Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Micrighiniúint

An gá daoibh i ngach cás méadar cliste a shuiteáil a dhéanfaidh an easpórtáil a thaifeadadh?

Is gá. Má tá tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, beidh ort méadar cliste a bheith agat le híocaíocht a fháil as an méid fuinnimh a dhéanann tú a easpórtáil. I gcás go bhfuil custaiméir i dteideal méadar cliste, déanfaidh ESB Networks a dhícheall méadar cliste a shuiteáil tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis do ESB Networks foirm bhailí NC7 a phróiseáil.

 

Ní bheidh íocaíocht as easpórtáil ag dul duit le linn na tréimhse feithimh le méadar cliste a shuiteáil. Déanfaidh ESB Networks teagmháil leat roimh shuiteáil do mhéadair chliste. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár um méadrú cliste, féach An tUasghrádú chuig Méadair Chliste 

 

Mura bhfuil tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den chlár, féadfar tú a íoc bunaithe ar ríomh measta easpórtála. 

 

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, agus cén sórt méadair a chaithfidh tú a bheith agat, féach láithreán gréasáin an CRU ag an nasc seo: Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte - an Coimisiún um Rialáil Fóntais (cru.ie)

Cé iad na limistéir den Líonra Leictreachais ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil?

Is féidir an t-eolas seo a fháil ar leathanach gréasáin Líonraí BSL dar teideal Léarscáil den Acmhainn atá ar Fáil agus tá míniú ar an léarscáil ar fáil sna Ceisteanna Coitianta maidir leis an Léarscáil Acmhainne. 

Cad iad na Scéimeanna Iarratais ar Ghiniúint a mbaineann tairiscintí naisc LMEC leo faoi láthair?

Faoi láthair, níl tairiscintí Uasacmhainne Easpórtála Teoranta ar fáil ach amháin d'iarratasóirí atá ag lorg nasc faoi na Scéimeanna Mionghiniúna agus na Scéimeanna Giniúna ar an Mionchóir.  

Cén leibhéal Uasacmhainne Easpórtála (MEC) a thairgtear faoi LMEC?

Éilíonn tairiscintí naisc LMEC go mbeidh easpórtáil an chórais teoranta  do na hUasacmhainní Easpórtála seo a leanas: 

  • 6kVA más céim aon phas an nasc,  
  • 11kVA más céim 3 phas an nasc agus é á nascadh leis an líonra Ísealvóltais nó Meánvóltais
An bhfuil baint idir an Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) agus méid an chórais is féidir liom a shuiteáil faoi na scéimeanna éagsúla?

Cuireann an LMEC srian ar mhéid na heaspórtála atá ar fáil ó naisc nua um Micrighiniúint agus Giniúint ar an Mionchóir nua suas go méid nach mó ná 6KVA (aon phas), 11kVA (trí phas), beag beann ar mhéid an chórais atá suiteáilte. Saintréithe teicniúla an naisc áitiúil is ea a chinneann na teorainneacha a bhaineann le méid an ghineadóra is féidir a shuiteáil. Go ginearálta, éileoidh tairiscintí naisc LMEC go suiteálfar Scéim Teorannaithe Easpórtála (ELS) chun easpórtáil an chórais a theorannú ag an Uasacmhainn Easpórtála ceadaithe (MEC) go méid nach mó ná 6KVA (aon phas), 11kVA (trí phas). Is féidir tuilleadh eolais faoi ELS a fháil anseo.  

Cén fáth go bhfuil gá le tairiscintí naisc a eisiúint le haghaidh Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?

Ionas gur féidir a chinntiú go gcoinneofar sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht na heangaí, is gá dúinn a leithéid seo de nasc a thairiscint i limistéir ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil ar an líonra leictreachais.  

Céard atá i gceist le hUasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?

