Naisc atá ann cheana
Caithfidh mé m’áitreabh a dhínascadh ón líonra leictreachais. Céard is gá dom a dhéanamh?
Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais agus abair leo gur mian leat do sholáthar leictreachais a dhínascadh. Más mian leat go mbainfear an méadar, is féidir le do sholáthraí socruithe a dhéanamh le go ndéanfar amhlaidh ag an am céanna. Bíodh d’uimhir chuntais nó do MPRN agat. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM) atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.
Tá oibreacha athchóirithe á ndéanamh agam ar m'áitreabh gnó. Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go ndínascfaí an chumhacht go sealadach?
Téigh chuig Soláthar a Dhínascadh leis an bhfaisnéis sin a fháil
Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go mbainfí méadar d'áitreabh tar éis a dhínasctha?
Táim ar tí síneadh a thógáil ar mo theach agus caithfidh mé an méadar a bhogadh. Cén chaoi ar féidir liom an méid sin a dhéanamh?
Lena fháil amach cén chaoi bogadh méadair a iarraidh, téigh go Suíomh do Mhéadair a Bhogadh
Cad ba chóir dom a dhéanamh más gá dom an acmhainn soláthair leictreachais chuig m’áitreabh tráchtála a mhéadú/a laghdú?
Beidh ort iarratas a dhéanamh ar líne chun an acmhainn soláthair leictreachais chuig d’áitreabh tráchtála a mhéadú/a laghdú.
Le tuilleadh eolais a fháil: