Clár é an clár um an méadrú cliste faoina bhfuil gach méadar leictreachais in Éirinn le huasghrádú. Athraíonn méadair chliste an chaoi a ndéantar leictreachas a thomhas agus a bhainistiú ó bhonn. Laghdaíonn siad an gá le billí measta agus tugann siad faisnéis i bhfad níos fearr do chustaiméirí faoin méid leictreachais a úsáideann siad.
Tá an méadar cliste i gcroílár na n-iarrachtaí le líonra digiteach leictreachais a chur ar fáil. Líonra digiteach leictreachais ionas go mbeimid in ann plé le níos mó fuinneamh in-athnuaite fós agus tacú le leictriú an iompair agus an teasa, leis.
Is ar mhaithe leatsa atá an méadar cliste chomh maith de bharr go dtabharfaidh sé léargas duit trí chuntas ar líne ESB Networks ar an méid leictreachais a úsáideann tú, rud a thabharfaidh an chumhacht duit smacht a fháil ar an úsáid sin agus ar do chuid billí.
Bí linn i gcuideachta 1.9 milliún áras cónaithe, feirm agus gnólacht. Cláraigh inniu le méadar cliste a fháil.
Cláraigh le méadar cliste a fháil