Is éard atá i gceist leis an téarma Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) ná na naisc um Micrighiniúint agus um Ghiniúint ar an Mionchóir atá ar fáil sna limistéir sin den líonra leictreachais ina  bhfuil líon mór nasc le gineadóirí easpórtála i bhfeidhm cheana féin, i gcoibhneas leis an acmhainn líonra leictreachais atá ar fáil ag leibhéil voltais níos airde sa suíomh sin. Ciallaíonn sé go bhfuil acmhainn theoranta ar fáil faoi láthair chun glacadh le tuilleadh nasc easpórtála. 

Tá gineadóir leabaithe agam mar Chúltaca ar sholáthar éigeandála (gineadóirí comhthreomhara gearrthéarmacha) agus ní nascann leis an líonra ach ar feadh tréimhsí gearra. An gá dom é a fhógairt ar m'iarratas, agus an mbeidh tionchar aige ar mo MIC?

Más rud é nach mbíonn an gineadóir riamh comhthreomhar leis an líonra leictreachais, nó nach bhíonn sé comhthreomhar leis ach amháin le haghaidh 3 nóiméad agus é ag casadh ar/as ar feadh tréimhse nach mó ná 5 nóiméad sa mhí, luaitear ar an bhfoirm iarratais iad mar Ghiniúint atá ann cheana. Ní áirítear an acmhainn giniúna suiteáilte a bhaineann leis an ngineadóir seo agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal foriomlán na giniúna atá suiteáilte ar an láithreán chun críche Mion-Ghiniúna, Giniúna ar Scála Beag nó chun measúnú a dhéanamh ar Ghiniúint Iomlán Suiteáilte.

Tá m’iarratas ar athrú MIC ar feitheamh i gcóras ESB Networks. An féidir iarratas ar Ghiniúint ar Scála Beag a chur isteach agus mé ag fanacht go gcuirfear an t-athrú MIC i gcrích?

Is féidir. Is féidir linn freastal ar iarratais NC7 ar Ghiniúint ar Scála Beag ag an am céanna agus athrú MIC, más rud é gur tháinig an t-iarratas ar athrú MIC isteach tríd an gcainéal iarratais ábhartha agus go bhfuil sé á phróiseáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mír ‘Do leibhéal Soláthair a Athrú’

 

Ní rachaidh an t-iarratas um Mion-Ghiniúint chun cinn ach amháin go comhthreomhar leis an iarratas ar mhéadú MIC agus beidh sé ag brath ar dhul chun cinn agus cur i gcrích an iarratais sin. 

 

Tabhair faoi deara: Ní chinntíonn méadú ar an MIC go mbeidh tú in ann an MEC iomlán atá uait a fháil. Ní féidir é sin a chinneadh ach amháin trí staidéar teicniúil sonrach a dhéanamh ar an líonra áitiúil, rud a dhéanfar mar chuid den phróiseas agus a chuirfidh bonn eolais faoin MEC atá ar fáil, nó faoi imlíne ar an obair athneartaithe a theastaíonn chun MEC sonrach a chumasú. Féadfaidh athróga éagsúla amhail fad ón gclaochladán, an acmhainn atá ar fáil, armónaigh, éagothroime féideartha, etc. tionchar a imirt ar thorthaí an staidéir sin. Mar sin, molaimid do chustaiméirí fanacht go mbeidh an staidéar seo curtha i gcrích agus a dtairiscint naisc faighte acu sula ndéantar cinneadh ceangailteach maidir le mionsonraí deiridh a suiteála.

An féidir córas lena mbaineann Acmhainn Iomlán an Inbhéartóra Suiteáilte (TIIC) níos mó ná an MEC a shuiteáil?

