhm le haon aisíoc go ceann sé bliana ar a mhéad ón dáta a réiteofar an fhadhb leis an méadrú.
Is féidir leis an soláthraí cláraithe reatha tuilleadh plé a dhéanamh le ESB Networks thar do cheann maidir leis an ríomh tosaigh. Is féidir leat faisnéis bhreise a chur ar fáil freisin, tríd an soláthraí, maidir le patrúin ídithe fuinnimh a d’fhéadfadh ESB Networks a mheas chun teacht ar an gcoigeartú a theastaíonn.
Ní dhéanfaidh ESB Networks coigeartú siarghabhálach ar an gcuntas i gcás go ríomhtar go bhfuil táille bhreise le híoc. Mar sin féin, b’fhéidir go dtiocfaidh méadú ar d’ídiú arna thaifeadadh ag an méadar agus/nó an clog ama nuair a dhéanfar an fhadhb leis an méadar a réiteach. Mar sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú ar an gcostas sna billí a gheobhaidh tú ó do sholáthraí.
Déantar gach athbhreithniú ar chuntas go hoibiachtúil agus bunaítear iad ar an Lámhleabhar do Sholáthraithe de chuid an CRU. Mar gheall ar an tsamhail rialála faoina n-oibrítear ESB Networks, ní dhéanann luach aon choigeartaithe a ríomhtar difear ar bith dúinn ó thaobh cúrsaí airgeadais Féach Ioncaim agus Táillí Líonraí Fuinnimh an CRU - Liúntas 5 Bliana chun teacht ar eolas breise.