Méadair íoc-mar-a-úsáidtear
Cad é an dóigh le léamh méadair a dhéanamh ar an Méadar íoc-mar-a-úsáidtear?
Má bhíonn ceist agam faoin méadar, cé ar cheart dom teagmháil a dhéanamh leis?
Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais le haghaidh gach ceiste.
Cén chaoi ar féidir liom Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear a fháil?
Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais le fáil amach an féidir leis an soláthraí ceann a sholáthar duit.
Cad is brí le “Earráid” ar mo mhéadar?
Tá uimhir fágtha ar lár agat nó chuir tú an cód don bhreisiú creidmheasa isteach go rómhall. Bain triail as arís.
Cad is brí le "Duplicate" (dúblach ar mo mhéadar?
Cuireadh an cód breisithe creidmheasa sin isteach cheana féin. Ní féidir an cód céanna a chur isteach ar an méadar níos mó ná uair amháin. Brúigh uimhir 4 agus feicfidh tú na 5 chód dheireanacha a cuireadh isteach.
Cad is brí le "No Comms" (Cumarsáid ar bith) ar mo mhéadar?
Is éard is brí leis sin ná go bhfuil an chumarsáid caillte idir eochaircheap an chustaiméara agus an méadar. Bain triail as é a phlugáil isteach i soicéad eile.
Cad a tharlóidh don soláthar leictreachais má bhím as baile?
Agus tú as baile, bainfear buanmhuirir agus muirir eile de chreidmheas an mhéadair go leanúnach. Déan a chinntiú go mbeidh go leor creidmheasa ar an méadar leis an soláthar a choinneáil ag imeacht go dtí go dtiocfaidh tú ar ais.
Cad is méadar ‘Íoc-mar-a-Úsáidtear’ ann?
Is éard is méadar íoc-mar-a-úsáidtear ann méadar dá gceannaíonn duine creidmheas roimh ré. Cuirtear an creidmheas sin isteach sa mhéadar sula n-úsáidtear an leictreachas.
Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear
Cén chaoi ar féidir liom Creidmheas a cheannach?
Tabhair an cárta íoc-mar-a-úsáidtear nó uimhir an eochairchip chuig an ionad Payzone nó PayPoint is cóngaraí duit. Beidh tú in ann an creidmheas atá uait a cheannach ansin.
Bí ag faire amach do shiopaí a bhfuil comharthaí Payzone nó PayPoint orthu nó déan teagmháil leis an soláthraí leictreachais.
Cad is brí le "Rejected" (diúltaithe) ar mo mhéadar?
Tá cód mícheart curtha isteach agat. Caithfidh tú an eochair * a bhrú lena scriosadh.