Is féidir Acmhainn Iomlán an Inbhéartóra Suiteáilte (TIIC) a bheith níos mó ná MEC an láithreáin in imthosca áirithe, trí leas a bhaint as Scéim Teorannú Easpórtála oiriúnach. Nuair a bhíonn Acmhainn Iomlán an Inbhéartóra Suiteáilte níos mó ná an MEC, ní mór Foirm Dearbhaithe Táirge an Déantóra um Scéim Teorannú Easpórtála a chur ar fáil - tá an teimpléad ar fáil anseo. Caithfidh an Déantóir an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú. Nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach, cinnfear leibhéal an MEC atá ar fáil ar an líonra reatha, nó leagfar amach imlíne ar an obair athneartaithe a theastaíonn chun MEC ar leith a chumasú, trí staidéar teicniúil sonrach a dhéanamh ar an ngréasán áitiúil mar chuid den phróiseas. Féadfaidh athróga éagsúla amhail fad ón gclaochladán, an acmhainn atá ar fáil, armónaigh, éagothroime féideartha, etc. tionchar a imirt ar thorthaí an staidéir sin. Mar sin, molaimid do chustaiméirí fanacht go mbeidh an staidéar seo curtha i gcrích agus a dtairiscint naisc faighte acu sula ndéantar cinneadh ceangailteach maidir le mionsonraí deiridh a suiteála.  

Chuir mé iarratas isteach roimhe seo chun Gineadóir Comhthreomhar (Neamh-Easpórtála) a fháil. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Mhion-Ghiniúint anois?

Is féidir le custaiméirí a rinne iarratas roimhe seo ar MEC = 0 iarratas eile a dhéanamh ar Mhion-Ghiniúint. Má tá an próiseas iarratais roimhe seo curtha i gcrích, lena n-áirítear tástáil rathúil finné, is féidir leis an ngineadóir leanúint ar aghaidh ag feidhmiú faoi rialacha MEC=0 go dtí go gcuirfear an t-iarratas ar Mhion-Ghiniúint i gcríoch. Mura bhfuil an próiseas iarratais neamh-easpórtála curtha i gcrích, áfach, caithfear é seo a chealú agus iarratas nua a chur isteach maidir le Mion-Ghiniúint. Sa chás seo, ní féidir an gineadóir a nascadh go dtí go mbeidh tástáil finné déanta go rathúil.  

An riachtanas é cead pleanála deiridh a bheith faighte sula ndéantar iarratas ar an scéim um Mion-Ghiniúint?

Cé nach bhfuil fianaise maidir le Cead Pleanála ag teastáil uainn chun iarratas ar Ghiniúint ar Scála Beag a phróiseáil, is ar an gcustaiméir atá an dualgas a chinntiú go bhfuil an Cead Pleanála ceart i bhfeidhm de réir na comhairle contae áitiúil. 

An bhfaighidh mé méadar nua nuair a bheidh mo mhionghineadóir suiteáilte?

I gcás go mbeidh gá le méadar nua leis an méid a easpórtáiltear a thomhas, sceidealófar an obair leis an méadar nua a shuiteáil faoin gClár um Méadrú Cliste atá ar bun faoi láthair.

 

Tá an Clár um Méadrú Cliste ag obair faoi láthair le gnáth-mhéadair aon phas 24 ur (MCC01) a athsholáthar. Faoi na rialacha reatha atá fógartha ag an CRU, má tá tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, beidh ort méadar cliste a bheith agat le híocaíocht a fháil as an méid fuinnimh a dhéanann tú a easpórtáil. I gcás go bhfuil custaiméir incháilithe do mhéadar cliste, déanfaidh ESB Networks a dhícheall méadar cliste a shuiteáil tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dó foirm iarratais bhailí maidir le micrighiniúint (NC7) a phróiseáil. Déanfaidh ESB Networks teagmháil leat roimh shuiteáil do mhéadair chliste. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár um méadrú cliste, féach an tUasghrádú chuig Méadair Chliste

 

Mura bhfuil tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, tá sé leagtha amach ag an CRU go n-íocfar thú bunaithe ar ríomh measta easpórtála go dtí go mbeidh méadar cliste oiriúnach ar fáil le haghaidh an chineáil naisc atá agat agus é suiteáilte mar chuid de rolladh amach céimnithe an Chláir um Méadú Cliste. Fógróidh an CRU sonraí faoin ríomh sin in am trátha.

