Bainistigh méadar
Níl ag éirí liom teacht ar mo MPRN i mo Chuntas ar Líne ESB Networks?
Táim ag iarraidh mo MPRN a nascadh le mo chuntas ach níl ag éirí liom?
Éilíonn ESB Networks ort a fhíorú gur tusa custaiméir cláraithe an MPRN chun rochtain a fháil ar go leor de na seirbhísí atá ar fáil ar do Chuntas ar Líne ESB Networks. Chun é sin a dhéanamh, seoltar SMS chuig an bhfón póca a bhaineann leis an MPRN sin. Is éard atá i gceist anseo ná an uimhir fóin póca a thug do sholáthraí leictreachais do ESB Networks. Nuair a dhéanann tú iarracht an MPRN a nascadh, taispeántar ar an scáileán na trí dhigit dheireanacha den uimhir fóin póca a gcuirfear an SMS chuige.
Bíodh sin mar atá, NÍ MÓR don uimhir fóin póca agus don ainm atá cláraithe ar do chuntas a bheith ag teacht leis na sonraí a thug do sholáthraí leictreachais dúinn nó ní sheolfar an SMS. Cinntigh go n‑úsáidfidh tú na sonraí a luaitear ar do bhille leictreachais le clárú.
Ní mór gur tusa an custaiméir atá cláraithe leis an MPRN chun é a nascadh le do Chuntas ar Líne ESB Networks. Más rud é go bhfuil tú díreach tar éis bogadh isteach in áitreabh agus nach bhfuil tú cláraithe go hiomlán le soláthraí fuinnimh go fóill, ní bheidh tú in ann an MPRN a nascadh. A luaithe a bheidh tú cláraithe leis an MPRN, áfach, beidh tú in ann teacht ar ais chuig do Chuntas ar Líne ESB Networks agus an MPRN a nascadh le do chuntas.
Cén fáth nach bhfuil mo MPRN nasctha le mo Chuntas ar Líne ESB Networks a thuilleadh?
D’fhéadfadh sé go mbainfí d’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) de do Chuntas ar Líne ESB Networks má thug tú le fios ar an láithreán gréasáin roimhe seo gur mhaith leat go mbainfí amhlaidh.
Rud eile a d’fhéadfadh tarlú ná athrú ar an úinéireacht dhlíthiúil, rud a d’fhágfaí nach tusa custaiméir cláraithe an MPRN sin a thuilleadh, m.sh. níl cónaí ort san áitreabh sin a thuilleadh. Más rud é go raibh míthuiscint ann, glaoigh ar ESB Networks ar 1800 372 757. Má tá tú taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar 021 2386555.
Cad a chiallaíonn na huimhreacha atá ar an méadar digiteach?
- An méid creidmheasa atá fágtha, arna ríomh i laethanta
- Costas na húsáide le déanaí
- An dáta agus an t-am reatha ar an méadar
- Sonraí na gcód ón 5 bhreisiú creidmheasa dheireanacha
- Luach iomlán na mbreiseanna a íocadh
- Ídiú leictreachais reatha
- Ráta an bhuanmhuirir in aghaidh an lae agus an ráta aonaid
- Sonraí faoin leibhéal is airde úsáide le 24 uair an chloig anuas
- Líon na n-aonad a úsáideadh
- Tástáil taispeána
Cad is brí le "Incorrect" (mícheart) ar mo mhéadar?
Cad is brí le "Accepted" (glactha) ar mo mhéadar?
Ní bhfuair mé an r-phost deimhnithe?
Gheobhaidh custaiméirí deimhniú go bhfuarthas a n-iarratas fad is atá siad logáilte isteach sa Chuntas ar Líne, agus seolfar deimhniú chuig an seoladh r-phoist atá luaite leis an gCuntas ar Líne. Is ón seoladh r-phoist no-reply@customerportal.esbnetworks.ie a sheolfar an deimhniú.
Mura bhfaigheann tú r-phost ó ESB Networks, féach i d’fhillteán dramhphoist.
Cé chomh minic is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Mheasúnaithe ar Fhadhb Voltais trí mo Chuntas ar Líne?
Ba mhaith liom m’ordú a chur ar ceal – conas is féidir liom é sin a dhéanamh?
Cad is MPRN ann?
Tá an MPRN le fáil ag barr an leathanaigh ar an mbille leictreachais ón soláthraí leictreachais.
- Is éard is Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) ann ná uimhir uathúil 11 dhigit a úsáidtear le do sheoladh a aithint.
- Úsáideann gach soláthraí iad leis na sonraí a thagann isteach ó áitreabh faoi leith ó thaobh soláthair de a sheiceáil.
- Tá a MPRN féin ag gach áitreabh. Ní thiocfaidh aon athrú air choíche.
Cad é an dóigh le léamh méadair a chur isteach?
Más mian leat léamh méadair a ghlacadh, caithfidh tú a bheith ar an eolas maidir le cén cineál méadair atá agat.
Cé chomh minic is a léifear an méadar leictreachais?
Léifear é 6 uaire in aghaidh na bliana, gach dhá mhí.
Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go nglacfaidh ionadaí ó ESB Networks ceithre léamh iarbhír in aghaidh na bliana ag do theach. Meastacháin iad an dá léamh eile bunaithe ar phatrúin úsáide roimhe sin.