 

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, agus cén sórt méadair a chaithfidh tú a bheith agat, féach láithreán gréasáin an CRU ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte

Cén chaoi ar féidir liom clárú le híocaíocht a fháil as leictreachas breise?

Faoin bpróiseas déanta iarratais mionghiniúna, a luaithe a bheidh an Deimhniú gur Suiteáladh Mionghiniúint faighte ag ESB Networks, déanfaimid d’Uasacmhainn Easpórtála (MEC) a nuashonrú agus cuirfimid do sholáthraí leictreachais ar an eolas. Toisc nach bhfuil ESB Networks freagrach as ceannach ná díol leictreachais, beidh ort comhaontú a bheith agat le do Sholáthraí Leictreachais go gceannóidh sé an leictreachas a bheidh tú ag easpórtáil.

 

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, agus cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, féach láithreán gréasáin an CRU ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte.

An bhfuil difríocht idir iarratas ar Mhicrighiniúint agus iarratas ar Mhionghiniúint?

Tá.

 

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Mhicrighiniúint trí phróiseas simplí "cuir in iúl agus suiteáil", rud a dhéantar trí Fhoirm NC6 (Íoslódáil an PDF | 144 KB) a chur isteach chuig ESB Networks. Is féidir an próiseas iarratais seo a úsáid le gineadóir aon phas a nascadh arb é 6 kVA a uasacmhainn easpórtála nó gineadóir trí phas a nascadh arb é 11 kVA a uasacmhainn easpórtála.

 

I gcás na Mionghiniúna, is féidir gineadóirí inbhéartóir-nasctha suas le 17 kVA ar a mhéad (aon phas) agus suas le 50kVA ar a mhéad (trí phas) a nascadh. Is féidir iarratas a dhéanamh sa chatagóir seo trí fhoirm NC7 a chur isteach chuig ESB Networks.

Cén cineál oibreacha nasctha a dhéanann ESB Networks a d’fhéadfadh a bheith luaite i dtairiscint nasctha maidir le Mionghineadóir?

Seo thíos liosta neamh-uileghabhálach de na hoibreacha nasctha a dhéanann ESB Networks a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le Mionghineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais:

 

  • Claochladán a uasghrádú
  • Cuid de líne lasnairde nó cábla faoi thalamh a uasghrádú
Cén costas atá ar mhionghineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais?

Is é an táille iarratais chun iarratas a dhéanamh ar nasc ghineadóir are Scála Beag ná €995 móide CBL @ 23% (€1,223.85). Clúdaíonn an táille seo measúnú teicniúil ar an mionghineadóir ar an líonra leictreachais. Déanfar cinneadh de réir an mheasúnaithe theicniúil faoi cibé acu an gá do ESB Networks oibreacha nasctha a dhéanamh leis an ghineadóir a nascadh nó nach gá. Is é an custaiméir a íocfaidh as na hoibreacha sin. Aon oibreacha a bheidh ag teastáil, beidh siad luaite sa tairiscint nasctha agus eiseofar iarratas ar éarlais ag an am céanna leis an tairiscint nasctha. Caithfear an éarlais a íoc le bheith in ann glacadh leis an tairiscint nasctha agus dul ar aghaidh le nascadh an ghineadóra.

An féidir liom mo mhionghineadóir a nascadh le córas ísealvoltais (LV) ESB Networks?

Cinnte. Is féidir leat mionghineadóir a nascadh i dtreocheangal le ESB Networks ar chuntar go bhfuil na ceanglais atá sa doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" comhlíonta agat.

Le heolas a chur ar an bpróiseas, léigh an doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" (Íoslódáil an PDF | 503 KB).

Can’t find what you’re looking for? We’re here to help.

Contact us